Agus an lá ag dul chun síneadh, tá seachtar ban ón Seanphobal an-ghnóthach na laethanta seo – ag cruthú mósáice. Tá siad i mbun na hoibre agus í á cruthú acu istigh ar chúl bhalla Halla Cholmáin, seanteach scoile a tógadh in 1874, é suite i gceartlár pharóiste tuaithe in iarthar chontae Phort Láirge. Nuair a bheidh an jab críochnaithe acu, beidh an píosa ealaíne seo mar cheiliúradh agus léargas ar áilleacht, stair agus tábhacht an phobail bhig seo i nGaeltacht na nDéise.
Is baill de Bhaintreach na Tuaithe iad an seachtar seo a bhailíonn gach Céadaoin. Téann cuid de na mná in airde ar sheastán atá píosa beag faoi bhun na síleála agus tosaíonn siad ar an obair, smidiríní na dtíleanna daite á láimhseáil acu. Fanann na mná eile ag bun na mósáice ag tógáil ar an obair atá déanta acu go dtí seo.
Gan amhras, bíonn sé fuar babhtaí agus na mná ag siúl isteach. Go hiondúil, bíonn orthu láimhíní, buataisí teolaí, hataí agus geansaithe troma a chaitheamh ar maidin. Ach glacann siad le coinníollacha an fhuachta seo go fonnmhar – tuigtear dóibh go bhfuil sé mar chuid d’obair dháiríre na healaíne agus gur fiú an fhulaingt má tá siad chun rud fiúntach a bhaint amach.
Tá briseadh na dtíleanna, buillí na gcasúr agus fáscadh na ngreamairí mar cheol rithimiúil le cloisteáil sa halla i láthair na huaire. Ní stopann an obair in aon chor. Ní stopann sí a fhad is atá ceamaraí TG4 Molscéal i láthair chun taifeadadh a dhéanamh ar an ngrúpa – féach ar an mír Meitheal na mBan ar an aip Molscéal.
READ MORE
Thosaigh an obair i mí Aibreáin na bliana seo caite. Tá súil ag na mná go mbeidh sé réidh le nochtadh i Meán Fómhair na bliana seo.
Ba mhaith linn go mbeadh sí mar iontas i measc an phobail nuair a bheidh sí críochnaithe.
Tháinig an inspioráid do dhearadh na mósáice ó scéalta agus stair an tSeanphobail, ach go háirithe ó leabhar áitiúil a scríobh Eibhlín Bean Uí Churraoin, a foilsíodh den chéad uair thiar sa bhliain 1941 dar teideal Fir Mhóra an tSean-Phobail, bailiúchán a bhaineann leis an bparóiste – ach go háirithe an teach solais, an fheirmeoireacht, an iascaireacht, an nádúr, an séipéal, an ghealach, na héin agus na hainmhithe.
“Tá mise agus mo chlann inár gcónaí in aice leis an dtigh solais agus tá áthas an domhain orm go bhfuil sé ar an mósáic,” a deir Seosaimhín Uí Mhuiríosa, urlabhraí an ghrúpa bhig seo. “Tá na scéalta ana-thábhachtach i stair an cheantair,” a deir sí, ag tagairt do scéal amháin faoin gcág cosdearg agus an bhaint a bhí ag an éan seo le tionscail na mianadóireachta a bhíodh ar siúl sa Seanphobal i bhfad siar thíos in aice le teach solais Mhion Ard.
“Samhail cheart chóir chruinn ar mhuintir an tSeanphobail féin is ea na scéalta, ar an dearcadh, ar a meon agus a mianach,” a scríobh Nioclás Mac Craith, agus é ag cur síos ar an mbailiúchán scéalta i mbrollach an athfhoilsithe in 2022 – clúdach nua cóirithe ag Pádraig Mac Craith. Seo, a deir sé, “daoine atá measúil, mórtasach, astu féin agus as a sinsear, as a ngníomhartha agus as a ngaisce, agus gan leisce ná lagar orthu a n-éachta a chraoladh os ard.”
Úsáideann na mná tíleanna beaga daite chun na pictiúir atá laistigh den mhósáic a chruthú – íomhánna atá ag gliúcaíocht ón mballa de réir mar a fhásann an mhósáic chiorclach.

Tá na mná ag fáil comhairle agus treoracha ón ealaíontóir áitiúil, Margueritte Kent, atá ina cónaí i gCarraig na Siúire. “Thaitin scéalta an tSeanphobail liom,” a deir sí, bród ina guth agus í ag breathnú ar an meitheal ghnóthach mórthimpeall uirthi.
“Thugamar smaointe do Margueritte, an t-ealaíontóir, agus tharraing sí amach an pictiúr mór, é bunaithe ar na scéalta sin a bhí tugtha againn di. Is as sin atáimid ag obair,” a mhíníonn Uí Mhuiríosa. “Fuaireamar an trealamh ar fad ó Margueritte,” a deir sí, ag breathnú thart ar úrlár an halla agus é clúdaithe le boscaí tíleanna, boscaí taois, samplaí de mhionmhósáicí agus boscaí d’uirlisí éagsúla eile.
Fuair na mná deontas chun an mhósáic a dhéanamh ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman, an t-údarás reachtúil réigiúnach don oideachas agus oiliúint. Anois agus an togra faoi lán seoil, tá nasc déanta ag an ngrúpa le Scoil Náisiúnta Bhaile Mhic Airt atá béal dorais ag an halla. Tá na mná ag súil le comhpháirtíocht leis na páistí bunscoile, go gcumfar dánta faoin mósáic agus go bhfoilseofar leabhar faoi seo amach anseo.
Is cinnte go mbeadh Eibhlín Bean Uí Churraoin an-sásta dá mbeadh sí in éineacht leo i Halla Cholmáin agus a leabhar in úsáid mar inspioráid acu. Rugadh in 1895 í. Múinteoir bunscoile ab ea í, a chaith tamall ag obair in Ónainn. Ní ba dhéanaí, bhí sí ina hoide sa Cheardscoil Láir, Sráid Parnell i gcathair Phort Láirge, i Scoil an Bhaile Nua agus i Scoil Bishop Foy. D’éag sí ar an 30ú Márta 1983 agus tá sí curtha lena fear céile i Reilig Bhaile an Bhuitléirigh.
Níl an mhósáic nochta go fóill. Gach tráthnóna, nuair atá na mná ag imeacht abhaile, iad críochnaithe don lá agus na tíleanna curtha i dtaisce acu, cuireann siad clúdach trom anuas ar an mósáic “mar ba mhaith linn go mbeadh sí mar iontas i measc an phobail nuair a bheidh sí críochnaithe,” a dúirt Uí Mhuiríosa. “Níl an mhósáic feicthe ag aoinne sa pharóiste go fóill beag!”
Foclóir:
síneadh = stretching
ag cruthú mósáice = creating a mosaic
baill = members
fiúntach = worthwhile
urlabhraí = spokesperson
deontas = grant
reilig = graveyard












