Tháinig siad as gach cearn - ar bhusanna, ar thraenacha, i gcarranna, ar rothair agus de shiúl na gcos. Agus siosarnach chainte an tslua ag méadú, bhí drumadóirí ag greadadh a dtiompán, á ngríosú féin agus a chéile don mhórshiúl.
Bhí go leor ann a tháinig agus iad ag iompar bratacha agus comharthaí, agus go leor eile a tháinig gan acu ach a nglór. Ach bhí siad uilig i láthair le gleo a dhéanamh - chun athrú ó bhonn a éileamh ar an Stát.
Ba é CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael an slógadh ba mhó ar son cearta teanga na Gaeilge a reáchtáladh le fada an lá, agus dar leis na heagraithe bhí suas le 25,000 duine i láthair.
Bhí an oiread sin i láthair gur shín an slua fad Shráid Uí Chonaill.
READ MORE
Ach anois gur léiríodh an fonn atá ar an bpobal teacht chun na sráideanna, cén chéad chéim eile a ghlacfaidh gluaiseacht na Gaeilge? An dtabharfar aird ar na héilimh agus ar an bhfearg a bhí le brath an Satharn sin, nó an leanfaidh cúrsaí mar a bhí - gan athrú, gan feabhas?
Labhair Tuarascáil le Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, faoin dúil atá ag pobal na Gaeilge ionadaithe polaitiúla na tíre a ghríosú chun gnímh ar na ceisteanna móra - na ceisteanna sin atá ag déanamh imní mhór dóibh faoi thodhchaí na teanga.
D’inis de Spáinn do Thuarascáil go bhfuil monabhar míshástachta ag éirí i measc phobal na Gaeilge le fada an lá.
“Tá an-fhearg sa phobal,” a dúirt sé.
“Níor chuir sé aon iontas orm go raibh an oiread sin daoine ar an mórshiúl. Tá daoine buartha le fada faoin treo ina bhfuil muid ag dul ó thaobh na Gaeilge de.”
Ní féidir linn leanúint orainn mar atáimid ar feadh 20 bliain eile. Nó an mbeidh muid ag caint faoi seo arís i gceann 20 bliain agus muid fós ag rá go bhfuil Foras na Gaeilge fós ar €17 milliún?
— Julian de Spáinn
Agus ba léir ó na comharthaí agus na bratacha a bhí ar foluain ag an mórshiúl go mbaineann na ceisteanna sin le gach cuid de shaol na Gaeilge.
“Tá todhchaí na Gaeilge i mbaol, tá todhchaí na Gaeltachta i mbaol agus tá todhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais i mbaol,” a dúirt de Spáinn.
Tá seantaithí ag earnáil na Gaeilge ar bheith ag feidhmiú ar an ngannchuid, agus cé go bhfuil an frustrachas ag borradh le fada is ábhar iontais é do dhaoine a laghad airde a thugtar ar an teanga, dar le de Spáinn.
“Ceann de na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm agus mé ag labhairt le daoine le tamall anuas ná nuair a mhínítear an staid reatha ó thaobh maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta de,” a dúirt de Spáinn.
“Nuair nach bhfuil ach 0.1 faoin gcéad de chaiteachas an Stáit ag dul chuig Roinn na Gaeltachta, feiceann siad cé chomh suarach atá sé sin agus nach ionann sin agus tosaíocht a thabhairt don teanga.”
“Deir an Rialtas go bhfuil airgead breise curtha ar fáil le roinnt blianta anuas - aithníonn muid é sin - ach is gá a chur san áireamh go bhfuil an bunleibhéal i bhfad ró-íseal.”
Tá géarchéim ag bagairt ar na ceanneagraíochtaí Gaeilge de bharr an mhúnla maoinithe trasteorann a deir siad a chuireann srian ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge.
De bharr cúinsí polaitiúla, boilscithe, ciorruithe buiséid, agus diúltú an DUP an socrú trasteorann a leasú, níor tháinig méadú ar mhaoiniú na gceanneagraíochtaí le fada.
“Níl aon dabht go bhfuil an struchtúr trasteorann briste,” a dúirt de Spáinn.
“Ní féidir breathnú air in aon slí eile.
“Nuair a bhreathnaímid ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge, in 2003 bhí €44m ag an gComhairle Ealaíon, agus in 2025 tá €140m ar fáil dóibh.
“In 2003, bhí €17m ag Foras na Gaeilge, agus in 2025, is €17m atá acu fós.”
