Is é Criostóir Ó Faoláin atá ina stiúrthóir ar Choláiste na Rinne, duine de na stiúrthóirí is óige sa tír. Tá sé i gceannas ar áit eisceachtúil a osclaíodh i nGaeltacht na nDéise breis agus 120 bliain ó shin. Ceapadh é ina stiúrthóir ar an gcoláiste i nDeireadh Fómhair 2022, tráth nach raibh sé ach 32..
“Thuig mé gur dúshlán mór a bheadh ann,” a deir sé, ag féachaint siar ar a cheapachán, é ag teacht i gcomharbacht ar oidhreacht shuntasach an choláiste ársa.
Creideann sé gur áit ar leith í seo – suite ar 25 acra ag taobh na farraige ar leithinis na Rinne. I rith an tsamhraidh, le breis agus céad duine fostaithe thar na rannóga éagsúla, tá sé coitianta bualadh le scoláirí idirnáisiúnta ó Mheiriceá, ón Áis nó ó mhór-roinn na hEorpa, iad ag meascadh le scoláirí meánscoile as Éirinn, ag trasnú a chéile sa chearnóg os comhair an choláiste, gach duine acu i mbun fhoghlaim agus caint na Gaeilge, ar an mbealach go dtí rang nó ceardlann. In éineacht le ranganna traidisiúnta, bíonn siad ag freastal ar thurais agus ar chúirteanna áitiúla, ar cheardlanna ceoil agus ag dul ar shiúlóidí de gach saghas. Fanann a mhórchuid acu ar láthair an choláiste.
“Tá an t-ádh linn leis an áit ina bhfuilimid lonnaithe, anseo cois mara thoir sa Rinn,” a mhíníonn sé. “Bíonn an ceantar álainn mórthimpeall orainn in úsáid againn mar chuid d’aon chlár ama. Bíonn turais a bhaineann úsáid as an gceantar chun stair agus oidhreacht na tíre a léiriú – mar shampla turas chuig Reilig an tSléibhe chun stair an Ghorta Mhóir a léiriú.
READ MORE
“Tá gach rud ar champas amháin, foireann bainistíochta amháin agus pointe teagmhála amháin,” arsa Ó Faoláin. Ní dóigh leis go bhfuil “a mhacasamhail de choláiste in aon Ghaeltacht eile sa tír”.
Mar stiúrthóir, tá sé i gceannas ar gach gné d’obair an choláiste: na cúrsaí samhraidh ar fad a ritear do daltaí atá ag foghlaim nó ag ullmhú do scrúduithe na meánscolaíochta agus na bunscolaíochta; le linn an gheimhridh, bíonn scoláirí tríú leibhéil i láthair, iad tagtha mar thoradh ar an nasc atá ag an gcoláiste le hollscoileanna éagsúla, lena n-áirítear Ollscoil Luimnigh, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU), chomh maith le Ollscoil Northeastern agus Ollscoil Boston sna Stáit Aontaithe. Bíonn ábhair oidí ag freastal leis ar chúrsaí sa choláiste, idir fhochéimithe agus iarchéimithe, chun dianchúrsaí éagsúla atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a leanúint, agus í mar aidhm acu cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach. Tá an nasc seo leis an dtríú leibhéal níos láidre fós ó síníodh Meamram Tuisceana in 2020 idir Coláiste na Rinne agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Tá sé féin agus a bhean chéile, Natália Danzmann, arb as an mBrasaíl í agus í ina cainteoir líofa Gaeilge, tiomanta agus tugtha go hiomlán do shaol na Gaeilge…
Gan amhras bíonn Scoil na Leanaí faoi lánseol le linn na scoilbhliana chomh maith, an t-aon bhunscoil chónaithe lán-Ghaeilge sa tír, í ag feidhmiú mar chuid de Choláiste na Rinne ó bunaíodh an scoil in 1919. Tá stádas mar scoil Ghaeltachta bainte amach aici anois agus tá bród ar an stiúrthóir seo a rá go bhfuil uimhreacha na bunscoile ag méadú arís.
Agus é ag bronnadh Teastais Scoil na Leanaí 2025 ar pháistí a d’fhreastail ar an mbunscoil anuraidh, ghríosaigh sé iad gan dearmad a dhéanamh ar an mbliain speisialta a bhí caite acu i gceartlár Ghaeltacht na nDéise.
“Amárach nuair a théann sibh abhaile, ní bheidh sibh mar scoláirí i gColáiste na Rinne a thuilleadh, ach beidh sibh mar iarscoláirí de chuid an Choláiste go deo. Beidh sibh ag imeacht uainn amárach le Gaeilge mhaith, le scileanna sóisialta nua agus le cairde a bheidh agaibh go deo.”
Ní bhfuair sé féin eispéireas Gaeltachta mar seo agus é ina pháiste. Níor tógadh le Gaeilge é. Níor fhreastail sé ar bhunscoil ná ar mheánscoil lán-Ghaeilge. Agus é óg bhí an teaghlach sa mBaile Breac, ceantar idir Coill Mhic Thomáisín agus chathair Phort Láirge. Agus é ina dhéagóir, d’fhreastail sé ar Coláiste Pobail Dhéagláin Naofa i gCoill Mhic Tomáisín. Ag deireadh na meánscoile, bhí sé ar intinn aige cáilíocht a bhaint amach mar mhúinteoir miotalóireachta. Chuige sin, d’fhreastail sé ar chúrsa in Ollscoil Luimnigh. Ach tar éis dhá bhliain agus taithí mhúinteoireachta a fháil, “thuig mé nach domsa saol an mhúinteora. D’athraigh mé go dtí an Gaillimh” agus dhein sé cúrsa sa Ghaeilge.
Is ina dhiaidh sin gur chas sé “i gceart” i dtreo na Gaeilge. Fuair sé post lán-aimseartha i lárionad glaonna i gcathair Phort Láirge “ag freagairt glaonna i nGaeilge”. Is le linn an ama seo a thosaigh sé ag freastal ar chiorcal comhrá i gcathair Phort Láirge gur “as sin is mó a tháinig feabhas orm i labhairt na Gaeilge”. Tháinig sé go dtí an Rinn nuair a fuair sé post mar bhainisteoir forbartha le Comhlacht Forbartha na nDéise.
Tá sé féin agus a bhean chéile, Natália Danzmann, arb as an mBrasaíl í agus í ina cainteoir líofa Gaeilge, tiomanta agus tugtha go hiomlán do shaol na Gaeilge agus saol Gaelach na nDéise. Ag cuimhneamh siar dó, deir sé gurb é an rud ba mhó a spreag é chun bheith gníomhach i leith na teanga ná leabhair staire faoi Chogadh na Saoirse a léigh sé agus é ina dhéagóir. Ag deireadh caibidle amháin maíodh go bhfuil sé mar dhualgas ar na glúine atá le teacht beart a dhéanamh ar son na teanga. “Dhírigh mé níos mó ar an nGaeilge a fhoghlaim ina dhiaidh sin,” a deir sé. “Treoir chun gnímh a bhí ann sin domsa,” ar sé, agus diongbháilteacht ina ghuth. Ansin sula gcasann sé ar ais ar a oifig, caitheann sé a shúile thar chearnóg fhairsing Choláiste na Rinne, an áit a bhí sa chinniúint aige.









