Tá seasamh Ollscoil na Banríona i dtaobh polasaí Aontas na Mac Léinn i leith na Gaeilge ceistithe ag Cumann Gaelach na hollscoile.
Vótáil 91% i reifreann a d’eagraigh Aontas na Mac Léinn ar son comhstádas don Ghaeilge agus Béarla san ollscoil an tseachtain seo caite.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Eoghán Ó Conghaile, Oifigeach Feachtasaíochta Chumann Gaelach na hollscoile, go bhfuil bainistíocht na hollscoile in ann brú a chur ar Aontas na Mac Léinn mar is leis an ollscoil an foirgneamh a mbaineann an tAontas úsáid as, agus cuireann siad maoiniú ar fáil do thuarastail oifigigh shinsearacha an Aontais.
Dar leis, tá an ollscoil tar éis cur isteach ar neamhspleáchas an Aontais, ach tá dóchas aige go mbeidh meas acu ar thoradh an reifrinn.
READ MORE
“Is eite eile de chuid na hollscoile é an tAontas i ndáiríre. Tá an cinneadh deireanach ag bainistíocht na hOllscoile mar gheall air seo,” a dúirt sé.
I measc fhorálacha an reifrinn, tá seasamh glactha ag an Aontas úsáid a bhaint as an dá theanga ina bhfógraí agus ina gcomharthaíocht féin.
Seo an seasamh céanna bhí acu roimh an reifreann – ach go dtí seo, níl sé ráite ag bainistíocht na hollscoile go ligfear dóibh an polasaí seo a chur i bhfeidhm, cé go bhfuil na mic léinn ceaptha a bheith i gceannas ar na fógraí agus ar an gcomharthaíocht a fhoilsíonn Aontas na Mac Léinn.
D’iarr Scéal ar údaráis na hOllscoile an ligfidh an Ollscoil d’Aontas na Mac Léinn toradh an reifrinn a chur i bhfeidhm maidir lena gcomharthaíocht féin.
Seo an méid is mó vótaí a caitheadh in aon reifreann le 30 bliain anuas in Ollscoil na Banríona.
Cé nár freagraíodh an cheist sin go sonrach, dúradh i ráiteas ón Ollscoil go léiríonn toradh an reifrinn go bhfuil “rannpháirtíocht láidir” ag mic léinn an choláiste “i ndíospóireacht thábhachtach ar an champas”.
“Tá soláthar maith Gaeilge ag an Ollscoil cheana féin, agus leanfaidh sí uirthi ag tacú léi agus á chur chun cinn mar chuid de shaol an champais,” a dúradh sa ráiteas.
“Tá an Ollscoil i ndiaidh dul i dteagmháil go gníomhach leis an Choimisinéir Gaeilge agus leis an Choimisinéir don Ultais agus don Traidisiún Briotanach-Ultach.”
Dúradh sa ráiteas go bhfuil an ollscoil “ag súil le bheith ag obair leis an dá Choimisinéir ar a gcuid moltaí don Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, rud a chuideoidh leis an Ollscoil agus í ag bogadh chun cinn le hobair a bhaineann le teanga, cultúr agus féiniúlacht, agus a thabharfaidh treoir dúinn maidir leis na chéad chéimeanna eile.”
Bhíodh comharthaí dátheangacha in úsáid ag Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona, ach rialaigh An Coimisiún um Fhostaíocht Chóir in 1997 nár chruthaigh sin timpeallacht oibre “neodrach” agus cuireadh bac orthu.
Ach in 2008, rialaigh an Coimisiún céanna go rabhthas in ann úsáid a bhaint as comharthaíocht dhátheangach agus a bheith “neodrach”, ach mar sin féin, níor tugadh cead d’Aontas na Mac Léinn comharthaí dátheangacha a chur in airde ó shin.
I measc na bhforálacha a bhí sa reifreann, tá seasamh glactha ag an Aontas gealltanas a lorg ón ollscoil go gcuirfidh bainistíocht na hollscoile a bplean cuimsitheach Gaeilge féin i bhfeidhm.
Tá súil leis anois go mbainfidh Ollscoil na Banríona úsáid as ainm agus lógó dátheangach, go gcuirfear comharthaíocht dhátheangach in airde ar fud an champais agus go gcuirfear feabhas ar sheirbhisí Gaeilge.
Dar le Ó Conghaile, tá an chuma ar an scéal go mbeidh ar an ollscoil glacadh le cuid de na forálacha seo in ainneoin an reifrinn, mar beidh Oifig an Choimisinéara Gaeilge do Thuaisceart Éireann ag foilsiú rialacháin dea-chleachtais do na heagraíochtaí poiblí.
“Caithfimid a chuimhneamh go bhfuil an Coimisinéir ina phost anois, is dócha go mbeidh na riachtanais dea-chleachtais foilsithe roimh dheireadh na bliana. Seo rud a bheidh ar an Ollscoil a dhéanamh ar aon nós,” a dúirt sé.
Ar an iomlán, ghlac thart ar 20% de na mic léinn in Ollscoil na Banríona páirt sa reifreann.
Cé gur tharraing an céatadán seo aird uathu siúd a bhí cáinteach faoi rún an reifrinn, dúirt Ó Conghaile go mbíonn rátaí vótála do reifrinn mar seo sách íseal de ghnáth agus go raibh an céatadán seo níos airde ná mar a bhí ann do thoghcháin Aontas na Mac Léinn féin.
“Seo an méid is mó vótaí a caitheadh in aon reifreann le 30 bliain anuas in Ollscoil na Banríona. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil 80% de na mic léinn in éadan an rúin, ach is ionann agus rá gur cuma le 80% de na mic léinn,” a dúirt sé.
“Níor caitheadh ach 400 vóta ina éadan. An figiúr beacht atá ann, as na mic léinn ar fad in Ollscoil na Banríona, chaith duine as gach céad vóta ina éadan seo.”











