An tusa an chéad réalta teilifíse eile?
An bhfuil suim agat i gcúrsaí ealaíne, spóirt nó sa dúlra? An duine gealgháireach thú atá go maith ag obair le daoine óga? Ar mhaith leat bualadh faoi ghairm sa chraoltóireacht teilifíse? Tá deis den scoth ar fáil le Fíbín Media faoi láthair agus iad sa tóir ar láithreoirí teilifíse nua do réimse cláracha úra atá ag teacht chun cinn.
Comhlacht léiriúcháin ilmheán, teilifíse agus scannán é Fíbín Media a chruthaíonn ábhar spraíúil spreagúil do dhaoine óga. Léiríonn an comhlacht réimse leathan cláracha teilifíse agus scannán ar ardchaighdeán trí mheán an Bhéarla agus na Gaeilge do chraoltóirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá ceanncheathrú den chéad scoth acu i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara, chomh maith le stiúideo taifeadta soghluaiste.
Más maith leatsa cur isteach ar an ról seo, níl le déanamh ach físeán díot féin, bomaite amháin ar a mhéad, a sheoladh ar aghaidh chuig rhiannon@fibinmedia.ie. Is féidir labhairt faoi rud ar bith, ach ba mhaith le Fíbín go gcuirfeá tú féin in iúl agus go léireofá do phearsantacht go láidir.
READ MORE

‘Damhsa ag Dalymount’ ag an Réabh Bóihéamach Gaelach
Teastóidh neart fuinnimh agus bróga maithe damhsa uait an deireadh seachtaine seo agus an Réabh Bóihéamach Gaelach ag pilleadh ar Bhaile Átha Cliath le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig 2026. Beidh dhá sheomra damhsa ag an imeacht seo, seomra trad le ceol den scoth ó Liam Lonergan, Sinéad Ní Dhonnchú agus Ruth McCrohan, agus seomra teicneo lán le buillí bagartha na nDJanna tí, Ferdilicious agus Lána Hayes. Is cinnte go mbeidh oíche go maidin geallta agus craic is cuideachta go leor, cibé atmaisféar atá uait ar an oíche.
Beidh an ócáid ar leith seo ar siúl oíche Dé Sathairn ag Cnocán Uí Dhálaigh, staid bhaile Chumann Peile na mBoihéamach i mBaile Átha Cliath, agus comhimeacht atá ann idir Craobh Bhaile Átha Cliath 7 agus Craobh 1916. Fuair siad tacaíocht ó Chiste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge leis an imeacht seo a reáchtáil.
Moltar do thicéad a fháil go luath agus is féidir ceann a cheannach ar chostas €5 tríd an nasc ar Instagram @craobh1916. Osclófar na doirse ag 8pm oíche Dé Sathairn, 14 Márta 2026, agus cuirfear tús leis an teicneo ag 10.30pm.

Sraith shuáilceach AIRNEÁN i gcomhluadar Raidió Rí-Rá
Cuirfear tús leis an tsraith coirmeacha ceoil ‘AIRNEÁN’ de chuid Raidió Rí-Rá Déardaoin 19 Márta 2026 sna Fumbally Stables i mBaile Átha Cliath 8, agus ar an chéad oíche seo beidh léirithe beo ó Holly Munro, Blue Niall, Éire & Chulainn agus Méabh Mulligan agus Eva Carroll.
Tugann AIRNEÁN cuireadh don lucht féachana oíche a chaitheamh i gcomhluadar suáilceach na nGael le sult a bhaint as ceol nuascríofa agus traidisiúnta Gaelach, agus béim ar leith acu ar dheiseanna a thabhairt do cheoltóirí comhaimseartha na Gaeilge. Spreagann siad atmaisféar compordach agus croíúil agus tugtar cuireadh do gach duine blaincéid, cúisín nó stocaí clúimheacha a thabhairt leo ar an oíche.
Sé sheó ar an iomlán a bheidh sa tsraith seo ach beidh imeacht speisialta ar siúl mar chuid den chéad ghig seo nuair a sheolfar scéim Glór Ár Linne 2026 le tacaíocht ón Chomhairle Ealaíon, Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge, Éire Ildánach agus Rí-Rá Beer.
Tá ticéid don chéad cheolchoirm ar díol anois ar €10 an ceann, ach tá siad ag díol amach go tiubh agus mar sin moltar do cheannsa a fháil go luath le d’áit a chinntiú. Tá siad ar fáil ar Eventbrite.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Zingy Days
Sa bhliain 2021, bhunaigh Victoria Stoyanova agus a máthair an gnó teaghlaigh Zingy Days mar fhreagairt ar fhás an fhaisin ghasta le linn na paindéime. Déanann siad málaí faiseanta as giotaí beaga éadaigh a bhailíonn siad de réir a chéile, agus mar sin bíonn achan uile mhála deartha agus déanta go hinbhuanaithe agus de láimh sa stiúideo i Ros Cré i gContae Thiobraid Árann. Oibríonn an gnó faoi pholasaí gan dramhaíl agus úsáideann siad pacáistíocht atá neamhdhíobhálach don timpeallacht chomh maith.
Tá sé mar aidhm ag an bhranda málaí faiseanta ardchaighdeáin a dhéanamh ar féidir iad a úsáid gach uile lá gan dochar a dhéanamh do na daoine a dhéanann iad ná don timpeallacht.
Is breá liom féin an réimse nua málaí Ceilteacha atá ar fáil ag Zingy Days, réimse atá go hiomlán uiscedhíonach agus a bhfuil zip orthu chun do chuid stuif uilig a choinneáil sábháilte. Tá dearaí Ceilteacha ildaite ar na málaí seo fosta agus tá siad mór go leor le tabhairt chun na hoibre leat agus do ríomhaire a chur isteach ann.
Féach ar tháirgí Zingy Days ar líne ag www.zingydays.com.











