Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist ag CLG íosghrádú a dhéanamh ar a gcuid pleananna maidir le forbairt Pháirc Mhic Easmainn in Iarthar Bhéal Feirste. Tagann an nuacht seo i ndiaidh blianta fada d’iarrachtaí maoiniú a dheimhniú don togra uaillmhianach, ach tar éis na moilleadóireacht agus na héiginnteachta ar fad, is cúis díomá a bheidh ann don eagraíocht go mbeidh athbhreithniú eile le déanamh maidir le todhchaí na staide.
Tá an staid ina luí folamh le breis agus deich mbliana anuas agus drochbhail anois air. Nuair a imríodh na cluichí deireanacha sa stad in 2013, bhí dóchas nach beag ann go dtógfar príomhpháirc Chúige Uladh ar an láthair - staid ardchaighdeán nua-aimseartha a mbeadh 38,000-40,000 suíochán ann agus féidearthachtaí i dtaca le cluichí agus ceolchoirmeacha móra a mhealladh go Béal Feirste.
Ó shin a leith, áfach, is iomaí constaic a bhí roimh an togra. Ar dtús, bhí freasúra ann ó lucht cónaithe an cheantair agus imní orthu faoi scála na staide agus na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann dá bharr. Socraíodh an cheist sin nuair a íslíodh méid na staide go pointe, ach bhí fós an-chuid dúshlán le sárú ag an tionscadal maidir le cúrsaí pleanála agus maoinithe.
Tháinig agus d’imigh dóchas úr nuair a roghnaíodh Páirc Mhic Easmainn mar ionad féideartha do chraobhchomórtas sacair na hEorpa a bheidh ar siúl in 2028. Dúirt Státrúnaí Rialtas na Breataine ag an am, Chris Heaton Harris, go dtiocfadh le Rialtas na Breataine tuilleadh airgid a chur ar fáil lena chinntiú go mbeadh an staid réidh in am. Ach mar gheall ar mhoill agus ar cheisteanna eile, tháinig deireadh leis na pleananna siúd chomh maith nuair a dúirt an Státrúnaí reatha Hillary Benn nach mbeadh an t-airgead breise ag teacht ó Rialtas na Breataine in am don chomórtas. Ní imreofar aon chluiche de chuid Euro 2028 sa tuaisceart anois.
READ MORE
Ní hamháin go mbeidh díomá agus frustrachas ar CLG, ach cruthaíonn an t-athbhreithniú seo deacracht pholaitiúil do Shinn Féin.
Droch-chomhartha amach is amach a bhí ann don togra nuair a theip ar na hiarrachtaí seo. Go dtí sin bhí fuinneamh agus fócas go fóill ann agus is léiriú láidir a bheadh ann go mbeadh buntáistí ag an staid don phobal mór lasmuigh de CLG.
Bhí na pleananna fós ar siúl áfach agus tháinig dóchas eile i mí Feabhra na bliana seo nuair a cuireadh tús le réamh-obair ullmhúcháin ar an suíomh le go mbeidh sé réidh don obair thógála a dhéanfaí amach anseo. Ach fiú agus an obair sin tosaithe, bhí ceisteanna móra ann maidir le todhchaí an togra.
Mar chuid den chostas measta £260 milliún ar atógáil na staide, tá £120 milliún le teacht ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, Rialtas na hÉireann agus Cumann Lúthchleas Gael le chéile. Ar a bharr sin, gealladh £50 milliún ó Rialtas na Breataine, rud a fhágann bearna £90 milliún le líonadh go fóill. Is mar gheall air seo atá athmhachnamh á dhéanamh ag CLG ar an bhealach is fearr chun tosaigh.
Ag tús na bliana, fógraíodh go mbeadh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann in ann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa togra agus thart fá £100m a chur ar fáil, ardú suntasach ón £62.5m a bhí geallta siar in 2011. Ach, níor aontaíodh cáinaisnéis an Fheidhmeannais go fóill agus, mar sin, tá comhartha ceiste fós faoin mhaoiniú breise sin.
Ní hamháin go mbeidh díomá agus frustrachas ar CLG, ach cruthaíonn an t-athbhreithniú seo deacracht pholaitiúil do Shinn Féin.
Agus í ag labhairt ar an cheist, dúirt an Chéad-Aire Michelle O’Neill go dtógfaí Páirc Mhic Easmainn lena linn, agus go bhfuil an staid mar thosaíocht dá páirtí. Baintear úsáid rialta as an pháirc mar chuid d’ábhar feachtasaíochta an pháirtí, agus beidh sé deacair orthu míniú a thabhairt ar mhoill eile, go háirithe mura bhfuil socrú ann in am don fheachtas toghcháin ar an bhliain seo chugainn.
Dúirt an tAire Pobal Gordon Lyons ón DUP go bhfuil sé fós réidh an maoiniú a aontaíodh in 2011 a chur ar fáil do Pháirc Mhic Easmainn, ach dúirt sé gur gá do CLG togra a fhorbairt atá “inbhuanaithe, inacmhainne, réasúnta agus a bhfuil luach ar airgead leis”.
Agus CLG i mbun athbhreithnithe, ardófar réimse nua ceisteanna ar an ábhar. An mbeidh cead pleanála nua de dhíth? An mbeidh an staid fós ina ‘Staid Chúige’ mura mbeidh sé chomh mór céanna? Agus, mura mbíonn an stádas sin aige, an mbeidh na maoinitheoirí ar fad chomh toilteanach céanna maoiniú réigiúnach a chur isteach i dtionscadal nach mbeidh gné láidir réigiúnach leis a thuilleadh?
Cé nach luíonn an fhreagracht maidir le teip an tionscadail mar a bhí beartaithe le haon dream amháin, léiríonn an scéal seo na deacrachtaí móra atá sa Tuaisceart maidir le ceannasaíocht, comhaontú nó cinnteacht i dtaca le tograí móra. Is sampla eile é an tionscadal seo den easpa inniúlachta i gcóras polaitíochta an Tuaiscirt rudaí a bhogadh ar aghaidh agus cuspóirí, idir bheag agus mhór, a bhaint amach.
Foclóir
íosghrádú = downgrading
moilleadóireacht = procrastination/delays
craobhchomórtas = championship
feachtasaíochta = campaigning
inbhuanaithe = sustainable
inacmhainne = affordable
maoinitheoir = funder












