Cúrsaí breisoideachais Gaeilge á gcur ar ceal

Easpa maoinithe ón eagras Solas is cúis leis na ciorruithe

Fógraíodh le gairid nach leanfar ar aghaidh leis an rang Gaeilge agus cúrsaí eile i mBaile Átha an Rí.  Grianghraf: Joe O'Shaughnessy.
Fógraíodh le gairid nach leanfar ar aghaidh leis an rang Gaeilge agus cúrsaí eile i mBaile Átha an Rí. Grianghraf: Joe O'Shaughnessy.

Tá imní ann go gcuirfear cúrsaí Gaeilge atá á reáchtáil ag Boird Oideachais agus Oiliúna (ETB) ar ceal de bharr ciorruithe ón ngníomhaireacht stáit a dháileann maoiniú ar earnáil an bhreisoideachais.

Fógraíodh cheana féin nach leanfar ar aghaidh leis an rang Gaeilge agus cúrsaí eile i mBaile Átha an Rí de bharr gur tháinig laghdú €1.4m ar an mbuiséad don bhreisoideachas agus oiliúint i nGaillimh agus Ros Comáin i mbliana.

Ag labhairt di le Scéal, dúirt an Teachta Dála Mairéad Farrell ó Shinn Féin go raibh an-éileamh ar chuid de na cúrsaí seo agus go bhfuil neart múinteoirí ann a bhí ar tí conarthaí buana a fháil ach a chaillfidh a bpoist anois de réir dealraimh.

Dúirt an Teachta Farrell: “Ón méid a thuigimse féin, tá sé seo ag tarlú i roinnt áiteanna agus tá sé dírithe ar an mBéarla, Gaeilge agus cúrsaí litearthachta freisin”.

“Tá ranganna Gaeilge agus ranganna Béarla atá lán faoi láthair mar gheall go bhfuil éileamh orthu agus tá na ETBanna ceaptha oideachas a chur ar fáil atá ag teastáil ó dhaoine.

“Tá go leor daoine á dhéanamh ach, chomh maith leis sin, tá daoine atá chun a jabanna a chailliúint. Bhí daoine i dteagmháil liom mar gheall go bhfuil siad buartha mar gheall air seo, daoine atá ag obair sna ETBanna.”

Dúirt an Teachta as Gaillimh Thiar freisin gurb í an tuiscint atá aici gur cuireadh ranganna ar ceal in áiteanna eile sa tír freisin. Chuir sí ceist pharlaiminte lena fháil amach cén fáth a raibh ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin na ranganna i mBaile Átha an Rí a chur ar ceal.

Sa fhreagra a tugadh don Teachta Farrell agus atá feicthe ag Scéal, dúradh go bhfuil deireadh anois tagtha le maoiniú €20 milliún a cuireadh i leataobh in 2022 chun an Béarla a mhúineadh mar theanga iasachta thar thréimhse ceithre bliana.

Cé go bhfuil deireadh curtha leis an maoiniú, is méadú atá tagtha ar an éileamh ar mhúineadh an Bhéarla mar theanga iasachta le blianta beaga anuas. Deirtear go bhfuil an t-ardú seo tar éis srian a chur ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil le haghaidh cúrsaí eile san earnáil breisoideachais agus oiliúna.

Ina ainneoin seo, tá níos mó airgead poiblí á chaitheamh ar an earnáil ná mar a bhí riamh.

Idir 2023 agus 2026 tháinig méadú suntasach €183.7 milliún ar an maoiniú a cuireadh ar fáil do Solas – an eagraíocht stáit neamhspleách atá freagrach as maoiniú don earnáil breisoideachais agus oiliúna a dháileadh.

Mar sin, níl sé soiléir cén fáth ar ghearr Solas an maoiniú breisoideachais a bhí á chur ar fáil do na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fud na tíre.

Ní hé seo an chéad uair a raibh conspóid ann maidir le fadhbanna a bhaineann leis na buiséid atá leithdháilte ag Solas.

Le bliain anuas, tuairiscíodh go raibh imní ann go gcuirfí cúrsaí áitiúla breisoideachais agus oiliúna ar ceal i bPort Láirge, Lú, an Mhí agus Tiobraid Árann.

Mí Lúnasa seo caite, d’eagraigh múinteoirí breisoideachais agóid taobh amuigh d’oifigí Solas le léirsiú i gcoinne ciorrú post agus droch-choinníollacha oibre.

I ráiteas, dúirt Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) nach raibh aon rogha ach na ranganna Gaeilge i mBaile Átha an Rí a chur ar ceal de bharr easpa maoinithe ó Solas.

Is é a dúirt urlabhraí de chuid an Bhoird le Scéal: “Mar chomhlacht atá maoinithe go poiblí, tá freagracht ar GRETB a sheirbhísí a sholáthar laistigh dá bhuiséad leithdháilte”.

“Níl aon rogha ag an mBord Oideachais agus Oiliúna ach a leibhéal soláthair a laghdú chun a leithdháileadh buiséid a bhaint amach.

“Mura ndéanfar athrú ar an maoiniú atá ar fáil do 2026, ní bheidh muid in ann an cinneadh seo a aisiompú.”

Rinne iarracht teagmháil a dhéanamh le Solas agus fiafraíodh den eagras cén fáth a raibh cúrsaí á gcur ar ceal cé go raibh éileamh ann orthu agus go bhfuil níos mó airgid ná riamh san earnáil breisoideachais agus oiliúna.

Níor tugadh freagra ar na ceisteanna seo faoin am ar foilsíodh an t-alt.