Scéal bleachtaireachta ar bhealach atá taobh thiar den leabhar nua, Scéal ó Carolina, an cúigiú cnuasach filíochta ó Áine Uí Fhoghlú.
File as Gaeltacht na nDéise í Áine go bhfuil mórán duaiseanna, coimisiún agus sparánachtaí buaite aici, lena n-áirítear Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide agus Gradam Markievicz. Seolfar a leabhar nua filíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an tseachtain seo (26 Feabhra).
Tá ceangal speisialta ag Áine leis an Airgintín toisc go raibh a hathair, go raibh an Spáinnis go líofa aige, ag obair le Consalacht Ghinearálta na hAirgintíne i Londain siar sna caogaidí agus tús na seascaidí. Agus í ina naíonán nuabheirthe, sheas comhghleacaithe agus dlúthchairde a dtuismitheoirí, ar bheirt de chuid na hAmbasáide iad, ar a son ag an umar baiste. “Nuair a fhéachann tú siar ar do bhaisteadh, is dóigh liom gur cheangal láidir é,” a deir sí, agus an nós Caitliceach seo ina n-ainmnítear tuismitheoirí baistí ar mhaithe an linbhín á mhíniú aici. “Bhíomar inár gcónaí ar champas na hAmbasáide agus ós rud é go mbíodh an bhreith baile an-choitianta an t-am san is sa mbaile a rugadh mé. Dá bhrí sin, go teicniúil, rugadh mé ar thalamh na hAirgintíne. Agus dá bhrí sin, bhronnadar pas Airgintíneach orm.
“Is dóigh liom go raibh na daoine seo tar éis a rá le mo thuismitheoirí ‘féach, má bhíonn aon ghá glaoch orainne mar chabhair ina saol agus í ag fás suas, beimid ann di’ - ní beag an gheallúint í le tabhairt. Agus bhraith mé go raibh an ceangal sin ann.”
READ MORE
In éineacht leis sin, agus í ag fás suas sa Rinn, deir an file gur spreag a tuismitheoirí “suim an-mhór ionamsa i gcónaí sa snáithín sin de mo shaol. Bhí Spáinnis líofa ag an mbeirt acu, agus bhí tionchar na hAirgintíne go láidir ar an mbeirt acu, agus bhíodh m’athair i gcónaí ag cur i gcuimhne dom á rá ‘ná dearmad anois go bhfuil pas Airgintíneach agatsa, tá dúchas áirithe eile ag baint leat’.”
Ach bhí Áine cinnte nach mbuailfeadh sí leis an mbeirt seo go deo mar gur cailleadh an teagmháil speisialta leis na hAirgintínigh. D’imigh a clann go dtí an Astráil agus í an-óg, bhí siad ina gcónaí thar lear ar feadh trí bliana go leith, agus mar a mheabhraíonn sí “ag an am ní raibh aon idirlín, bhí glaonna gutháin chomh costasach agus thógadh sé na seachtainí ar litir aerphoist dul ón Astráil go dtí Sasana”.
Fén am a tháinig siad abhaile go hÉirinn, bhí dualgaisí i dtíortha eile thar lear ar a tuismitheoirí baistí, beirt nach raibh pósta lena chéile ach dhá chlann éagsúla acu.
“Dá mba mhaith le m’athair a bheith i dteagmháil leo, ní raibh sé chomh simplí le litir a scríobh go dtí Londain mar ní rabhadar i Londain a thuilleadh mar ghluaiseann taidhleoirí timpeall go minic. D’imíodar san leotha sna cheithre hairde, d’fhanamarna sa Rinn.”
Thosaigh sí a cuardach ag tús na n-ochtóidí agus lean sí leis, í ag plé leis an Ambasáid i mBaile Átha Cliath mar chuid dá fiosrúchán.
Thosaigh sí a cuardach ag tús na n-ochtóidí agus lean sí leis, í ag plé leis an Ambasáid i mBaile Átha Cliath mar chuid dá fiosrúchán. Faraor, níor éirigh léi aon dul chun cinn a dhéanamh. Bhí an rópa muintearais idir a teaghlach agus an dá chlann seo ón Airgintín caillte agus bhí na blianta fada imithe. Bhí 30 bliain tugtha aici á lorg ach bhí ag teipeadh uirthi go dtí gur tharla sé lá amháin, mar chor sa phlota, go bhfuair sí ríomhphost gan choinne ó iníon duine acu – “gur droichead thar thréimhse leathchéad bliain é an scéal ó Carolina” mar a deir sí i ndán eapainmneach an bhailiúcháin.
“Bhí mo mháthair baistí 89 nuair a chuir mé aithne uirthi sa bhliain 2010. Agus bhí m’athair baistí Edgar Enrique, nó Quique mar a ghlaoití air, bhí sé sin, leis, sna hochtóidí,” a deir sí.
Bhí siad ina gcónaí in Buenos Aires agus níorbh fhada go raibh Áine Uí Fhoghlú ar bord eitleáin, ar thuras siar ó dheas thar an Aigéan Atlantach chun bualadh le dhá theaghlach gheanúla a chuir na múrtha fáilte roimpi.
“Agus nuair a bhuail mé leotha, bhí áthas mór orthu, bhí áthas an domhain orthu mé a fheiscint,” arsa sí.
Tá na dánta ina leabhar nua bunaithe ar an gcuairt seo a tharla i samhradh na bliana 2010 nuair a bhuail sí den chéad uair ó baisteadh í lena tuismitheoirí baistí. Is ceiliúradh iad na dánta ar an aithne a chuir sí ar na daoine seo san Airgintín. Mar a scríobhann sí ag tús an dáin, An t-athair baistí:
“Chaitheamar an oíche ag blaiseadh
De thorthaí a bhí aibidh le blianta
Ar chraobhacha iargúlta na haigne.”
Deir Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar chúl an leabhair, atá foilsithe ag Éabhlóid, go n-éiríonn leis an bhfile “sinn a iompar chomh fada le Buenos Aires agus thar n-ais arís. Is milis mar a bhlaistear de shólaistí na hAirgintíne sna dánta seo; músclaítear ‘ga tintrí’ an cheoil is an rince. File í seo lán-oilte ar a ceird. Comhcheol is ea na haistriúcháin”.

Tá an bailiúchán foilsithe i nGaeilge, i mBéarla agus i Spáinnis, na dánta Gaeilge, an bunsaothar filíochta, aistrithe ag na filí comhaimseartha a leanas: Paddy Bushe, Eibhlís Carcione, Celia de Fréine, Theo Dorgan, Thomas McCarthy, Eiléan Ní Chuilleanáin, Cathal Ó Searcaigh, agus ag an scríbhneoir seo. Is é Jorge Fondebrider a rinne na haistriúcháin go léir go Spáinnis.
Is rud eisceachtúil é a bheith ag scríobh filíochta i nGaeilge mar is réimse mionlaigh í an fhilíocht agus is mionlach laistigh de mhionlach iad na filí Gaeilge. Ach arsa Áine, ag freagairt na ceiste: “An ngoilleann sé orm? Ní féidir liom a rá go ngoilleann sé orm… má theastaíonn uaimse an fíor-bhraon atá laistigh díom féin a thabhairt amach, caithfidh mé é sin a dhéanamh trí Ghaeilge, mar sin mar a thagann sé asam.”









