Is rialtas radacach é rialtas Trump. Is ar éigean aon amhras a bheith ann nach é an rialtas is radacaí de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) é ó Franklin Roosevelt anall. Dob é Roosevelt a thiomáin na Stáit Aontaithe amach as cúlú eacnamaíochta na dtríochaidí. Dob é a bhí in oifig agus bunús na n-institiúidí idirnáisiúnta a chomhdhlúthaigh cumhacht dhomhanda na Stát Aontaithe á chur ar an bhfód.
Tá rialtas Trump chomh radacach céanna maidir le bainistíocht eacnamaíoch agus ról domhanda SAM. Ní fheiceann na comhghuaillithe traidisiúnta an tír a thuilleadh mar chomhpháirtí iontaofa. Ardaíonn beartais eacnamaíocha Trump, i dtaobh trádáil idirnáisiúnta go háirithe, ceisteanna tromchúiseacha.
Tá dochar suntasach déanta do stádas SAM agus don dollar cheana féin.
Tá contúirtí éagsúla ag bagairt ar gheilleagar na hÉireann dá bharr. Ní bhíonn Trump geanúil ar thíortha a bhfuil barrachas trádála acu leis na Stáit Aontaithe. De réir na Príomh-Oifige Staidrimh, d’easpórtáil Éire luach ¤72.6 billiún d’earraí chuig SAM in 2024. Is méadú 34% é siúd thar mhéid na bliana roimis. Is é SAM an comhpháirtí trádála is mó atá againn lasmuigh den Aontas Eorpach agus is as earnálacha cógaisíochta agus teicneolaíochta leighis mórchuid d’easpórtálacha na hÉireann chuig SAM.
READ MORE
Dar le Trump gur mhaith leis na comhlachtaí a tháirgeann a leithéid a mhealladh amach as Éirinn chuig SAM.
Lena chois sin, tá bunáiteachaí Éireannacha ag comhlachtaí SAM san earnáil eolais agus teicneolaíochta cumarsáide. Is suntasach é an gnó domhanda a reáchtáiltear astu siúd ach dar le Trump nach maith na srianta atá á gcur leo ag rialacháin na hEorpa.
Beidh beartais ionsaitheacha, a bhainfeadh leis an tír seo, dírithe ag SAM ar an AE ina iomláine. D’fhéadfadh dhá imní a bheith ar Éirinn dá dheasca – polasaithe SAM i gcoitinne, agus go ndéanfar ionadaíocht chuí ar chás na hÉireann san AE. Is spéis d’Éirinn mar a chaithfeas SAM leis na réimsí bogábhair, seirbhísí ríomhaireachta agus, thar aon cheann eile, cógaisíochta. Is chun tairbhe na hÉireann a bheas sé go mbeadh cosaint chuí á héileamh ag an AE dos na réimsí úd, faoi mar a chosnófar déantúsaíocht carranna na Gearmáine agus táirgeadh fíona na Fraince.
Tá impleachtaí fadtéarmacha ag baint le beartas eacnamaíoch agus polasaithe eachtrannacha SAM.
Ón Dara Cogadh Domhanda i leith, tá dollar SAM i réim mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta agus mar airgeadra na trádála idirnáisiúnta. Is suntasach go mór an chumhacht eacnamaíoch a bhronntar ar SAM dá réir. Bhain bannaí Státchiste SAM stádas amach a mheastar a bheith ‘Saor ó Bhaol’. Is amhlaidh a mheastar gach infheistíocht eile, fiach nó caipiteal, i comparáid le rátaí bannaí Státchiste SAM. B’intuigthe, sa gcomhthéacs úd, go leanfadh na Stáit Aontaithe beartais eacnamaíocha chiallmhara agus nach mbeadh aon bhaol ann go loicfeadh SAM ar íocaíochtaí.
