Beidh cuimhne ag daoine d’aois áirithe cén áit a raibh siad nuair a d’airíodar mar gheall ar dhúnmharú John F Kennedy. Ba gheall le comhartha teacht in inmhe a bhí ann, geit gan choinne, ach leis sin, thit na sraimlí de na súile go pras maidir le socracht an tsaoil, maidir le hurlár na tuisceana go bhféadfadh duine chomh tábhachtach dá shamhail a bheith i mbaol.
Níorbh aon chabhair ina dhiaidh sin iomadú na dtuairimí comhcheilge, agus iad á gcumadh fós. Is ea, ba é Lee Harvey Oswald a scaoil an t-urchar (b’fhéidir, nó ceaptar), ach cé a bhí laistiar dó? Dé Luain, is ansa leat an CIA, Dé Máirt an Mafia, Dé Céadaoin imircigh Chúba, Déardaoin Lyndon Johnson, Dé hAoine Aristotle Onassis, Dé Sathairn Nikita Khrushchev, Dé Domhnaigh póilíní Dallas agus amach sa tseachtain dar gcionn, tagann rogha níos fairsinge ar an bhfód – The John Birch Society, tiarnaí drugaí idirnáisiúnta, Síónaigh, an coimpléasc míleata agus tionscail, an scáilrialtas, fear an scátha báistí, an triúr bacach, ionas go bhfuil do cheann ina bhulla báisín ar fad.
Níorbh é an t-aon uachtarán ná ceannaire stáit é a dúnmharaíodh ó shin, áfach, agus is liosta le háireamh iad siúd a thit le gunna nó le claíomh nó le crochadh lenár linn féin san aois seo amháin.
Is fíor go raibh Shinzo Abe na Seapáine éirithe as a phost nuair a maraíodh ar an tsráid é sa bhliain 2022, agus bhí Muammar Gaddafi ar a theitheadh nuair a cuireadh as dó sa draein in 2011. Chun a cheart a thabhairt do Idriss Déby Itno, uachtarán Shead, is ag troid lena arm ar nós ríthe fadó in aghaidh na reibiliúnach aduaidh a bhí nuair a scaoileadh é tuairim is cúig bliana ó shin, ach bhí sé de mhí-ádh ar Laurent-Désiré Kabila an Chongó gur duine dá gharda pearsanta féin a mharaigh é.
READ MORE
Tá mar shnáithe comónta eatarthu seo ar fad nár bhásaíodar le foréigean de dheasca stát eile a bheith ag tabhairt amas orthu d’aon ghnó i gcúrsa cogaidh. Tá norm idirnáisiúnta ann le fada nach maraítear ceann stáit le linn aighnis idir tíortha ar an tuiscint chéanna go mbíonn taidhleoirí agus ambasadóirí saor ó chontúirt. B’fhéidir gurb ait le daoine é sin toisc gurb iad na ceannairí céanna sin go minic is trúig leis an gcogadh sa chéad áit. Agus ní bheadh sé deacair liosta díobh a sholáthar arbh fhearrde an domhan agus an daonnacht go mbeidís díbeartha de chlár an tsaoil sula ndéanfaidís breis dochair. Ach ní hé sin an nós. Is féidir cathracha a leagan, tíortha a ghabháil, loingeas a bhá, príosúnaigh a chéasadh, léirsitheoirí a lámhach, gorta a thionscain, cailíní a loscadh ar scoil, fearann a bhánú, teifigh a chruthú, ospidéil a bhuamáil, naimhde a nimhiú agus teacht slán. Cé a dúirt go raibh ceart sa saol?
Toradh nach luaitear atá ar ionsaí USrael ar an Iaráin go bhfuil an chuma air go bhfuil an norm sin i leataobh. Is furasta a rá go raibh marú Ali Khamenei ag dul dó, ach tá an nós a raibh glacadh leis stractha níos fíochmhaire ná sin. Deir Iosrael agus na Stáit Aontaithe mar thaca gur féidir leo, agus gur mian leo, agus go bhfuil dúil acu pé ar bith ceannaire a socraíonn an Iaráin air a mharú, nó aon duine eile a bhfuil údarás aige sa tír mhí-ámharach sin. Cor nua sa saol idirnáisiúnta is ea é seo, go bhfógrófaí os ard gurb é do chuspóir solamanta uachtarán nó príomh-aire nó oifigeach ar bith ardghradaim i stát eile nach gean leat, go bhfógrófaí go bhfuiltear le fáil cur as dó.
Lena bhfuil d’fhaisnéis agus de ghairis shofaisticiúla fadraoin bháis anois ann, níl aon cheannaire slán feasta.













