Nuair a bhí tionscnamh aistriúcháin an Ghúim faoi lánseol i bhfichidí, i dtríochaidí agus i ndaichidí na haoise seo caite, ba mhinic gearáin á ndéanamh gurbh ón mBéarla ba ea a bhformhór. Bhí sin ceart toisc gan ach an Béarla a bheith ag formhór na n-aistritheoirí, ní nach ionadh. Níor fhág sin nár aistríodh ó theangacha eile, an Fhraincis go háirithe toisc í a bheith faiseanta de dheasc púdair, cúráin, dea-bholaidh agus gur teagascadh i scoileanna airgid í. Tá beagán aistriúcháin ón nGearmáinis againn, níorbh í cáil na litríochta a bhí orthu mar Ghearmánaigh lena linn sin. Dhein Maighréad Nic Mhaicín obair den scoth d’fhonn gearrscéalta Tsechobh a thabhairt dúinn ón Rúisis, agus bhí beagán ón Iodáilis ag an am arb é leagan Phádraig Uí Bhuachalla de Eachtra Pinocchio is fearr ar fad. Ina fhochair sin, déanadh saothair ó theangacha eile nach iad a aistriú go Gaeilge ag baint leasa as an mBéarla mar dhroichead, agus arb é Quo Vadis le Heinryk Sienkiewich a scríobh sa Pholainnis mar gheall ar Rómhánaigh a labhair Laidin i gceantar Aramaise a tiontaíodh go Béarla agus ar chuir Aindrias Ó Céileachair Gaelainn air an sampla is túisce a thagann aníos as poll íochtair m’intinne.
Tá an traidisiún aistriúcháin sin ar siúl i gcónaí ag glúin nua a bhfuil obair den scoth á déanamh acu, go háirithe ó na teangacha Eorpacha, cé nach féidir dearmad a dhéanamh ar an leagan álainn de Rashoomon a dhein Seán Ó Durois ón tSeapáinis, ná na dánta ón tSínis a d’aistrigh Gabriel Rosenstock. Ar eagla go rachainn ar seachrán tuilleadh, is chuige mé go bhfuil stráicí de litríocht an domhain ar fáil cheana féin sa Ghaeilge, ach léimeann an cheist aníos, cá bhfuil na stráicí eile, go háirithe ó theangacha domhanda a bhfuil leathantas fairsing acu nach n-airímid pioc ina dtaobh?
Nuair a bhí Vítneam á pleancadh agus á réabadh ag impireacht Mheiriceá i gcuimhne cuid mhór againn, thosnaigh an t-aos cultúir, litríochta agus teanga ag cur suime inti. Bheifí ag coinne go gcuirfí spéis den tsaghas céanna i gcultúr eile ar bagraíodh go scriosfaí a sibhialtacht na mílte bliain de dhroim oíche le déanaí. Is í sin, cultúr, litríocht agus teanga na hIaráine nó na Peirse mar a thugtaí uirthi tráth. Mar, tar éis an tsaoil, ag cur i gcás go mbeidh saol fós aici amárach, nó an tseachtain seo chugainn, nó nuair a éiríonn an ceo is a scaiptear an smionagar, tuairim is 130 milliún duine a labhraíonn a teanga, an Fhairsis, san Iaráin go ró-áirithe ach ina theannta sin san Afganastáin, san Táidsíceastáin agus sa sféar cultúir a bhfuil Iranzamin acu air.
[tá] stráicí de litríocht an domhain ar fáil cheana féin sa Ghaeilge, ach léimeann an cheist aníos, cá bhfuil na stráicí eile, go háirithe ó theangacha domhanda a bhfuil leathantas fairsing acu nach n-airímid pioc ina dtaobh?
Cén t-eolas atá againn air, seachas a mbíonn a chraobhscaoileadh mar gheall ar na Mullánna buile agus drochscéalta mar a chaitear le daoine faoin deachtóireacht dhiaga? Tharlódh go dtaispeánfadh an cnuasach filíochta Mo Chroí Gránúill: dánta grá agus áir le Mohsen Hosseinkhani arna aistriú ag Róise Ní Bhaoill (Éabhlóid) atá go díreach tuirlingte orainn, tharlódh go dtaispeánfadh go bhfuil muintir na hIaráine go díreach ar ár gcuma féin.
READ MORE
‘Corraíonn an ghaoth do ghruaig,
Nach mó d’ádh atá ar an ghaoth
Ná ar mo chuid méar féin?’
Ach féach! Cheapas nach raibh cead folt mná a fheiscint go poiblí san Iaráin? Caithfidh gur bréaga ar fad iad na dánta seo, mar sin, óir is dánta grá a bhformhór nach bhféadfadh a leithéid neadú i gcroíthe dúra crua mhuintir na hIaráine atá ag iarraidh an domhan a scrios laistigh de chúig nóiméad déag?
‘Deir daoine gur féidir rún a dhéanamh
Nuair a fheictear an ghealach úr,
Feicimse tusa gach oíche
Agus déanaim rún gach oíche.’
Ina choinne sin thall, b’fhéidir nach slán do shamhail na gealaí, óir is gairid go mbeimid in earráid le chéile mar gheall uirthi agus go mbeidh roicéid ag amas anuas orainn ón Mare Tranquillitatis.
Leabhar é seo a dtogfadh na dánta grá ann do chroí, agus sin a bhformhór. Gach duine a bhí riamh i ngrá, tá an friotal anseo dó a mhothaigh sé ina chroí nó ina ae istigh.
Ach ní fhéadfadh údar Farsiach de chuid na hIaráine a bheith fírinneach macánta gan tagairt don saol máguaird níos leithne ná an duine aonair féin agus a bhfuil sé faoi réir aige. Tháinig an t-údar in inmhe le linn an chogaidh a d’fhear an Iaráic ar a thír dhúchais le mórchabhair Mheiriceá (an é nach raibh sin ar eolas agat?). Thuigfeá, mar sin, cad ina thaobh a bhfuil ‘Fómhar an Áir’ mar theideal ar an gcéad dán ann. Nó
‘Is é is ciall le cogadh
Nó lán cráige gruaige
I ndorn saighdiúra’
agus ar íomhá scanrúil atá ann a bhfuil na dánta seo breac leo.
Is ea! Fulaingíonn agus áthasaíonn agus gabhann muintir na hIaráine gairdeas agus is féidir leo a bheith brúidiúil, barbartha gan taise cosúil leis an gcuid eile againn. Litríocht ar bith a bhfuil Omar Khayam inti (a bhfuil aistriúchán déanta ag Tórna ar a Rubaiyat dúinn), agus níos tábhachtaí fós an file mór gaoise agus scéalaíochta Rumi, is litríocht de chuid an domhain mhóir í, agus go fiú níos ársa ná ár gceann féin.
Is dual agus is cóir agus is ceart go mbeadh éirim nua-aimseartha di sa Ghaeilge, agus tá sin déanta go paiteanta agus go healaíonta ag Róise Ní Bhaoill le cabhair ó aistriúcháin Bhéarla Tahereh Forsat Safaei.













