Domhan na láimhe láidre

Tá taithí againn anois ar Trump agus tá a fhios ag an domhan mór nach féidir brath ar aon rud a thagann as a bhéal.

Ospidéal Gandi in Tehran i ndiaidh ionsaithe diúracáin a rinne na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar phríomhchathair na hIaráine an tseachtain seo caite. Grianghraf: AFP via Getty Images
Ospidéal Gandi in Tehran i ndiaidh ionsaithe diúracáin a rinne na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar phríomhchathair na hIaráine an tseachtain seo caite. Grianghraf: AFP via Getty Images

Bhíos ar an meánscoil nuair a léigh mé ‘Ó mo Bheirt Phalaistíneach’, dán a scríobh an file Michael Davitt sa bhliain 1982.

Chonaic sé tuairisc nuachta ar an teilifís faoin slad a rinneadh i gcampaí teifeach Sabra agus Chatila i mBéiriút sa bhliain 1982. Taispeánadh coirp de bheirt ghasúr a maraíodh san ionsaí náireach. Fórsa paraimíleata, le tacaíocht dhíreach ó Iosrael, a bhí taobh thiar de.

An oíche chéanna thug Davitt sracfhéachaint ar a pháistí óga féin agus iad ina gcodladh, agus rinne codarsnacht oilte idir an dá radharc.

Críochnaíonn an dán le línte corraitheacha faoin uafás trom a bhuail é.

“Ó mo bheirt Phalaistíneach

ag lobhadh sa teas lárnach.”

Chuaigh an dán sin go mór i bhfeidhm orm agus tagann sé chun cuimhne scaití go fóill, go háirithe nuair a thosaíonn cogadh nó aighneas foréigneach. Is iad na sibhialtaigh neamhchiontacha, go háirithe páistí, is mó a fhulaingíonn.

Scríobhadh an dán sin breis is dhá scór bliain ó shin agus, faraor, is beag atá athraithe idir an dá linn maidir le neamhspéis na gcumhachtaí móra, atá ar nós cuma liom faoi bheatha daoine a cailleadh go fánach.

Níor chuir aon duine é níos duairce ná Stephen Miller, Leas-Cheann Foirne i dTeach Bán Donald Trump. Ag labhairt dó ar CNN níos luaithe i mbliana, dúirt sé: “Táimid inár gcónaí i ndomhan, san fhíorshaol, atá á rialú ag an neart, atá á rialú ag an lámh láidir, atá á rialú ag an gcumhacht. Seo iad dlíthe iarainn an domhain.”

Níl an cur chuige sin níos soiléire in aon áit ná sna himeachtaí a tharla le bliain anuas: ionsaí Iosrael ar Gaza; buamáil SAM ar an Iaráin anuraidh; fuadach Uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro; agus anois, le seachtain anuas, an cinneadh aontaobhach a rinne Iosrael agus Meiriceá an Iaráin a bhuamáil arís.

Le glúnta anuas tá an scéal truamhéalach seo feicthe againn nuair a dhéanann cumhachtaí láidre an Iarthair idirghabháil sa Mheánoirthear.

Gan dabht, ní raibh mórán bá le brath do Maduro. Is amhlaidh an scéal leis an Ayatollah Ali Khamenei a dhaor easaontóirí chun báis agus a chuir agóidí poiblí faoi chois go brúidiúil. Chonaiceamar é sin arís le bliain anuas, nuair a maraíodh na mílte le linn agóidí sráide in aghaidh an réimis. Mar a dúirt Simon Harris an tseachtain seo caite, is beag duine a chaillfidh deora tar éis bháis an Ayatollah.

Tá taithí againn anois ar Trump agus tá a fhios ag an domhan mór nach féidir brath ar aon rud a thagann as a bhéal. Chonaiceamar arís an tseachtain seo cúiseanna contráilte á dtabhairt aige i dtaca leis an ionsaí.

Bhí míniú amháin (fíorlag, dar liom féin) a thug an Rúnaí Stáit, Marco Rubio, Dé Luain go raibh Iosrael chun ionsaí a dhéanamh ar an Iaráin pé scéal é, agus go ndeachaigh Meiriceá isteach ar an ionsaí mar go raibh drogall orthu go ndéanfaí ionsaí díoltais ar na Stáit Aontaithe. Diabhal seans go raibh an cumas ag an Iaráin a leithéid a dhéanamh.

