Buachaill dána umhal

Labhair an t-amhránaí Calum Agnew le Emma Ferrari faoina EP nua agus faoin bhforbairt atá tagtha ar a chuid ceoil

Calum Agnew
Calum Agnew

Dóibh siúd a bhfuil aithne acu ar Calum Agnew, seans go gcuirfeadh teideal a EP nua, Bad Boy, iontas orthu.

Cé go bhfuil sé fós i mbun staidéar ar an gceol - tá Calum i mbliain na céime in BIMM i láthair na huaire - tá ardmholadh á fháil ó gach cearn cheana féin ag an amhránaí óg. In 2025 chas sé ar ardán Ones To Watch in Whelan’s agus bronnadh an teideal New Local Hero de chuid Hot Press air. Luann sé an oíche sin mar cheann de na buaiceanna as a bhfuil sé bródúil ina ghairm go dtí seo.Rud as a bhfuil mé bródúil? B’fhéidir an comórtas Local Hero. Bhí mé ag seinm le mo bhanna ceoil san Academy Main Room, agus bhí sé go hálainn, bhí an oíche sin go hiontach.”

Calum Agnew. Photograph: Daniel Breene
Calum Agnew. Photograph: Daniel Breene

Tá réalta Calum ag dul in airde, a ainm luaite go minic in irisí ceoil, agus EP úrnua seolta aige sa Grand Social an mhí seo. Cnuasach cúig amhrán atá in Bad Boy, atá léirithe le muinín, le máistreacht ar a ghlór amhránaíochta, agus le fuaim atá fréamhaithe sa bpopcheol ach a bhfuil claonadh i dtreo snagcheoil agus soul ann.

In ainneoin an teidil, tá Calum umhal agus é i mbun cainte faoin gceol nua seo. Baineann an teideal leis an athrú a thagann orainn - le haois, le caidrimh, leis an nós atá againn géilleadh do mhianta daoine eile scaití. Athrú ar mhaithe le duine eile, sin an premise den EP, tú féin a athrú ar son duine eile. Scríobh mé an chéad amhrán nuair a bhí mé 18. Táim níos sine anois, agus táim difriúil anois.”

Tá ilghnéitheacht dheas ann idir an teideal, leochaileacht na liricí, agus foinn bhríomhara an cheoil: “tá sé níos éasca, ceapaim, masc a chur ar do liricí nuair a chuirtear tiúin upbeat leo. Sin a mhothaím.”

Déanann sé machnamh ar an gcaoi a dtagann sé seo leis an nós Éireannach beag is fiú a dhéanamh dár mothúcháin, nó iad a chur faoi cheilt le greann nó a leithéid. “Deir muid ‘Tá sé grand, like!’ nuair atá brón an domhain orainn!”

Smaoiním ar an tuairim atá ann go bhfuil Dancing On My Own le Robyn ar an bpopamhrán foirfe: tá sé uilíoch sa gcaoi go bhfuil gliondar agus duairceas san aon anáil amháin ann. “Sin fíor! Tá gach amhrán ar an EP faoi ghrá agus briseadh croí. Ach mar a dúirt muid tá sé saghas spraíúil agus mé ag caint faoi sin sna liricí. Déarfainn le daoine ‘tá sé ceart go leor a bheith croíbhriste, agus bop a scríobh fós!’ Tá súil agam go dtuigeann daoine na heispéiris sna liricí - nó tá súil agam nach dtuigeann, ar mhaithe leo féin!”

Tá rud éicint speisialta faoi chnuasach mar seo a scríobh ag pointe teacht in inmhe...

Rinneadh taifeadadh ar a chéad amhrán Níos Fearr agus é i gColáiste Lurgan tráth. “Chun an teanga a chleachtadh trí cheol, bhí sé sin ar fheabhas. Is aoibhinn liom an Ghaeltacht agus na daoine a bhí ann liom.” Ó shin tá stíl Calum forbartha go mór, agus rian leithéidí Amy Winehouse le cloisteáil ar amhráin ar nós LALALA: Tá mo stíl difriúil anois. Nuair a bhí mé níos óige bhí mé ag éisteacht le U2 nó rud éicint ach anois is Lana Del Rey an t-amhránaí is fearr liom, ach is aoibhinn liom Joy Crookes freisin - sin mo stíl cinnte. Is meascán de cheol difriúil atá ann. Bhí uaim éisteacht le go leor seánraí éagsúla, bhí uaim mo liricí a fheabhsú i gcónaí.”

Is léir tionchar Lana ar an aeistéitic atá aige. Tá íomhánna láidre ní hamháin sa gceol ach i ngrianghraif agus ar na meáin shóisialta aige. “Tá sé cinnte ‘on purpose’! Mar a dúirt mé is í Lana an ceoltóir is fearr liom, mar sin thóg mé go leor inspioráide uaithi, ach tá sé ann d’aon turas! Aesthetically, tá sí an-sásúil. Fiú ar TikTok nó Instagram, tá sé sin an-tábhachtach dom. Thaifead mé físeán Bad Boy cúpla mí ó shin, agus fuair mé go leor inspioráide ó Lana dhó sin.”

Calum Agnew. Photograph: Daniel Breene
Calum Agnew. Photograph: Daniel Breene

Tá rud éicint speisialta faoi chnuasach mar seo a scríobh ag pointe teacht in inmhe. Dialannú nó cartlannú ar phróiseas atá uilíoch ach thar a bheith pearsanta, eispéireas a bhaineann le fás aníos, agus áit a aimsiú sa saol agus ionainn féin. “Scríobh mé an chéad amhrán ag 18. Anois bhí am agam suí le mo mhothúcháin, agus an EP seo a chríochnú agus na dorais sin a dhúnadh. Táim an-bhródúil go bhfuil an togra seo agam, agus gur féidir le daoine filleadh air agus na hamhráin a chloisteáil ó thús go deireadh. Feicim an fhorbairt atá tagtha orm, agus mo mhothúcháin féin, agus táim ar bís a fheiceáil céard atá le baint amach agam amach anseo freisin.”