An chaithréim agus an t-ísliú céime

Tá cúpla babhta cinniúnach fágtha i Sraith Peile na bhFear

Níor chuir Áth Cliath tús iontach leis an gcomórtas sraithe. Grianghraf: INPHO/Tom O’Hanlon
Níor chuir Áth Cliath tús iontach leis an gcomórtas sraithe. Grianghraf: INPHO/Tom O’Hanlon

Tá Sraith Peile na bhFear ag druidim go tapa i dtreo na gcéimeanna deiridh. Seo thíos staid na bhfoirne i Roinn 1 agus iad ag troid go fiáin don cheannaireacht agus, níos tábhachtaí fós, chun fanacht sa Roinn agus lena chinntiú nach mbeidh siad i mbaol dícháilithe.

Dún na nGall

Tá fir Thír Chonaill ar bharr an tábla agus iad dochloíte go fóill. Ba iad Dún na nGall tánaistí na Craoibhe anuraidh agus is léir go bhfuil siad tar éis traenáil chrua a dhéanamh i rith an gheimhridh agus iad ag feidhmiú i mbarr a réime faoi láthair. Bhuail siad Áth Cliath, Ciarraí, Maigh Eo agus Ard Mhacha sna chéad cheithre bhabhta agus chríochnaigh an cluiche in aghaidh na Gaillimhe ar comhscór ar an 1 Márta. 0-20 do 1-17 an scór deiridh a bhí ann. Tá Ryan McHugh agus Hugh McFadden ag cruthú go hiontach do Dhún na nGall. Ar ndóigh, tá Michael Murphy tar éis filleadh ar an bpáirc. Léirigh sé a chumas agus ceannaireacht chumhachtach in aghaidh na Gaillimhe. Tá an chosúlacht ar an scéal go mbainfidh siad cluiche ceannais na sraithe amach. Ach údar imní don bhainisteoir Jim McGuinness é an easpa smachta a léiríodh sa chluiche deireanach agus cárta dearg chomh maith le cártaí buí agus cárta dubh bronnta ar a chuid imreoirí.

Maigh Eo

Tá Maigh Eo faoi stiúir Andy Moran i mbliana agus gealladh maith fúthu ag dul isteach sna cluichí atá fágtha. D’éirigh leo a gceathrú bua a fháil i gCaisleán an Bharraigh in aghaidh Ard Mhacha i mBabhta 5, a bhuí leis na cúil ó Jordan Flynn agus ó Chian McCale. 2-17 in aghaidh 0-22 an scór deireanach a bhí ann. Tá painéal láidir agus iomaíoch acu le meascán maith d’imreoirí óga fuinniúla agus imreoirí a bhfuil taithí acu ar an bpáirc, rud a fhágann go bhfuil an fhoireann chothrom láidir. Ba é an t-ógánach Kobe McDonald a mheall na ceannlínte tar éis dó dhá chúilín a aimsiú nuair a tháinig sé chun páirce. Tabharfaidh siad aghaidh ar Chiarraí i dTrá Lí agus beidh buntáiste baile acu in aghaidh Ros Comáin.

Bhuail Ciarraí Muineachán 1-18 do 0-7 i mbabhta 5. Grianghraf: INPHO/Ben Brady
Bhuail Ciarraí Muineachán 1-18 do 0-7 i mbabhta 5. Grianghraf: INPHO/Ben Brady

Ciarraí

Bhí bua láidir ag Ciarraí ar Mhuineachán 1-18 do 0-7 i mbabhta 5. Cé nár thosaigh sé, d’éirigh le David Clifford - a bhuaigh gradam imreoir na bliana anuraidh - d’éirigh leis 1-4 aimsiú sa deireadh. Bua cuimsitheach le ceithre chúilín déag agus an tríú bua do Chiarraí go dtí seo. Déarfainn go mbeidh siad breá muiníneach agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo agus ar Ard Mhacha sa dá bhabhta dheireanacha.

