Athrú stairiúil ar bhunreacht CnaG

De thoradh rúin a glacadh ag Ard-Fheis Conradh na Gaeilge beidh an eagraíocht ag gníomhú “ar son Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” as seo amach

Ciarán Mac Giolla Bhéin
Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bhí mórtas ar leith le mothú i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite agus scaifte Gael as gach cearn den tír tagtha le chéile d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán an Europa i lár na cathrach. Ba é seo an chéad uair don Ard-Fheis a bheith ar siúl i mBéal Feirste ón bhliain 1996, dhá bhliain sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Thug an Feirsteach Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, faoin ardán ina chathair dhúchais féin Dé Sathairn agus léirigh sé a bhród agus a bhuíochas as an ghlúin a tháinig roimhe.

“Rugadh agus tógadh mé sa chathair seo agus is táirge mé den ghluaiseacht spleodrach teanga a tháinig chun cinn i mBéal Feirste san am sin, pobal a thóg fís uaillmhianach Ghaelach ó luaithreach na coimhlinte, fís atá á fíorú lá i ndiaidh lae go fóill.”

D’aithin sé fosta na “tonnta móra” a bhí le mothú i measc phobal Bhéal Feirste agus pobal na nGael i gcoitinne agus ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe’ mar théama Ard-Fheis 2026.

“Tríocha bliain ó shin ag an Ard-Fheis anseo bhí Béal Feirste agus an tír i gcoitinne i mbéal athruithe suntasacha polaitiúla agus an próiseas síochána faoi lán seoil. Tríocha bliain níos moille, tá na tonnta móra céanna le mothú i dtaobh todhchaí athaontaithe na tíre.”

Moladh agus glacadh le trí rún oifigiúla maidir le hathaontú na tíre ag Plé na hArd-Fheise maidin Dé Sathairn seo caite agus mar sin tá sé ina chuspóir oifigiúil ag Conradh na Gaeilge anois “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Bhí plé go leor agus beagnach uair go leith de dhíospóireacht ar an ábhar sular vótáladh go láidir ar son an athraithe ar an Bhunreacht. Ní raibh ach ceathrar sa seomra a chaith vóta in éadan an leasaithe.

I measc na gcainteoirí a labhair amach ar son an leasaithe bunreachta bhí Grian Ní Dhaimhín, ball de Chraobh Ghearóid Mhic an Chrosáin ar an tSrath Bán i dTír Eoghain, a dúirt go raibh sé “tábhachtach” go mbeadh seasamh ag an Chonradh maidir leis an cheist seo, mar “mura bhfuil seasamh againn, ní bheidh muid sa chomhrá agus cuirfear ar an imeall muid”.

Dúirt John Prendergast, atá ina Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go mbeadh sé “mífhreagrach” gan seasamh a ghlacadh ar cheist chomh “tráthúil agus práinneach” sin.

Luaigh Cormac Ó Dúlacháin, ball de chraobh Chumann Barra na Gaeilge, go raibh imní air go gcuirfí stádas carthanachta na heagraíochta i mbaol dá nglacfaí leis na rúin. Thug moltóir an rúin, Conchur Ó Muadaigh, le fios go raibh an rún pléite ag an Choiste Gnó agus go raibh comhairle dlí faighte acu le deimhniú nach gcuirfí an stádas sin i gcontúirt.

Bhí bualadh bos mór agus gártha áthais i mBálseomra an Europa nuair a glacadh leis na trí rún stairiúla.

Pól Deeds.
Pól Deeds.

Ábhar ceiliúrtha eile a bhí ann oíche Dé hAoine agus Pól Deeds, an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh, ag labhairt os comhair an lucht féachana faoin “deis ollmhór” atá ann anois, deis “nach raibh a macasamhail againn riamh roimhe, chun a háit cheart a thabhairt don Ghaeilge sa saol poiblí ó thuaidh den chéad uair”.

Dúirt sé go bhfuil freagracht anois air “a bheith ag iarraidh an Stát a athrú, ionas go mbeidh sé níos Gaelaí agus níos fáiltí amach anseo dóibh siúd a bhfuil saol trí Ghaeilge uathu. Sin an sprioc, an deis agus an dúshlán”.

Cé nach raibh sé in ann seasamh a ghlacadh ar mhórcheist na hArd-Fheise, d’fhág Deeds na daoine a bhí i láthair le píosa machnaimh ag deireadh na hoíche: “Cén cineál tíre nó náisiún nó sochaí atá muid ag iarraidh a thógáil anseo dár bpáistí?”

Ag caint ar cheist an athaontaithe sna sé chontae, dúirt sé fosta go gcaithfear smaoineamh ar gach cineál duine agus gach cineál cúlra. “Má tá meas uainn, agus nach sin bunús ár straitéise le blianta fada, an féidir linn an meas sin a léiriú do na féiniúlachtaí ar fad?”

Bhí liosta fada imeachtaí eile ar siúl le linn na hArd-Fheise agus clár lán go béal le cainteanna, ceardlanna, seoltaí agus turais treoraithe. Bhí deis ag mic léinn ó na hollscoileanna éagsúla timpeall na tíre teacht le chéile agus straitéisí a phlé lena chéile ag Tionól na Mac Léinn, reáchtáil an tOllamh Fionntán de Brún turas staire agus taispeántas i gcomhpháirtíocht le Cartlann Chonradh na Gaeilge, agus bhí eagrán beo den phodchraoladh ‘Rebel Matters’ ar siúl le Raidió Rí-Rá agus Raidió Fáilte.

Cuireadh clabhsúr ar an deireadh seachtaine le Dinnéar na hArd-Fheise oíche Dé Sathairn, áit a raibh craic mhaith agus damhsa go mall san oíche le ceol beo ó Chlann Mhic Ruairí agus céilí mór le Supercéilí.