Féachaintí móra eile le cur ar Starmer

Bhí deacrachtaí ag Páirtí an Lucht Oibre leis an fhothoghcháin i Mórcheantar Mhanchain ón tús

An feisire nuathofa i bpairlaimint Shasana Hannah Spencer ón Chomhaontas Ghlas le ceannaire an pháirtí Zack Polanski. Grianghraf: Stefan Rousseau/PA Wire
An feisire nuathofa i bpairlaimint Shasana Hannah Spencer ón Chomhaontas Ghlas le ceannaire an pháirtí Zack Polanski. Grianghraf: Stefan Rousseau/PA Wire

Beidh impleachtaí móra ag toradh fothoghcháin i Mórcheantar Mhanchain le déanaí agus imreoir cumhachtach eile ag bailiú nirt i bpolaitíocht na Ríochta Aontaithe. Agus an príomh-aire thall Keir Starmer ag caitheamh a chuid ama ag coinneáil súil ar fhás na eite deise sa tír, tháinig an Páirtí Glas chun tosaigh ar an eite chlé chun bua a fháil, rud a tháinig aniar aduaidh ar chuid mhór.

Suíochán sábháilte a bhí i dtoghcheantar Gorton agus Denton le beagnach céad bliain anuas, agus san olltoghchán in 2024 bhí tromlach de bhreis agus 50% ag Páirtí an Lucht Oibre sa toghcheantar. San fhothoghchán seo, áfach, tháinig iarrthóir an pháirtí Angeliki Stogia sa tríú háit, toradh feachtais a chuirfidh imní ollmhór ar Starmer agus ar Pháirtí an Lucht Oibre, go háirithe agus toghcháin áitiúla ag teacht aníos i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag i mí na Bealtaine.

Bhí deacrachtaí ag an pháirtí leis an fhothoghchán áirithe seo ón tús agus Ardmhéara Mhanchain Andy Burnham ag léiriú suim san iarrthóireacht - chuir ceannasaíocht an pháirtí ina éadan áfach. Is é ba chúis leis sin, is dócha, ná an tionchar mór a thiocfadh le Burnham a imirt in éadan Starmer sa pháirtí dá mbeadh sé in Westminster. Is cinnte go ndearnadh dochar do Starmer agus don pháirtí mar gheall ar an scéal sin cibé.

Sa deireadh, ba í Hannah Spencer ón Pháirtí Ghlas a tháinig sa chéad áit le 40.7% den vóta (suas 28% ón toradh ag an olltoghchán in 2024). Seo an chéad bhua fothoghcháin riamh do na Glasaigh agus dúirt ceannaire an pháirtí Zack Polanski go léiríonn sé nach bhfuil aon cheantar ann nach féidir leis an Pháirtí Ghlas dul isteach ann anois.

Tá an páirtí ag tógáil nirt le tamall anuas agus ag mealladh daoine ó chúlraí agus ó chreidimh éagsúla. Cuireann siad iad féin i láthair mar rogha réadúil dóibh siúd ar an eite chlé le béim ar chúrsaí timpeallachta agus iad an-láidir ar cheisteanna sóisialta chomh maith.

Bhí go leor ráite le míonna beaga anuas maidir leis an bhagairt a chruthaíonn páirtí polaitíochta Nigel Farage, Reform, do Starmer agus Reform anois ag maíomh gurb iadsan fíorfhreasúra na Parlaiminte. Cé nach raibh an bua acusan ar an lá, dúirt an t-iarrthóir ó Reform Matt Goodwin, a tháinig sa dara háit, go raibh sé sásta go raibh sé ábalta Páirtí an Lucht Oibre a náiriú ina gceantar féin agus gur féidir le Reform torthaí eile mar seo a bhaint amach áit ar bith anois.

Agus Starmer ag breathnú go géar ar an eite dheas agus ar an damáiste a thiocfadh le Reform a dhéanamh dá pháirtí, cailleadh an borradh a bhí faoin tacaíocht do na Glasaigh, rud ar léiriú é ar an chorraí san eite chlé.

Níl aon amhras ach go bhfuil dochar déanta do Starmer de bharr cuid de na cinntí atá déanta ag a Rialtas chun daoine a mhealladh ar ais ó Reform ar cheisteanna maidir leis an inimirce agus ceisteanna sóisialta eile. Agus Starmer ag bogadh an pháirtí i dtreo an láir chun an tacaíocht choimeádach a mhealladh, tá ag éirí leis an lucht tacaíochta traidisiúnta a bhí acu féin a bhrú ar shiúl, agus tá an Páirtí Glas réidh le fáilte a chur rompu.

Ar bharr na ndeacrachtaí seo, tá páirtí nua, Your Party, bunaithe ag iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn i gcomhar leis an Fheisire Parlaiminte Zarah Sultana. Ní léir go fóill an mbeidh tionchar ag an pháirtí úr sna toghcháin atá le teacht i gceann dhá mhí - bhí roinnt deacrachtaí ag an pháirtí agus iad fós i mbéal forbartha - ach is cinnte gur casadh eile ar an scéal é seo a chuireann brú arís ar Starmer a bheith airdeallach ar thacaíocht a chailliúint in go leor áiteanna éagsúla.

Níl aon amhras ann go gcruthaíonn an ilroinnt leanúnach seo i bpolaitíocht na Breataine an-chuid deacrachtaí do na páirtithe ar fad. Le córas atá bunaithe ar mhóramh simplí a bhaint amach le suíocháin a fháil, éiríonn sé deacair a thomhas cé na himpleachtaí a bheidh ag a leithéid d’athrú ar an tírdhreach pholaitiúil amach anseo.

Ach tá móiminteam nach beag leis na Glasaigh anois agus dá mb’fhéidir leo sin a choinneáil go ceann tréimhse eile d’fhéadfadh siad dul i bhfeidhm ar na torthaí toghcháin.

I bpobalbhreith YouGov an tseachtain seo caite léiríodh go raibh an Páirtí Glas ar 21%. Níl sa mhéid sin ach dhá phointe taobh thiar de Reform atá ar 23%, agus tá Páirtí an Lucht Oibre agus na Coimeádaigh ar comhchéim ar 16% an pháirtí. Seo an leibhéal is airde atá bainte amach ag an Pháirtí Ghlas riamh agus an chéad uair a bhí siad sa dara háit.

Tá an-chuid deacrachtaí os comhair Starmer mar sin, mar a bhí ó chéadtháinig sé isteach i ról an príomh-aire.

D’éirigh leis roinnt bagairtí móra ar a cheannasaíocht ar an pháirtí a sheachaint le déanaí, ach tá sé deacair a fheiceáil cén dóigh a mbeidh sé ábalta déanamh amhlaidh in athuair mura n-athraíonn an treo reatha go han-luath. Is mór an fhéachaint a chuirfidh na toghcháin áitiúla air.

Foclóir: impleachtaí = implications

Fothoghchán = byelection

Toghcheantar = electoral area

Suíochán sábháilte = safe seat

Damáiste = damage

Airdeallach = alert, watchful