“Tá sé chomh soiléir sin - ní fhéadfaí soiléireacht ar bith eile a dhéanamh ach a rá go bhfuil an córas briste agus go gcaithfear cinntí a dhéanamh a réiteoidh an fhadhb.
“Ní féidir linn leanúint orainn mar atáimid ar feadh 20 bliain eile. Nó an mbeidh muid ag caint faoi seo arís i gceann 20 bliain agus muid fós ag rá go bhfuil Foras na Gaeilge fós ar €17 milliún?
“Ní féidir na figiúirí a shéanadh nó a sheachaint agus is gá gníomhú anois, gan aon leithscéal eile.”
“An leithscéal is mó [atá cloiste] againn maidir le maoiniú na Gaeilge ná an socrú Thuaidh-Theas,” a dúirt de Spáinn.
“Ach tuigimid go mbeidh an bac sin leis an DUP go deo.
“Caithfimid a aithint go bhfuil an córas sin tar éis loiceadh orainn maidir le hairgead agus struchtúr araon, agus caithfear a chinntiú go gcuirfear an t-airgead cuí ar fáil agus go mbeidh léim sa mhéid [a cheadaítear].”
An bhfuil sé beartaithe casadh leis na hAirí rialtais agus breis brú a chur orthu?
“Bhuaileamar leis an Aire Gaeltachta cheana chun na ceisteanna móra faoi chúrsaí tithíochta a phlé,” a dúirt de Spáinn.
“Bhuaileamar leis an Aire Caiteachais Phoiblí, agus bhuaileamar leis an Aire Oideachais le déanaí freisin.
“Ní fhéadfaí a rá nach bhfuil a fhios acu céard atá ag tarlú. Táimid ag súil go mbeidh siad ag gníomhú air anois.”
Ach an bhfuil an rialtas sásta éisteacht leis na héilimh?
“Táimid ag súil go mbeidh siad ag éisteacht agus go ngníomhófar ar na héilimh,” a dúirt de Spáinn.
“An ceann is luaithe ar féidir linn dul chun cinn a fheiceáil air ná an buiséad ar an 7ú Deireadh Fómhair. Tá aire sinsearach [Aire na Gaeltachta, Dara Calleary] againn anois, rud a bhí á lorg againn ar feadh na mblianta, tá an tAire Caiteachais Phoiblí [Jack Chambers] ina iar-Aire Gaeltachta, agus tuigeann seisean na ceisteanna seo freisin.”
“Tá an cás déanta againn leis na hAirí ar bhuaileamar leo, leis na polaiteoirí a gcasaimid leo go leanúnach agus leis an bpobal.
“Ach táimid fós ag 0.1 faoin gcéad. Fiú tar éis dúinn an t-airgead breise sin a chur san áireamh, ní fheicimid go bhfuil dul chun cinn déanta.
Feachtas leanúnach
Ní raibh sa mhórshiúl ach an ghníomhaíocht ba dheireanaí i bhfeachtas leanúnach atá ag dul i ngéire de réir mar a éiríonn an ghéarchéim mhaoinithe, oideachais agus thithíochta níos measa.
Ag tagairt do ghníomhaíochtaí eile a reáchtáladh ó chianaibh chun aird a tharraingt ar na ceisteanna sin - “an stailc oibre, na léirsithe lasmuigh den Dáil agus an tionól a reáchtálamar” - dúirt de Spáinn gur léir “go bhfuil an pobal á mhúscailt ar na hábhair seo - agus níl siad sásta.”
Ach an bhfuil sé i gceist an fuinneamh sin a bhí le brath ar shráideanna Bhaile Átha Cliath a úsáid ar bhealach éigin?
“Táimid ag leanúint leis an bhfeachtas i gcónaí. Táimid ag iarraidh ar dhaoine clárú le gníomh.ie agus tríd sin teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach, leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus leis an Aire Gaeltachta roimh an mbuiséad.
“Tá na grúpaí a bhí páirteach sa mhórshiúl ag teacht le chéile arís agus pléifear na chéad chéimeanna eile.
“Tá glúin nua gníomhaithe ag teacht chun tosaigh agus tá siad ag iarraidh go dtógfaidh an rialtas an méid atá á rá againn ar bord agus go ndéanfaidh siad gníomhú air.
“Níl muid ag dul in aon áit.”
FOCLÓIR: greadadh - beating; tiompán - drum; bratacha - flags; slua - crowd; fonn - desire; feachtas leanúnach - ongoing campaign