FOCLÓIR: pearsa staire - historical figure; sonraí - details; miotaseolaíocht - mythology; laoch - hero; sábhálaí - saviour; intuartha - predictable.
Nuair a dhéantar dia beag de dhuine beo beathaíoch nó pearsa staire, is minic a fhágtar i leataobh gnéithe dá iompar nó dá dhearcadh nach luíonn luiteach leis an íomhá idéalach atá á cruthú.
B’fhéidir nach bhfeileann sé sonraí nó eachtraí a chur san áireamh nuair nach dtacaíonn siad leis an bhfinscéal atá i réim agus a fheileann don status quo. Agus an mhiotaseolaíocht á forbairt mar sin is minic a dhéantar simpliú ar scéal an duine atá faoi chaibidil.
Dar ndóigh, braitheann go leor ar an té atá i mbun an laochaithe agus an naomhaithe. In 2002, d’fhoilsigh an BBC toradh ar phobalbhreith dar teideal an ‘100 Greatest Britons of all time’ mar chuid de chlár teilifíse den teideal céanna.
Ag barr an liosta, bhí sábhálaí na hEorpa ó na Naitsithe mar dhea, an laoch caithréimeach úd, Winston Churchill.
Is léir nár chuir an ghráin chiníoch a bhí aige ar bhundúchasaigh na himpire, nó an milleán a bhí air maidir leis an ngorta in Bengal inar maraíodh 3 mhilliún duine, gan trácht ar an mbaint a bhí aige leis an gCogadh Cathrach seo againne, isteach ná amach ar a sheasamh ina measc siúd a chaith vóta dó.
Bhí Oilibhéar Cromail ar an liosta freisin, laoch eile de chuid na Breataine. In Éirinn, agus cúis leis, is búistéir agus bithiúnach cruthanta amach is amach é Cromail dar ndóigh, an tíorónach ba mheasa agus ba chruálaí b’fhéidir dár tháinig anall as Tír na Long chugainn ariamh.
Ar dhaoine eile a bhí ar liosta laochra an BBC bhí Francis Drake, Horatio Nelson, Field Marshall Montgomery, Margaret Thatcher, David Beckham agus Robbie Williams.
Liosta sách intuartha is dócha.
Aisteach go leor bhí roinnt Éireannach ann freisin. Mar a bheifeá ag súil leis ó thír bhunaithe an chóilíneachais b’fhéidir, tugadh an míniú seo: A great Briton is defined as anyone who was born in the British Isles, including Ireland; or anyone who lived in the British Isles, including Ireland, and who has played a significant part in the life of the British Isles.
Bhí Sir Ernest Shackleton agus Arthur Wellesley, 1st Duke of Wellington, a rugadh in Éirinn nuair a bhí an tír faoi smacht na Breataine, san áireamh.
Cuireadh Bono agus Bob Geldof san áireamh freisin. Bhí an ceoltóir Boy George (George O’Dowd), ar de bhunús na hÉireann a mhuintir agus ar cuireadh a uncail - an poblachtach Thomas Bryan – chun báis i bPríosún Mhuinseo in 1921, ar an liosta.
Bhí dream ar an liosta nach mbeithfeá ag súil leo: bhí réabhlóidithe agus reibiliúnaithe ar nós Shéamais Uí Chonghaile, Owain Glyndwr agus Thomas Paine ann.
Gach seans nach bhfeicfeá na hainmneacha sin san áireamh i liosta nár tugadh cead don phobal vótáil uirthi.
Ach mar sin féin, mar a léiríonn liostaí mar seo, is minic a chuirtear pearsa staire i láthair gan an comhthéacs iomlán a thabhairt.
Ach céard fúinne in Éirinn? An ndéanann muid féin an rud céanna?
Ag ócáid i gCathair Dhónaill, Contae Chiarraí, ar na mallaibh, rinneadh comóradh ar an 250 bliain ó rugadh Dónall Ó Conaill, ‘An Fuascailteoir’.
An Taoiseach Micheál Martin a thug an príomhaitheasc. Tugadh ómós do shaol, d’oidhreacht agus do “fhís urghnách duine de cheannairí polaitiúla agus feachtasóirí cearta daonna is mó tionchar in Éirinn.”
Is fíor é gur fhág Ó Conaill agus an abhcóideacht a rinne sé ar son Fuascailt na gCaitliceach rian ar stair na hÉireann. Ar ndóigh, thacaigh sé go mór le feachtais ar son fuascailt na nGiúdach freisin agus leis an bhfeachtas i gcoinne na moghsaine. Ach an é sin bun agus barr an scéil?
