Dúchas agus dathanna

Focal ar Fhocal: Tá ‘dearg’ agus ‘dubh’ i measc na ndathanna a úsáidtear le treise a chur in iúl sa Ghaeilge

Tá na Gaeil 'dearg le fearg'. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí
Tá na Gaeil 'dearg le fearg'. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Rachaimid ag streachailt inniu leis an fhocal DÚCHAS. Focal é nach furasta a mhíniú nó a shainiú cé gur minic i mbéal daoine é. Focal é a bhaineann le hoidhreacht an duine agus, mar a léirítear é in úsáid na Gaeilge, le traidisiúin agus dearcadh cainteoirí orthu féin, agus a mbíonn ag tarlú thart orthu, a chur in iúl ar bhealach ar leith. Tá lorg láidir an traidisiúin ag baint leis agus thar rud ar bith eile nochtann sé mianach na teanga dul i ngleic leis an tsaol atá thart uirthi agus í a chíoradh ar a bealach féin trína húsáid. Is minic an focal sna seanfhocail a bhíonn ag daoine go fóill. Seo péire acu: ‘Briseann an dúchas trí shúile an chait’ agus ‘Is treise dúchas ná oiliúint’.

Tá ceist ghaolmhar eile ann nach bpléifimid inniu ach pillfidh muid uirthi lá maith éigin eile. Seo í an cheist a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag teanga ar mhodh smaointeoireachta cainteoirí dúchais, agus mar a chuirtear sin in iúl i gcaint agus i gcomhrá. Ábhar conspóideach é seo ó d’ardaigh an teangeolaí Meiriceánach Edward Sapir an cheist tá blianta fada ó shin ann. Lean díospóireacht ghéar as an méid a dúirt sé agus tig an smaointeoireacht chéanna chun cinn go fóill i measc scríbhneoireacht teangeolaithe eile.

Baintear úsáid as dathanna sa Ghaeilge le treise agus béim a chur in iúl. Grianghraf: iStock/Getty
Baintear úsáid as dathanna sa Ghaeilge le treise agus béim a chur in iúl. Grianghraf: iStock/Getty

Chan fhuil rud is fearr dúinn a dhéanamh anois ná eiseamláir as an teanga bheo a scrúdú le fáil amach cé na bealaí a dtig blas an dúchais amach as mianach inmheánach na Gaeilge mar atá sí againn inniu. Shíl mé go mbeadh ábhar maith, abraimis, ar na bealaí a gcuireann an teanga treise in iúl. Tá mórán dóigheanna aici le sin a dhéanamh agus tá siad éagsúil leis an Bhéarla go cinnte.

‘Dearg amaidí’ a deirtear – sin amaidí nó rud éigin amaideach atá as miosúr ar fad. Ceist mhaith cad chuige gurb é an focal DEARG a chuireann an treise in iúl?

…is léir ó na húsáidí seo go léir gur dúchas na teanga atá ag coinneáil bunmhianach na teanga beo i gcaint laethúil na ndaoine.

Tá samhlaíocht dá chuid féin ag baint leis. Ach dá ndéarfaí, agus deirtear, ‘Bhí sé ina chraiceann dearg’ ba dhoiligh a rá cén sórt teachtaireachta atá á iompar ag an leagan cainte seo ach amháin go dtuigtear as nach bhfuil tointe éadaigh ar an duine bhocht lomnochtaithe seo. Ar éigean atá craiceann dearg ar dhaoine sa tír seo cibé ar bith. Is minic a chluinfeá daoine ag rá ‘Bhí an t-ádh dearg air’ nuair a thigeadh scéal fá dhuine inteach a tháinig slán as contúirt nó taisme a tharlaigh le deireanas.

Sna húsáidí seo uilig den fhocal dearg, is léir gur ciall eile ar fad seachas an bhunchiall a bhíonn leis an fhocal.

Chuala mé bean i siopa síos faoin tír lá, ag Béarlóireacht le fear siopa, agus cad é do bharúil a dúirt sí leis ach ‘Those apples you gave me were red rotten’! B’iontach le mo chluais é – iasacht ón Ghaeilge gan amhras.

Ach bíonn dathanna eile fosta in úsáid i nGaeilge le treise agus béim a chur in iúl agus is léir ó na húsáidí seo go léir gur dúchas na teanga atá ag coinneáil bunmhianach na teanga beo i gcaint laethúil na ndaoine. Chan ionann agus an Béarla a mbíonn focail ar leith acu le treise mar seo a chur in iúl.

Amharcaimis anois ar an fhocal DUBH agus mar a chaitheann an teanga leis ar an dóigh chéanna le húsáid an fhocail dearg a bhí faoi chaibidil againn thuas.

Seo cuid de na bealaí a n-úsáidtear an focal le treise a chur le píosa cainte.

‘Bhí an áit dubh le daoine / le cuileogaí / le míoltógaí’ srl.

Ciallaíonn an méid seo go raibh an t-uafás nó cuid mhór daoine / cuileogaí /míoltógaí cruinnithe le chéile. Seo tuilleadh samplaí a chuireann an chiall chéanna in iúl.

‘Rinne sí an dubhrud oibre le seachtain.’ [cuid mhór/a lán oibre].

‘Ag obair ó dhubh go dubh.’ [ag déanamh a lán oibre i rith an lae ar fad].

‘Tá mé dubh dóite den aimsir seo.’ [Tá mé tinn tuirseach den aimsir].

‘Bhí dubhaois aige.’ [Bhí sé an-sean].

‘Bhí sé dubh is bán liom.’ [Ag aontú agus ag easaontú liom].

Tá cineálacha eile focal ann fosta a mbíonn dubh mar chuid díobh agus is fiú iad a lua – dubhfhocal ‘a riddle, conundrum’; dubhchíos ‘cíos trom’; dubhfholtach ‘duine a mbíonn gruaig dhubh air, agus is minic é mar ainm duine fosta, faoin litriú ‘Dualtach’.

Tá tuilleadh ann faoi dhathana agus rudaí eile ach caithfidh muid scaoileadh leo go fóill.

Foclóir

Amaidí = Nonsense

As miosúr = Beyond measure

Bunmhianach = Basic material

Chan ionann = Is not the same

Doiligh = Difficult

Faoi chaibidil = Being discussed

Sainiú = To define

Taisme = Accident

Tointe éadaigh = A stitch of clothes

Treise = Emphasis

Tuig as = Understand from