Cuirfear tús le Rás Tailteann 2026 amárach. Tá áit faoi leith ag Rás Tailteann i stair spóirt na hÉireann. Le breis agus seachtó bliain anuas, tá an rás seo ar cheann de na comórtais rothaíochta is tábhachtaí sa tír agus tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige. Beidh bealach nua spreagúil ag an Rás i mbliana a thabharfaidh na rothaithe trí chuid de na háiteanna is áille in Éirinn. Tá an rás ar an bhfód ó bhí 1953 ann. Ba é Joe Christle a bhunaigh an rás. Poblachtánach agus abhcóide i mBaile Átha Cliath ab ea é - fear a raibh fís mhór aige do rothaíocht na hÉireann. Ag an am sin, bhí an spórt scoilte idir eagraíochtaí éagsúla rothaíochta agus ní raibh comórtas náisiúnta ann chun na rothaithe ba láidre sa tír a thabhairt le chéile. Bhí Christle ag iarraidh rás a bhunú a chuirfeadh Éire ar ardán idirnáisiúnta na rothaíochta agus a spreagfadh suim an phobail sa spórt. Bhí sé mar aidhm aige freisin spiorad náisiúnta na hÉireann a cheiliúradh trí ainm an rása a nascadh leis na Cluichí Tailteann nó Aonach Tailtean - féile ársa Ghaelach a bhain le lúthchleasaíocht agus le cultúr na hÉireann.
Bhí Aonach Tailteann ar cheann de na féilte agus na cluichí ba thábhachtaí in Éirinn fadó. De réir an tseanchais, bhunaigh an tArd-Rí Lugh na cluichí in ómós dá mháthair altrama, Tailtiu, a fuair bás tar éis di talamh na hÉireann a ghlanadh nó a ullmhú don fheirmeoireacht. Reáchtáladh na cluichí i dTailtin, i gContae na Mí, timpeall aimsir Lughnasa gach bliain. Bhí comórtais lúthchleasaíochta, rásaí capaill, cluichí troda agus imeachtaí cultúrtha mar chuid den aonach. Chomh maith leis sin, bhí ceol, filíocht agus margadh mór ann, agus tháinig daoine ó gach cearn d’Éirinn le chéile chun páirt a ghlacadh ann. Mhair na cluichí ar feadh na gcéadta bliain agus bhí siad cosúil leis na Cluichí Oilimpeacha sa Ghréig ársa. Tháinig meath orthu tar éis theacht na Normannach agus athruithe sa tsochaí Éireannach sa Mheánaois. Ach maireann rian an Aonaigh sa lá atá inniu ann sa Rás agus ar ndóigh Corn Tailteann, i bpeil na bhfear.
Sa chéad bhliain den Rás, ní raibh ann ach imeacht dhá lá, ach d’éirigh thar barr leis agus rinneadh comórtas seachtaine de go gasta. Le himeacht ama, mheall sé foirne agus rothaithe ó gach cearn den domhan. Bhí an Rás ina chéim thábhachtach i ngairmeacha go leor rothaithe cáiliúla a chuaigh ar aghaidh chun clú domhanda a bhaint amach. Tá Stephen Roche ar dhuine de na pearsana is mó a bhaineann leis an Rás. Bhuaigh Roche an Rás sa bhliain 1979. Ocht mbliana ina dhiaidh sin, bhain sé amach ceann de na héachtaí ba mhó i stair na rothaíochta nuair a bhuaigh sé an Tour de France, an Giro d’Italia agus Craobh an Domhain sa bhliain 1987. I measc na rothaithe eile a ghlac páirt sa Rás roimhe seo, tá Tony Martin, a bhuaigh an Rás sa bhliain 2007 chomh maith le John Degenkolb agus Simon Yates, a léirigh a gcumas in Éirinn sular tháinig cáil orthu ar stáitse idirnáisiúnta na rothaíochta. Ní hamháin gur rás spóirt an Rás Tailteann; is cuid de chultúr agus d’oidhreacht na hÉireann é freisin. Chuile bhliain, bailíonn pobail áitiúla, clubanna rothaíochta áitiúla agus lucht leanúna an spóirt ar thaobh na mbóithre chun fáilte a chur roimh na rothaithe. Cruthaíonn sé seo atmaisféar ar leith nach bhfeictear i mórán rásaí eile ar domhan. Níor reáchtáladh an Rás idir 2019 agus 2021 de bharr deacrachtaí urraíochta agus tionchar Covid-19. Ach tháinig an Rás ar ais in 2022 mar chomórtas cúig lá. Tuigeadh go raibh an-spéis fós ag an bpobal agus ag dream na rothaíochta sa chomórtas stairiúil seo.
