Tar éis chomóradh leathchéad bliain Éirí Amach na Cásca in 1966, ba ghairid gur tosnaíodh ar athléamh a dhéanamh ar stair na hÉireann. B’fhéidir go raibh a leithéid riamh ann, mar a chaithfear a bheith, óir is athscríobh na staire atá ar bun ag gach staraí gurbh fhiú staraí a thabhairt air. Ach is é a bhí i gceist leis an ‘réivisionachas’ seo, mar a thugtaí air, ná a thabhairt le fios, ar an mórchóir, agus gach rud a thabhairt san áireamh, tríd is tríd, nár dhrochrud ar fad é an gabháltas Gall, go raibh maitheasaí móra ag baint leis, agus go mb’fhéidir nach rabhamar de réir ár dtuairiscí naofa féin.
Ní mhaím nach raibh feithidí beaga na fírinne sa mhéid sin de réir fíorais áirithe a roghnófaí go faichilleach, ach mar thionscnamh staire bhí bréan bearnach pollta ón mbonn aníos toisc nach raibh na bunfhoinsí léite ag na staraithe sin, agus gur chuma leo.

An leabhar is mó de chuid athscríobh na staire, ach ní ar an gcuma thuas, is ea Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 (An Clóchomhar) le Breandán Ó Buachalla, a chuireann scéal na hÉireann sa tseachtú agus san ochtú haois déag bunoscionn agus tóin thar ghualainn le fórsa taighde agus áitimh nach bhfuil dul a shéanadh. Ní hea amháin gur ceann de leabhair mhóra na Gaeilge é seo, ach tá ar cheann de na leabhair is tábhachtaí dar foilsíodh lenár linn in Éirinn é chomh maith, agus tá fós.
Scéal polaitiúil agus machnaimh aos léinn agus éigse na tíre atá ann ó theacht i gcoróin Séamas VI na hAlban mar Shéamas I Shasana agus na hAlban in 1603 go dtí go dtáinig deireadh le dóchas na Stíobhartach lofa nuair a fuair Séarlas Óg, an Buachaill Bán, an Pretender Óg, bás in 1788 agus ar tharla ina dhiaidh sin arís. Scéal agus eachtra atá ann, ach ní gá duit gach dán agus gach tagairt agus gach lua a léamh fan na slí muran áil leat, ach snáithe na hinsinte a leanúint de réir is mar a oireann duit féin.
READ MORE
Nuair a bhí glúnta áirithe ar scoil, tugadh le fios gur thug na Gaeil tacaíocht agus géilleadh do na Stíobhartaigh toisc gur Chaitlicigh iad. Cé gur fíor smut éigin de sin maidir le Séamas VII/II agus lenar lean de, níor mhar sin don chéad Séamas agus le Séarlas (ar baineadh an ceann de) ina dhiaidh sin. Tar éis an tsaoil, ba Phrotastúnaigh iad beirt, agus b’é Séamas a thionscain plandáil Uladh a bhfuil a hiarmhairt léanmhar linn fós. B’é fírinne an scéil gur glacadh leis na Stíobhartaigh de thoisc gurbh Albanaigh ‘de chine Scoit’ iad a shíolraigh le sinsearacht ó ríthe na hÉireann. Is é sin, ba linne iad, ba dhínn iad.
B’í an aisling an fhoirm liteartha a dhein réaladh ar an dóchas go dtiocfadh duine de theaghlach ríogúil na Stíobhartach thar sáile chugainn chun sinn a theasargan ó chrúba na nGall.
Bhí toise láidir chreidimh ann ina dhiaidh sin, agus murach gur Chaitliceach dílis é Séamas VII/II ní dhíbreofaí ó choróin Shasana é agus ní thiocfadh ann do coup d’etat Liam Oráiste, an gabháltas b’fhusa a déanadh riamh ar thír. Níor fhág sin nár bhaist éigse na ngnáthdhaoine ‘Séamas a’ Chaca’ air, lena leathbhróg Ghallda agus a leathbhróg Ghaelach de dheasca a mheatachta agus mar ar theich sé.
B’í an aisling an fhoirm liteartha a dhein réaladh ar an dóchas go dtiocfadh duine de theaghlach ríogúil na Stíobhartach thar sáile chugainn chun sinn a theasargan ó chrúba na nGall. Ar feadh i bhfad, b’í an tuiscint a bhí thuas ná nach raibh san aisling ach ‘focail, focail, focail’ agus nach raibh aon teachtaireacht pholaitiúil á hiompar aici. Tá taispeánta thar amhras anonn ag Breandán Ó Buachalla nach amhlaidh a bhí in aon chor agus gurbh í an t-aon fhoirm í a bhí ar fáil ina dhiaidh sin go fiú nuair a bhí port na Stíobhartach seinnte agus go raibh a gcaiscín meilte go deo.
Beidh dánta Aogáin Uí Rathaille ar eolas ag go leor daoine ón scoil agus má bhí mearbhall ar dhaltaí maidir le ‘Mac an Cheannaí’ nó maidir le ‘Gile na Gile’ is amhlaidh go raibh guth á thabhairt iontu don athréimniú a rabhthas ag súil leis le linn feachtais 1708 nó 1715 nuair a bhí dóchas dáiríre ann go mbeadh an lá le Séamas VIII/III a bhí ar deoraíocht sa Róimh.
