Faoisc, freagra agus beannachtaí na féile

Deirtear gur ‘Cothraige’ an chéad ainm a tugadh ar Naomh Pádraig in Éirinn mar nach raibh aon fhuaim [P] i nGaeilge ag an am…

St Patrick: Ireland’s patron saint. Illustration: Archive Photos/Getty
St Patrick: Ireland’s patron saint. Illustration: Archive Photos/Getty

Beidh cúpla ábhar againn an tseachtain seo agus, cé nach bhfuil ceangal díreach eatarthu, tá rud nó dhó le foghlaim uathu. Is é an leagan cainte seo a leanas a spreag mo shuim san ábhar atá faoi chaibidil sa chéad chuid den alt ghairid seo: Tá an duine bocht faoiscthe. Is é an chiall a bhí ag an té a labhair leis an ráiteas go raibh cuma chráite, lag ar an duine a rabhthas ag caint air – drochdhath ar a aghaidh agus ar a chorp uile go léir.

Chuir an méid sin ag smaoineamh mé faoin dóigh ar lean an chiall ar leith sin an frása cainte seo, agus, ar ndóigh, ba ghairid go dtáinig míniú ar an scéal. Is briathar é faoisc gan amhras agus is é an bhunchiall atá leis an craiceann a bhaint de rud éigin cnó iascán nó a leithéid sin. Mar shampla, tugtar faoisce ar an chlúdach a bhíonn ar chnó de chineál ar bith.

Is é an úsáid is mó a bhíodh muid a bhaint as an fhocal sa chaint cur síos a dhéanamh ar an rud a bhímis a fhaoisceadh. Tabhair faoisceadh do rud éigin nó bain faoisceadh as rud, a deirtear. Is é an rud atá i gceist go bunúsach an t-iasc/bia a bhíonn istigh i sligeáin a bhogadh trí uisce galach a dhoirteadh orthu nó tine a chur fúthu. Ar ndóigh bhí seo an-choitianta ina measc siúd a mbíodh cónaí orthu cois cladaigh nó cósta. Bairnigh agus faochain/faochógaí is mó a ndéantaí an faoisceadh seo orthu.

Cé go mbítí ag ithe bairneach go fada fairsing go háirithe san Fhómhar, bhíodh siad righin go maith le cogaint gan fiacla maithe a bheith agat. Ach i dtús an Fhómhair, bhíodh píosa éisc a bhíodh deas bog agus furasta a chogaint ar a ndroim. Agus bhí rud eile ag baint leis, baoite iontach a bhí ann le breith ar ghlasáin agus ar mhurlais/ronnaigh - ‘murlas’ a bhíonn ag na hUltaigh. Is é an t-ainm a bhí againn ar an bhia bhog seo ar dhroim na mbairneach, an Moiltín Fómhair. Agus mar a deir an seanfhocal: ‘Ná maraigh mise agus mo mhoiltín Fómhair go haoibhinn ar mo dhroim.’

Bhí trácht agam in alt eile sa tsraith seo faoi na portáin/crúbógaí, gur minic a bhíonn dhá cheann nó trí istigh san aice (poll) ina mbíonn siad agus go mbíonn an ceann is faide isteach bog nó gan chraiceann – faoisceán a thugtaí uirthi sin sa tSean-Ghaeilge agus inniu féin mar meastar gur ceann baineann í.

Focal eile atá an-chosúil le faoisc an focal fáisc a chiallaíonn rud a theannadh nó a bhrú le chéile. As sin a thagann na focail fáisceán agus fáiscín. Tugtar fáiscín reatha ar ‘zip’ an Bhéarla i dTír Chonaill. Sibhse a bhfuil suim agaibh i mallachtaí is dóiche gur chuala sibh an frása ‘marbhfháisc ort!’ Deirtear gurb é an rud a bhí sa mharbhfáisc an t-éadach a chuirtí thart faoi smigead an duine mhairbh a mbíodh a bhéal cineál oscailte lena choinneáil druidte – slán an tsamhail!

Tháinig ceist bheag chugam le deireanas ag fiafraí cad é an bunús atá leis an fhocal freagra i nGaeilge. De réir cosúlachta, tigeann bunús an fhocail seo ón dá fhocal frith + gaire (glaoch nó labhairt ar ais le duine) agus bhí an litriú frecre air i dtús báire ach d’athraigh sin go freagra níos deireanaí i stair na teanga. Tá aisfhreagra againn fosta sa Nua-Ghaeilge. Tá gaol idir gaire agus gairm atá coitianta sa Nua-Ghaeilge mar atá san amhrán Peigín Leitir Móir, O gairm gairm í’.

Ó tharla go mbeifear á léamh seo Lá Fhéile Pádraig, is ceart cúpla focal a rá anois faoi féin agus faoin tseamróg agus rudaí eile. Deirtear gur ‘Cothraige’ an chéad ainm a tugadh ar Naomh Pádraig in Éirinn mar nach raibh aon fhuaim [P] i nGaeilge ag an am agus gur cuireadh an fhuaim [C] ina áit. Is ón Laidin Patricius a tháinig an t-ainm. Ar ndóigh, tháinig athruithe eile air ó shoin. Tá Pádraig, Pádraic agus Padhraic (Páraic) againn ó na canúintí éagsúla inniu.

Is dóiche gur le hÉirinn is mó a luaitear an focal ‘shamrock’ sa lá atá inniu ann agus is cinnte gurb iad tíortha an Bhéarla, go háirithe Meiriceá Thuaidh, is mó a scaip an focal. Is é an focal seamair - ‘clover’ - is bun don fhocal seamróg (= seamair + óg). Ní deireadh ró-choitianta a bhí in ‘-óg’ i ré na Sean-Ghaeilge ach d’éirigh sé coitianta i ndiaidh Ré na Meán-Ghaeilge in iasachtaí ón Bhéarla agus ón Fhraincis. Tá seamair thrídhuilleogach i dtíortha eile fosta ach níor tháinig siad i réim mar a rinne an tseamróg seo againne. Is dóiche gurb é An Pota Pádraig an deoch is mó a luaitear leis an lá. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh!

Foclóir

Aisfhreagra = retort

baoite = bait

faocha/faochóg = periwinkle

faoisc = parboil

uisce galach = boiling water

glasán = coal-fish

marbhfáisc ort! = bad cess to you

murlas = mackerel

righin = tough to chew.

seamair = clover

slán an tsamhail = God save the mark