Uaireanta tagann leabhar i do dháil atá go hálainn le láimhseáil, le féachaint air, le léamh, agus le héisteacht leis. Is amhlaidh sin le Seoda na Sean: Irish Songs c. 1650-1850 from Carbery, Muskerry and across South Munster (Dingle publishing) le Pádraig Mac Cárthaigh.
Mar a deir an teideal féin, cnuasach amhrán stairiúil as deisceart na Mumhan atá ann, ar leabhar eolais, leabhar taitneamhach agus leabhar ealaíonta é i dteannta a chéile. Ceoltóir agus amhránaí é an t-údar, bíodh nach iad a ngairm iad, agus deir sé i línte tosaigh an réamhrá go mbíonn sé ar thóir “amhráin thraidisiúnta a shleamhnaigh as cuimhne an phobail agus a thaitneann go mór liom” agus gurb é atá sa chnuasach seo seacht gcinn déag d’amhráin “neamhchoitianta nó dearmadta is ea iad, agus tábhacht stairiúil ag baint le cuid acu”.

Sin agat é go comair. Seachas go bhfuil dlúthdhioscaí ag gabháil leis an leabhar mar shlánchuid den saothar ina bhfuil Pádraig Mac Cárthaigh é féin i mbun na n-amhrán le tionlacan nuair is oiriúnach sin, fara rianta de cheol traidisiúnta, agus arb iad Seamus Sands, Gerry Cronin, Colm Murphy, Desy McCabe agus Diarmait Mac Cárthaigh a sholáthraíonn.
Is fíor gur amhráin ‘neamhchoitianta’ a bhformhór, ach déarfá nach mar sin a bhí tráth dá raibh. Agus dá éamais sin, tá cúpla ceann go measfaí iad a bheith coitianta go leor ach go bhfuil cúis faoi leith iad a bheith i measc na gcompánach seo. Orthu sin tá ‘Aililiú na Gamhna’ gurb í an teist atá air ná amhrán aerach simplí gealéadrom a deireann cailín óg a thugann taitneamh do bheith ag seoladh na ngamhna mar chúram. Ní hé sin an leagan atá anseo, ach earra níos dorcha go mór. Is amhlaidh gur éamh aníos ó chroí briste chailín óig atá ann ar ceanglaíodh i snaidhm phósta í le “smíste duine uasail”. Tá an curfá meidhreach ann is fíor, ach idir gach ceann díobh nochtar scéal truamhéalach:
READ MORE
“Nuair a éirím féin ar maidin agus tugadh mé an ceáfar cúinneach
Triallaim ar an bpárlús trí na staighrí caola cúnga,
Tháinig cupa tae chúm fhéinig mar dhúthracht,
Do thit san uaim fhéin ‘s do bhí an china ina mbrúscar.
‘S nach mór an donas domsa bheith pósta ‘g duine uasal
Rud nár chuí agus nár chóir dom – bheith i gcóistí ‘om luascadh…”
Bean í seo ar dian iad leacracha an tí mhóir uirthi, glanmhalairt na mban óg úd in úrscéalta aicmeacha Jane Austen a shantaigh áras bríce agus fear chomh tiubh, nó go deimhin ceann ar bith eile de na leabhair ghránna sin a fhágann méirscrí ar an anam.
Tá dhá amhrán anseo le Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin ‘An Fánaí’ agus ‘Ar Maidin Inné Dhom is Déarach do Bhíos-sa’, dhá cheann Sheacabaíteacha a dhearbhaíonn arís eile gur bheag a bhí ar siúl ag filí na Mumhan ar feadh céad bliain seachas ag bheith ag faire an chósta don loingeas a thiocfadh le Charlie éigin d’fhonn na búir, “na crónphoic”, “críonbhruscar Shátain” a chur de dhroim seoil. Ní foláir nó bhí éileamh ar amhráin Thaidhg Ghaelaigh óir táid bríomhar, fuinniúil, spionnúil, nó lena rá i bhfocal amháin, táid glic. B’iad seo na hamhráin a chum sé sular déanadh naomh de agus sular chaith sé stól urnaí an tséipéil go hadhmad síos lena dhá ghlúin, agus sular dhírigh ar amhráin bheannaithe nár scaip chomh fairsing i measc an phobail ar chúis éigin in ainneoin an chreidimh.