Ba mhó fós an dóchas a bhí ann go n-éireodh le Séarlas Óg/Bonnie Prince Charlie in 1745/6, agus ba dhóbair dó, dar le staraithe áirithe. Fág go samhlaítear gurbh éirí amach Albanach a bhí ann, b’Éireannaigh iad cuid de na ceannairí ba thábhachtaí a bhí ag an arm aige agus ar mhó a chuir an prionsa muinín iontu. Ní gan chúis a chum Seán Clárach Mac Domhnaill an t-amhrán a chantar fós le fórsa máirseála a chuireann spreang sna cosa, ‘Is é mo laoch mo ghile mear’.

Bhí a fhios go maith ag aos eolais na hÉireann cad a bhí ar siúl in Albain, agus ba bhriseadh croí dóibh ar tharla sa chath tubaisteach inar scriosadh arm an Phrionsa ag Cùil Lodair in Aibreán 1746. Ba mheasa fós an cinedhíothú, an pobaldíbirt, an t- ár, an loscadh, an choscairt a lean ar fud Ghàidhealtachd na hAlban agus daingniú ‘rí na muice’ Gearmánaí ar choróin na críche.
Is é is ait linn ná gur lean éigse na hÉireann orthu ag cumadh dánta agus amhrán ag súil le filleadh an rí thar sáile a bhí faoin am seo ag slogadh branda agus fíona in hallaí bána na hEorpa. Saolaíodh Eoghan Rua Ó Súilleabháin cúpla bliain tar éis teicheadh Shéarlais i ndiaidh Chùil OLodair ag tabhairt a chraicinn leis ar éigean, ach níor fhág sin nach raibh súil aige go dtiocfadh ‘Séarlas mear is a thrúip ghroí’ is a ‘réifeadh seal ár gcúrsaí’ arís is go mbeadh ‘Gaeil go seascair súch síoch/ ina ndúthaí go séanmhar sóil’ feasta.
Ditto agus mar a chéile le Seán Ó Coileáin a saolaíodh níos déanaí fós ach a chum an dán cáiliúil ‘An Buachaill Bán’, tuairimítear, in 1782, ag súil arís eile lena ‘phrionsa rábach clúil láidir’ nach raibh i ndán dó teacht toisc go raibh a chosa séite ramhar le heilifintíteas faoin am seo agus gur dícheall dó siúl.
Is í an cheist mhór ná cad ina thaobh nár maolaíodh ar an dílseacht seo do na Stíobhartaigh nuair ba léir go raibh deireadh a réime ar lár? Is é freagra gonta nach raibh aon idé-eolaíocht pholaitiúil eile ag cine Gael ag an am in aghaidh ghriolla na nGall, agus gur siombail ba ea na Stíobhartaigh den dúil sa tsaoirse a shantaíodar. Ba chuid den mhíleannachas, leis, é, tuiscint go dtiocfadh slánaitheoir éigin ar an bhfód leis an saol a chur ina cheart, tuiscint agus dóchas a bronnadh ar ball ar phoblachtánachas Mheiriceá agus na Fraince, nó ar Napoleon, nó ar Dhónall Ó Conaill féin, cé go raibh sé siúd inár measc.
Tá lán breis agus 800 leathanach i leabhar seo Uí Bhuachalla. Cé gur dhein sé obair thar a bheith luachmhar bunúil i réimsí eile an léinn, go háirithe maidir le saothrú na Gaeilge i mBéal Feirste agus le mionstaidéar ar Ghaeilge Chléire i gCorcaigh, is é seo a ráiteas saoil. Ransaigh sé breis agus 600 dán Gaeilge, fara foinsí iomadúla i dteangacha eile na linne ionas nach bhféadfadh aon scoláire eile an bhuntéis uaidh a bhréagnú gan a amhlachas de scoláireacht a chur ar fáil i bhfoinsí atá taoscaithe seasc aige cheana sa leabhar seo.
Is de shuimiúlacht nuair a cheoltar ‘Óró ‘sé do bheatha abhaile’ ar fud na tíre nach eol go minic gurbh amhrán mar gheall ar na Stíobhartaigh i dtosach é.
Beidh Séarlas Óg ag triall thar sáile,
Beidh siad leis-sean cúpla garda,
Beidh siad leis-sean Francaigh is Spáinnigh,
Is bainfidh siad rince as éircibh.
Tá a fhios againn cad a dhein Pádraig Mac Piarais leis sin – ‘Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh’ a chomharthaigh gur fúinn féin ba ea tionscnamh na saoirse. Is ea fós, agus ní NATO ná ollchumhachtaí caipitlíocha ná na margaí idirnáisiúnta.
Foclóir
réivisíonachas = revisionism
gabháltas = conquest/colonisation
faichilleach = careful/cautious
bearnach = flawed/ full of gaps
bunoscionn = upside down
taispeánta = demonstrated/shown
athréimniú = restoration (to power)
cinedhíothú = genocide/ethnic cleansing
míleannachas = millenarianism
taoscaithe = exhausted/drained