Rugadh agus tógadh Ó Conaill gar do Chathair Saidhbhín i gContae Chiarraí sa bhliain 1775. Cuireadh oideachas air san Fhrainc. Deirtear go ndeachaigh foréigean Réabhlóid na Fraince go mór i bhfeidhm air agus gur chreid sé ina dhiaidh sin nárbh fhiú an doirteadh fola.
Ach más fíor go ndeachaigh smaointe na réabhlóide – liberté, égalité, fraternité – i bhfeidhm air, chaith sé tréimhse ina bhall den cheithearn i mBaile Átha Cliath mar sin féin, agus cé gur spreag smaointe Réabhlóid na Fraince iad, níor thug sé tacaíocht d’Éirí Amach 1798 ná d’Éirí Amach Roibeárd Emmet in 1803.
Lámh láidir
Bhí a chara Tom Steele in ann a inseacht dó céard a chonaic sé féin ar an gcearnóg in Inis in 1799 nuair a céasadh na réabhlóidithe a gabhadh agus céard a tharla ina dhiaidh sin dóibh sin a mhair i ndiaidh an chéasta.
Díoladh iad mar dhaoir le Rí na Prúise. Blianta ina dhiaidh bhí Myles Byrne ina oifigeach in Airm na Fraince. Nuair ghabh siad ceantar a bhí faoí réim Rí na Prúise scaoil na Francaigh saor na príosúnaigh a bhí théis na blianta a chaitheamh i ndaoirseacht, iad ag obair sna mianaigh.
Bhí iontas ar Byrne nuair a d’aithin sé ina measc cuid dá chomharsna as Loch Garman a gabhadh ina bpriosúnaigh sa bhliain 1798.
Shíl sé go raibh siad marbh le blianta.
Ach más rud é go raibh sé i gcoinne na láimhe láidre mar shlí chun na saoirse in Éirinn, ní léir go raibh Ó Conaill i gcoinne na láimhe láidre thar lear.
Chuir sé a mhac Morgan amach go Meirceá Theas agus litir aige ón bhFuascailteoir go Simon Bolivar inar dúradh go dtroidfeadh an mac leis an gclaidheamh ar son na saoirse.
D’imir an Conallach tionchar freisin ar mheath na Gaeilge.
Cé go ndeirtear gur shábháil an Ghaeilge a shaol nuair a d’inis freastalaí Éireannach dó i nGaeilge i Londain gur chuir a naimhde polaitiúla nimh ina chuid tae, níor labhair Ó Conaill Gaeilge ach nuair a bhí gá leis. Nuair a cuireadh foclóir Gaeilge-Béarla ina láthair in 1824, dúirt sé gur seanamadán a bhí sa té a scríobh é agus gur cur amú ama a bhí sa saothar.
Thuig sé go raibh titim ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge.
In 1833 nuair a ceistíodh é faoin dteanga dúirt sé: “Yes, and I am sufficiently utilitarian not to regret its gradual abandonment. A diversity of tongues is no benefit; it was first imposed on mankind as a curse, at the building of Babel. It would be of vast advantage to mankind if all the inhabitants of the earth spoke the same language. Therefore, although the Irish language is connected with many recollections that twine around the hearts of Irishmen, yet the superior utility of the English tongue, as the medium of all modern communication, is so great that I can witness without a sigh the gradual disuse of Irish.”
Cé go bhfuil an chuma air go bhfuil gach gné de shaol Uí Chonaill le scrúdú le linn chomóradh an 250 bliain, ní léir go bhfuil mórán airde á tabhairt ar an dtionchar a bhí aige ar an nGaeilge. Níl caint ar bith ach an oiread ar a aintín, Éibhlín Dhubh Ní Chonaill, a scríobh ceann de na dánta is iomráití atá againn sa Ghaeilge, Caoineadh Airt Uí Laoghaire.
Bhí an Ghaeilge ag cúlú roimh aimsir Uí Chonaill ar ndóigh, ach ba lena linn a cuireadh dlús an-mhór lena múchadh. Ní raibh cumhacht rialtais aige ar ndóigh, ach bhí an-tionchar aige agus bhí deiseanna aige cuid ar a laghad den táinrith a chasadh.
Is minic caint ar thionchairí na linne seo ach b’fhéidir go bhfuil sé in am aghaidh a thabhairt ar an dtionchar a bhí ag duine de mhórphearsna náisiúnta na hÉireann ar an nGaeilge.