Breithiúnas forchoimeádta a fógraíodh inné ar an chéad lá de chás sa Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste le rialú a thabhairt ar iarratas eile ó mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh. Dúirt an Príomh-Bhreitheamh, an Bantiarna Siobhán Keegan, go raibh súil aici cinneadh a thabhairt ar an chás laistigh d’achar ama tapa ach nach raibh sí in ann dáta a thabhairt. Bhí sluaite lasmuigh de na cúirteanna chun tacaíocht a léiriú do chónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh agus an cás cúirte is déanaí á thógáil acu faoi pharáid Dhroim Crí.
Is é bunús an iarratais ná go ndeachaigh Coimisiún na Mórshiúlta amú nuair a ghlac siad le comhairle ón PSNI nach raibh fáth le bheith ag súil le constaicí dá mbronnfaí cead ar an Ord Oráisteach dul ar aghaidh leis an mhórshiúl. Dar leo, ba chóir go mbeadh an Coimisiún ar an eolas nár cheart cead a bhronnadh sa chás seo mar gheall ar stair áirithe an cheantair, agus ar na céadta iarratas atá diúltaithe acu don mhórshiúl go dtí seo. Má ghlactar leis an argóint seo, seans go gcuirfear cinneadh Choimisiún na Mórshiúlta ar ceal agus nach mbeidh cead ann don mhórshiúl a thuilleadh.
Bhí breis agus ceithre uair an chloig d’argóintí dlí cloiste inné, ach cibé rud a thiteann amach sna cúirteanna beidh fós tuilleadh deacrachtaí le socrú ar an talamh.
Tháinig cainteanna chun deiridh an tseachtain seo caite gan réiteach ar bith déanta ar an tsáinn atá fós ar siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin. Chaith Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Bryant roinnt laethanta ag plé le hionadaithe ó phobal Bhóthar Gharbhachaidh agus ón Ord Oráisteach araon, ach in ainneoin na n-iarrachtaí tá an dá thaobh chomh daingean ina seasamh agus a bhí riamh.
READ MORE
Is i gCaisleán Chromghlinne, Contae an Dúin, a reáchtáladh na cainteanna i ndiaidh don leamhsháinn a thosaigh ar an 27 Meán Fómhair nuair a chuir pobal Bhóthar Gharbhachaidh agus a lucht tacaíochta bac ar bhaill den Ord Oráisteach siúl trína gceantar ó Dhroim Crí, cé go raibh an pharáid ceadaithe ag Coimisiún na Mórshiúlta den chéad uair le 28 mbliana anuas. Fiú agus srianta curtha ar líon na rannpháitithe agus ar cheol lena linn, baineadh geit as go leor daoine gur ceadaíodh an mórshiúl i bhfianaise na staire fada tragóidí a bhaineann leis.
Bhí splanc dhóchais ann i lár na seachtaine seo caite nuair a d’eisigh urlabhraí de chuid mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh Breandán Mac Cionnaith ráiteas lena rá go raibh tairiscint ar an tábla a bheadh pobal an bhóthair sásta glacadh leis dá mbeadh an tOrd Oráisteach toilteanach chomh maith. Níor ghlac an tOrd leis an tairiscint áfach.
Le linn na gcainteanna chuir an tOrd Oráisteach i bPort an Dúnáin moladh chun tosaigh go mbeadh mórshiúl amháin acu ar Bhóthar Gharbhachaidh, agus nach ndéanfaí iarratas ar bith eile ar shiúl ar an bhóthar sin arís. Níor glacadh leis an mholadh seo mar gheall gurb é an t-éileamh atá ag cónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh ná nach mbeadh paráid Oráisteach ar bith ar an bhóthar.
Cé go bhfuil deireadh tagtha leis an bhabhta seo de chainteanna, tá fós go leor iarrachtaí ag dul ar aghaidh chun teacht ar réiteach.
Thar an deireadh seachtaine tháinig na sluaite amach chun tacaíocht a léiriú don dá sheasamh. Ar an dea-uair, in ainneoin an lín aird daoine a bhí ar na sráideanna agus an teannais a d’eascair ón 27 Meán Fómhair nuair a cuireadh tús leis an tsáinn ar an bhóthar, ní raibh foréigean ar bith ann. Go deimhin, is dea-atmaisféar a bhí le mothú ar Bhóthar Gharbhachaidh féin agus ceoltóirí aitheanta ar nós Beoga, The Mary Whallopers agus Kneecap i measc na mílte a tháinig chun dlúthpháirtíocht a léiriú do na cónaitheoirí.
Ar an taobh dílseach, in Edgarstown i bPort an Dúnáin, reáchtáladh imeacht dar teideal Let Them Home le cainteoirí ón DUP, ón TUV agus ó Jamie Bryson, dílseoir aitheanta atá ainmnithe mar ‘chomhairleoir dlí’ ag an Ord Oráisteach. Rinneadh cáineadh géar ar cheannasaí an PSNI Jon Boucher agus ar an Státrúnaí Chris Bryant araon. Dúradh gur chóir don PSNI an mórshiúl a éascú, agus mura dtarlaíonn sé gur chóir deireadh a chur leis an Fheidhmeannas reatha.
Ar an Déardaoin seo caite dúradh leis an Bhord Póilíneachta go raibh suas le £3 mhilliúin caite ar chostais phóilíneachta go dtí sin. Agus láithreacht an PSNI ag leanúint go tréan ó shin, beidh an costas sin imithe in airde ag am atá an tseirbhís faoi bhrú cheana féin ó thaobh airgeadais de.
Tá an tsáinn seo ina bagairt ollmhór don phróiseas polaitíochta sa Tuaisceart chomh maith, agus baol réadúil ann go bhféadfadh sé tarlú go dtiocfadh an Feidhmeannas chun deiridh mar gheall ar an chonspóid.. Tá na páirtithe polaitíochta leabaithe ina gcuid tuairimí go fóill agus gan aon chuma ar an scéal gur féidir le haon dream réiteach a mholadh a bheadh inghlactha ag an taobh eile.