Is fíor gur amhráin ‘neamhchoitianta’ a bhformhór, ach déarfá nach mar sin a bhí tráth dá raibh.
Ceann acu is ea ‘Cath Bhéal a’ Mhuighe Sholaigh’ a chum Pádraig Ó Scolaí, file eile gan iomrá, agus a bhfuil fonn ‘Cath Chéim an Fhia’ leis mar is cruinn conláisteach a thiteann na focail isteach leis an gceol. Bheadh saoithíní staire ag ceistiú Laoiseach, is é sin an rí Louis, Bonaparte, is é sin Napoleon é féin, agus Cormac Spáinneach Mac Cárthaigh a bheith i leaba aon véarsa amháin i dteannta a chéile agus iad a dtriúr ag teacht chun tarrthála orainn, ach níor chúrsaí cruinnis riamh ba bhun le dóchas na fuascailte, in ainneoin go raibh a fhios go maith ag an bpobal cad a bhí ar siúl amuigh ansin.
Ní haon ionadh go raibh an aisling chomh coitianta óir b’í a d’iompair misneach na ndaoine agus ba bheag é líon na bhfilí nár chleacht í mar fhoirm. In ‘An Buachaill Bán’ (ceann eile díobh) is é Seán Ó Coileáin a chasann le spéirbhean maidin laeghil agus ar “chaoin a déad mhion, ba mhín a haolchrobh, ‘s a dlaoi na slaodaibh mar ór go sáil”, óir b’ait leat faoi seo gur flapóg mná a bheadh inti agus fiacla ar nós púróga dubha ar dhuirling trá idir bruasa botox ina béal. Ceist gan réiteach is ea arbh áille fós spéirbhean Mhíchíl Óig Uí Longáin ina ‘Cois na Laoi’, ach is de shuimiúlacht go nascann Pádraig Mac Cárthaigh focail chuid de na hamhráin le foinn nár clannaíodh cheana leo iad. Sa chás seo, thug sé faoi deara gur oir ceol ‘An Búrcach’ le Máire Bhuí Ní Laoire do rithim an dáin agus dhein iad a phósadh le chéile go suáilceach.
Tá, leis, sraith d’amhráin Bhéarla sa dara leath den leabhar a bhfuil an éagsúlacht chéanna leo, cuid acu gur greann agus gliocas iad i dtraidisiún láidir an steallmhagaidh agus na spochadóireachta ar nós ‘The Ordnance Survey Man’ nó ‘The Star of Sunday’s Well’.
Cuid luachmhar dhea-mhaisiúil den leabhar is ea na grianghrafanna de dhaoine, de chaisleáin, de leaca cuimhneacháin, de lámhscríbhinní, de leathanaigh leabhar, de phortráidí a fhágann nach bhféadfaí a bheith aineolach maidir le log, aimsir, tosca nó dála amhráin ar bith.
Is fiú filleadh ar a ndúirt an t-údar mar gheall ar na hamhráin seo a chuaigh as cuimhne na ndaoine “agus a thaitneann liom”. Is é taitneamh lom macánta dílis a thagann chugat as guth soiléir Phádraig féin, amhránaí ar mian leis an taitneamh follasach sin a roinnt leis an saol. An gá leithscéal ar bith eile le hamhrán a rá?
Foclóir:
taitneamhach = enjoyable
aolchrobh = fair hand
éamh = cry/complaint
log = place
laoi = calf
bruasa = (thick) lips
ionadh = surprise










