Fiúntas na scéimeanna cónaithe Gaeilge

Dóibh siúd a bhfuil fíorshuim sa saol Gaeilge acu, b’fhiú breathnú ar na scéimeanna cónaithe Gaeilge sna hollscoileanna éagsúla.

Seomra singil i gColáiste na Tríonóide. Grianghraf: Nick Bradshaw
Seomra singil i gColáiste na Tríonóide. Grianghraf: Nick Bradshaw

Anois agus spriocdáta na Lár-Oifige Iontrála thart, beidh iarrthóirí tríú leibhéal ag díriú ar na bréagscrúduithe, ar an saol féin agus b’fhéidir ag smaoineamh ar aghaidh ar an mbliain seo chugainn. Má’s as baile a bhéas an tréimhse tríú leibhéal, beidh teacht ar lóistín ar cheann do’s na dúshláin is mó. Ní haon ábhar faoisimh é ach is fadhb idirnáisiúnta í seo: le mo linnse, bhí baint agam le hollscoileanna ar Mór Roinn na hEorpa agus bhí an chruacheist chéanna rompu chomh maith.

Dóibh siúd a bhfuil fíorshuim sa saol Gaeilge acu, b’fhiú breathnú ar na scéimeanna cónaithe Gaeilge sna hollscoileanna éagsúla. Tá scéim dá leithéid ag Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (UCD) agus Corcaigh (UCC), Coláiste na Tríonóide (TCD), Ollscoil Má Nuad agus Ollscoil na Gaillimhe. Tá téarmaí agus coinníollacha chuile scéime difriúil, agus sonraí agus spriocdátaí iontrála le fáil ar shuíomh idirlín na n-ollscoileanna éagsúlaagus ar tairseachcogg.ie na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Beidh roinnt de na scéimeanna ag glacadh le hiarratais go luath (mar shampla, tá Ollscoil Má Nuad oscailte cheana féin, UCD ar an 2 Márta, TCD i mí Aibreán/Bealtaine, spriocdáta an 22 Márta ag Ollscoil na Gaillimhe). Cé go mbíonn deontas bhreise ar fáil le cuid acu ach an costas tithíochta fós le n-íoc, tá deis cónaí in arasán nó i bloc le micléinn a labhraíonn Gaeilge mar bhunús leis na scéimeanna éagsúla. Roinnt blianta ó shin, in Ollscoil na Gaillimhe, gearradh an tacaíocht airgid do chuile mhac léinn ina leath chun go bhféadfaí dúbailt a dhéanamh ar líon na n-áiteacha a chuirtear ar fáil i bhfianaise an éilimh mhóir ar an scéim.

James Lawless. Grianghraf: Bryan O’Brien / The Irish Times
James Lawless. Grianghraf: Bryan O’Brien / The Irish Times

Chomh maith le húsáid an Gaeilge ann féin, tá teacht ar thithíocht ar an gcampas ina bhuntáiste praicticiúil ó tharla ganntanas agus géarchéim tithe ar fud na tíre agus i measc na mac léinn leis. An rud is annamh is aoibhinn. Ach ní hé sin an príomh-fáth ar cheart cur isteach ar na scéimeanna seo áfach. Is é an príomhchritéar ag chuile scéim ná fíorspéis a bheith ag na hiarrthóirí an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn ar an gcampas.

Ní gá go mbeadh staidéar á dhéanamh ar an nGaeilge ach go mbeadh díogras ag lucht na scéimeanna an Gaeilge a úsáid go laethúil, agus ról na teanga a fheabhsú i saol na hollscoile. Cuirtear gearrliosta iarrthóirí faoi agallamh sa phróiseas roghnúcháin agus bíonn an chritéar seo chun tosaigh sa bhreithiúnas.

Lasmuigh de na scéimeanna cónaithe mar atá, rogha eile nach gcuirtear ar fáil go fóill is cosúil ná go bhféadfadh an dream atá i gceannas ar lóistín ar champas iarraidh ar mhicléinn dá mba mhian leo bheith in arasán ina labhrófaí Gaeilge agus, bunaithe ar an fonn sin, iad a chur le chéile. Bosca simplí a bheadh ansin ar an iarratas tithíochta gan aon gá le haon phróiseas dá chuid féin. Go minic, áfach, bíonn tithíocht ar champas faoi stiúir comhlucht ar leith ón ollscoil, rud b’fhéidir a bheadh ina bhac ar an bhféidearthacht sin, ach ní bac dosháirithe é.