Ní haon ionadh gur tháinig Trump amach níos déanaí an lá céanna agus gur chuir sé a mhalairt in iúl, ag maíomh gur ghríosaigh sé féin na hIosraelaigh chun an t-ionsaí a sheoladh.

Arís feicimid an neamhshuim a léiríonn na mórchumhachtaí i leith saol daoine neamhchiontacha. Le glúnta anuas tá an scéal truamhéalach seo feicthe againn nuair a dhéanann cumhachtaí láidre an Iarthair idirghabháil sa Mheánoirthear.

Is fíor go raibh cuid mhaith de na réimis ar díríodh orthu trí na blianta truaillithe — neamhdhaonlathach, frithmhná, agus naimhdeach do shaoirse cainte. Bhí saol crua acu siúd nach raibh dílis don réimeas.

Tá ceannas míleata ag Meiriceá agus ag Iosrael, agus níl a sárú le fáil in aon arm eile ar domhan. Mar sin, buann siad an chéad chéim den chogadh i gcónaí, agus déanann siad treascairt ar a gcéile comhraic.

Is í an fhadhb ná go mbíonn deacrachtaí acu san fhadtéarma, nuair a thagann iarmhairtí an chogaidh i bhfeidhm. Chonaiceamar é sin san Afganastáin, san Iaráic, sa tSiria agus sa Libia, tír atá fós ina cíor thuathail beagnach 15 bliana tar éis a “saortha”.

Spreagann sé sin an cheist: cad é an sprioc dheiridh atá acu leis an Iaráin? Deir Meiriceá anois nach bhfuil siad ag iarraidh athrú réimis — cé gur thug Trump le fios ag an deireadh seachtaine go bhféadfadh sé sin a bheith ar an gclár oibre. Deir siad gur mian leo cumas míleata na hIaráine a lagú, agus seans go n-éireoidh leo í a lagú go suntasach tar éis seachtainí de bhuamáil gan stad.

Ach is cluiche fadtéarmach é an díoltas. Is féidir leo siúd atá in aghaidh chumhachtaí an Iarthair fanacht go foighneach agus a bhfreagra a phleanáil. Tá sin feicthe againn le blianta beag anuas.

Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez. Grianghraf: Paul Faith/AFP via Getty Images)
Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez. Grianghraf: Paul Faith/AFP via Getty Images)

Is suimiúil freisin féachaint ar an bhfreagra ó thíortha eile an Iarthair. Níor cháin mórán rialtais Eorpacha an t-ionsaí go poiblí, cé nach raibh aon údarás dlíthiúil ná idirnáisiúnta taobh thiar de. Tá a fhios ag an domhan mór áfach nach dtugann riarachán Trump mórán airde ar na cúrsaí sin.

Cháin Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez, an t-ionsaí go géar, agus d’fhreagair Trump trí bhagairt a dhéanamh go gcuirfeadh sé an trádáil leis an Spáinn ar fionraí.

Mheall Keir Starmer cáineadh ó Trump freisin, cé nár cháin sé Uachtarán SAM go hoscailte. Ina ainneoin sin, rinne Trump beag is fiú de, ag rá nach aon Winston Churchill é an fear bocht.

Bhí rialtas na hÉireann an-chúramach ina fhreagra. Níor cháin siad an t-ionsaí go lom, ach chuir siad a n-imní in iúl. Dúirt siad gur cheart do Trump dul chuig Comhdháil na Stát Aontaithe chun cead a fháil, agus chuig na Náisiúin Aontaithe in éineacht.

Rinne Micheál Martin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Helen McEntee, idirdhealú idir an feachtas seo agus ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022. Deir siad gur tír dhaonlathach í an Úcráin, agus gur réimeas leatromach é an córas san Iaráin.

Mar sin féin, d’fhéadfadh cruinniú míchompordach a bheith roimh Mhicheál Martin in Washington. Beidh Trump ar an eolas nár thug Rialtas na hÉireann tacaíocht iomlán dá chuid gníomhartha, agus tá an baol (sách mór) ann go mbeidh cáineadh poiblí i ndán don Taoiseach.

Ach is beag an rud é sin i gcomparáid leis na céadta íospartach a gheobhaidh bás sna seachtainí atá romhainn.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times