Tá bealach Rás Tailteann 2026 fógartha anois. Tosóidh an Rás i bPort Laoise amárach agus rachaidh sé trasna cúig chéim éagsúla thar achar timpeall 785 ciliméadar. Críochnóidh céimeanna an rása i gCill Mocheallóg i gContae Luimnigh, i mBántír i gContae Chorcaí, in Inis Córthaidh i gContae Loch Garman, i mBealach Conglais i gContae Chill Mhantáin agus sa deireadh i nDún Búinne i gContae na Mí. Beidh 21 dhreapadh rangaithe ar an mbealach, lena n-áirítear cuid de na cnoic is cáiliúla i Sléibhte Chill Mhantáin. Meastar go mbeidh céim Chill Mhantáin ar cheann de na codanna is cinniúnaí den chomórtas. Tá cáil ar bhóithre cúnga ag dul suas le fána sa cheantar sin agus ar an dúshlán a chuireann siad roimh na rothaithe. Is minic a scagann na céimeanna ar na sléibhte na hiomaitheoirí is láidre ó na rothaithe eile.
READ MORE
Bronnfar trófaí George Plant ar bhuaiteoir iomlán an Ráis - ceann de na trófaithe is iomráití i rothaíocht na hÉireann. Chomh maith leis sin, bronnfar duaiseanna airgid agus geansaithe éagsúla ar na buaiteoirí sna catagóirí difriúla, lena n-áirítear an geansaí buí don cheannaire ginearálta, an geansaí glas don scóráil pointí agus duaiseanna do na dreapadóírí is fearr agus do na rothaithe óga is fearr. Tá an deis ann freisin do rothaithe óga aird foirne gairmiúla idirnáisiúnta a tharraingt orthu féin. Tá tábhacht eacnamaíoch agus turasóireachta ag an Rás freisin. Nuair a thagann an Rás chuig bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre, tugann sé cuairteoirí, iriseoirí agus lucht leanúna leis. Cabhraíonn sé seo le gnóthaí áitiúla agus cuireann sé na ceantair éagsúla chun cinn mar áiteanna turasóireachta agus spóirt. Tá údaráis áitiúla agus lucht urraithe ag tacú go láidir leis an gcomórtas mar gheall air sin.
Ar ndóigh, tá Rás Tailteann 2026 beagnach buailte linn agus cuirfear tús leis amárach. Beidh súil ag lucht leanúna na rothaíochta go mbeidh comórtas corraitheach eile ann i mbliana. Is siombail é Rás Tailteann den neart, den seasmhacht agus den bhród a bhaineann le spóirt na hÉireann. Ó cuireadh an síol in 1953, go dtí an rás idirnáisiúnta atá ann inniu, léirítear gur féidir le fís an duine agus tacaíocht phobail teacht le chéile go héifeachtach, le traidisiún náisiúnta a chruthú a mhaireann ó ghlúin go glúin.
Foclóir:
máthair altrama = foster mother
seanchas = traditional lore
abhcóide = barrister/advocate
lúthchleasaíocht = athletics
iomráiteach = renowned
cinniúnach = decisive
dreapadh rangaithe = categorised climb
fána = slope/gradient
glúin go glúin = from generation to generation