Mar sin féin, is maith an rud é go bhfuil na scéimeanna ar leith dá leithéid ar fáil. Tá creidiúint ag dul do’s na hinstitiúidí tríú leibhéal a bhfuil scéim acu agus don fhoireann a bhíonn á heagrú. É sin ráite, tá na huimhreacha sách íseal (24 in UCD; 30 i Má Nuad; 32 in Ollscoil na Gaillimhe; 30 in TCD, 12 áit do mhicléinn na chéad bhliana agus 18 do mhicléinn na mblianta eile, 9 n-árasán i 2025-2026 i ‘nGaeltacht na hollsoile’ UCC).

Ní i ngach áit ach oiread a mbíonn an scéim ar fáil do mhicléinn ón dara bliain ar aghaidh. Luíonn sé seo le soláthar tithíochta ar champas don chéad bhliain amháin in áiteacha, ach ciallaíonn sé leis nach bhfuil leanúnachas le feiscint idir na blianta. Is minic áfach a fhaigheann micléinn a roinneann arasán sa chéad bhliain teach le chéile sna blianta ina dhiaidh sin. Gaeltachtaí beaga amuigh ón gcampas b’fhéidir.

Níl fáil ar scéim (fós) áfach i ngach ollscoil. Ait an rud é sin, mar go bhfuil scéimeanna cónaithe sna hollscoileanna ó thuaidh, Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh, ach nach bhfuil i ngach ollscoil le maoiniú Stáit ina bhfuil an teanga mar chéad teanga oifigiúil.

I gcás na n-ollscoileanna teicneolaíocha, níl tithíocht ar an gcampas ar fáil fós ag na hinstitiúidí úd ceal ceada iasachta dá réir go dtí seo, rud atá geallta a bheith curtha ina cheart i gClár an Rialtais. Is údar díomá dóibh siúd an moill atá leis, comhartha b’fhéidir den teannas idir geallúint pholaitiúil agus cúram cúramach na Roinne Caiteachais Phoiblí.

An fhaidhb is mó a bhíonn le sárú ag mic léinn na scéimeanna seo ná an costas cíosa. Fiú le tacaíocht airgid, má’s ann di sa scéim cónaithe, tá an cíos ar champas – agus i gcoitinne - ró-chostasach do mhórán micléinn. Tá an cur chuige atá againn faoi láthair ro-chostasach le árasáin a thógáil do’s na hollscoileanna agus ró-chostasach do mhicléinn íoc astu. Is cruacheist do na hollscoileanna í: má iarrtar ar mhic léinn, b’fhearr leo seomra aonair en suite ach, go sothuigthe, is ceist achrannach í sin ó thaobh costais de.

Mar a tuairiscíodh sa nuachtán seo ag tús mhí Eanáir, tá sé ráite ag an Aire um Ardoideachas, James Lawless, go bhfuil an Rialtas ‘ag bogadh i dtreo’ múnla comhchónaithe do tithíocht mac léinn faoi phlean straitéiseach a bhí le foilsiú roimh an Nollaig ach atá anois beartaithe do na seachtainí romhainn. Dar leis an Aire, tá seomraí aonair en suite ‘caifeach’ agus ba cheart rogha seomraí beirte nó triúr a chur ar fáil. Bhí sé luaite freisin tráth go mbeadh dearadh ar phlean agus leagan amach lárnach do chuile ollscoil le costaisí ailtireachta a laghdú.

Ní bheadh chuile dhuine sa chóras ar aon aigne ach caithfidh mé a rá go n-aontaím go hiomlán leis an Aire. Má’s féidir an costas tógála a ísliú trí costais ailtireachta a sheachaint agus seomraí comhchónaitheacha a thógáil, is féidir an costas cíosa a ísliú freisin. Tá mórán múnlaí dá leithéid i dtíortha eile, ar an Mór Roinn agus i Meiriceá. Bíonn éileamh sa samhradh freisin ar shuanliosanna turasóireachta, margadh is suim leis na hollscoileanna ar bhonn tráchtála.

Is ceist ar leith agus níos ghinearálta an ceist seo ná scéal na scéimeanna cónaithe Gaeilge ach, mar sin féin, tá sí lárnach i saol na mac léinn agus d’fhuílleach chostais na scéimeanna úd. Mar is iondúil, ní féidir ceist amháin a scagadh nó a scaradh ó scéal eile agus cúrsaí casta mar atá.

Foclóir

spriocdháta = deadline

tréimhse = period

deontas = grant

faoiseamh = relief

téarmaí agus coinníollacha = terms and conditions

sonraí = details

plean straitéiseach = strategic plan

tithíocht = housing