Gaillimh

Tá John Maher ag cruthú go hiontach agus é ar ais ar pháirc na himeartha arís i ndiaidh gortú rúitín. Tá taispeántais láidre tugtha freisin ag Liam Ó Conghaile, Shane McGrath, Rob Finnerty, Oisín Mac Donnacha agus Jack Glynn. Cé go raibh os cionn 72% den tseilbh acu sa dara leath in aghaidh Dhún na nGall, bhí an claonadh ar imreoirí na Gaillimhe a bheith ag dul siar nuair a bhí spás agus roghanna os a gcomhair amach. Tá na himreoirí aclaí, sciliúil agus cruinn ach peil gan eagla a theastaíonn. Má tá fir an Iarthair chun an dá chluiche dheireanacha a bhuachaint, beidh orthu tabhairt faoin modh díreach.

Baile Átha Cliath

Níor chuir Áth Cliath tús iontach leis an gcomórtas sraithe. Chaill fir na príomhchathrach in aghaidh Dhún na nGall agus in aghaidh Mhaigh Eo. Bhí an bua acu in aghaidh Mhuineacháin ach d’éirigh le fir Jack O’Connor an lámh in uachtar orthu nuair a tháinig Ciarraí go Páirc an Chrócaigh i mbabhta 4. Tháinig foireann Ger Brennan ar ais le bua láidir 1-21 do 2-7 i gcoinne Ros Comáin. Léirigh sé seo go mb’fhéidir go bhfuil an fhoireann ag teacht le chéile agus ag dul i dtaithí ar a stíl imeartha. Mar aon leis na foirne eile, tá na torthaí sa dá bhabhta deiridh tábhachtach lena chinntiú go mbeidh siad ag feidhmiú i Roinn 1 an bhliain seo chugainn.

Ros Comáin

Tá Ros Comáin faoi stiúir Mark Dowd agus ainneoin go raibh an fhoireann gan imreoirí Naomh Bríd do thús na sraithe, bhuaigh siad na chéad cheithre chluiche as a chéile. Is minic a fheictear na foirne a bhaineann an t-ardú céime ó Roinn 2 ag streachailt sa bpríomhroinn ach tá taispeántais iontacha tugtha ag Ros Comáin. Bhí aon phointe dhéag idir iad agus Gaillimh ag leath ama i mbabhta 4. Mar sin féin, a bhuí le cúpla cúl gan choinne agus pointe Chiaráin Lennon sa nóiméad deireanach, bhí an lá le Ros Comáin. Ba iad rogha na coitiantachta in aghaidh Átha Cliath i mBabhta a cúig ach chaill siad. Beidh dúshlán acu sa chéad chluiche eile i gcoinne Dhún na nGall ach is acusan atá buntáiste an bhaile.

Ard Mhacha

Ba iad Ard Mhacha seaimpíní Uile-Éireann 2024 ach údar mór imní dóibh nach bhfuil acu ach an t-aon bhua amháin sa tsraith tar éis cúig bhabhta. Tá pointí luachmhara ag teastáil go géar más mian leo a bheith ag imirt i Roinn 1 an bhliain seo chugainn. Bhuaigh Ard Mhacha ar Mhuineachán ach tá brú orthu anois agus ceithre chluiche as a chéile caillte ag foireann Kieran McGeeney. Tá dhá chluiche mhóra fós le himirt acu in aghaidh Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh agus cluiche baile acu in aghaidh Chiarraí.

Muineachán

Tá go leor imreoirí caillte ag Muineachán, ina measc iarchaptaen na foirne Kieran Duffy, Darren Hughes agus Karl O’Connell. Tá chuile chluiche sraithe caillte acu go dtí seo: Ard Mhacha, Ros Comáin, Áth Cliath, Maigh Eo agus Ciarraí. Ainneoin na gcúilíní ó Robbie Hanratty agus Andrew Woods, bhí an lámh in uachtar ag Ciarraí i mbabhta 5. Fágann sé sin go bhfuil Muineachán sa bhearna bhaoil anois agus iad ag streachailt leis an ísliú céime a sheachaint. Gan pointe ar bith acu go dtí seo, tá géarghá leis an mbua a fháil sna cluichí eile má tá siad ag súil fanacht i Roinn 1. Beidh dúshlán an-mhór rompu áfach, in aghaidh na Gaillimhe agus i gcoinne Dhún na nGall.

Tá an tSraith Náisiúnta peile lán le heachtraí, buaicphointí agus imní faoi ísliú céime. Tugann na torthaí is déanaí tar éis bhabhta 5 léargas dúinn ar staid na bhfoirne agus leathshúil ag cuid acu ar an gCraobh cheana.