Ar ‘Lá an tSaortha’, mar a thug Trump féin air, d’fhógair sé tuilleadh taraifí, rud a bhain suaitheadh as an gcóras agus as an stádas seo. Ba léir go raibh míthuiscint ar Trump agus ar a chuid comhairleoirí faoin mbealach a bhfeidhmíonn córais trádála idirnáisiúnta i gcoitinne, agus faoin tionchar a bhíonn ag taraifí go háirithe.
Ba léir fosta nár thuig sé an tionchar – dearfach agus diúltach – a bhaineann le heasnaimh thrádála. Laghdú ar easnaimh thrádála SAM, b’shin cuspóir Trump. Mhaígh sé go raibh tíortha eile ag baint tairbhe neamhchothrom as SAM. B’aisteach an rud é. D’fhéadfadh fochéimí eacnamaíochta ar bith a mhíniú dó nach bhfuil easnaimh thrádála iontu féin dearfach ná a mhalairt. Bíonn idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí i gceist. Buntáiste amháin is ea go spreagtar infheistíocht dhíreach eachtrach sa tír easnaimh. Bhí sé íorónta mar sin Trump a chloisteáil ag maíomh gurb iontach í an infheistíocht eachtrach Arabach sna Stáit atá geallta tar éis a chuairte chuig an réigiún.
Tionchar eile a bhí ag stádas an dollair a bheith saor ó bhaol ná go raibh sé de chumas ag SAM iasachtaí a fháil ar rátaí an-íseal. Dá bharr sin, tháinig fás urghnách ar fhiachas náisiúnta na Stát Aontaithe, rud a tharla ó ré Reagan i leith. Go polaitiúil, ba mhealltach – agus meatach – é sin seachas cánacha a ardú. Ach tá sé ionann is cinnte anois go bhfuil deireadh ré tagtha i dtaca le seasamh traidisiúnta an dollair. Ardófar an t-ús a ghearrfar ar iasachtaí SAM agus is neirbhíseach anois iad na margaí bannaí tar éis ‘Lá an tSaortha’.
Tá moltaí ann go bhféadfadh ról a bheith ann don Euro agus do Yuan na Síne. Ní tharlóidh san thar oíche, sa mhéid is go bhfuil an córas idirnáisiúnta reatha nasctha leis an dollar, ach is cinnte go dtarlóidh sé amach anseo. Beidh le feiceáil cén éifeacht a bheidh aige sin ar pholasaithe fioscacha agus airgeadaíochta na Stát Aontaithe sna blianta beaga romhainn. Ach is léir gur éifeachtaí suntasacha a bheidh iontu agus go dtiocfaidh, luath nó mall, moilliú ar eacnamaíocht SAM.
Tá seasamh taidhleoireachta, polaitiúil, agus go háirithe geopholaitiúil SAM ag meath faoi rialtas Trump. Mar fhear a chaith an chuid is mó dá shaol sa bhfearann eastáit réadaigh, is cosúil go gcreideann sé gur féidir aon chás casta a réiteach le haon ‘deal’ amháin, ach na coinníollacha cuí a aimsiú. Tá an chuma ar an scéal nach dtuigeann sé cuspóirí agus castachtaí dhearcadh na Rúiseach, i gcoitinne agus maidir leis an Úcráin go háirithe.
Is cosúil go samhlaíonn sé ‘réiteach’ an eastáit réadaigh in Gaza chomh maith, socrú a bhaineann le díshealbhú an phobail agus clós súgartha a fhorbairt do lucht maoine. Is mór é an meas atá aige ar an bPríomh-Aire Benjamin Netanyahu - “eiseamláir d’fhear láidir”, tréith ar a bhfuil meas aige féin go pearsanta. Níl aon amhras ach go bhféadfadh glaoch amháin ó Trump ar Netanyahu deireadh a chur láithreach le slad Iosrael in Gaza. Ach is tábhachtaí an ‘margadh’ ina aigne seachas an cinneadh ceart morálta a dhéanamh, agus beidh le feiceáil an éireoidh leis an bplean is déanaí deireadh a chur leis an gcogadh.
Tá a dhearcadh ar an India dochreidte fosta. Bhí sé ag maíomh gur bhain sé síocháin amach idir an India agus an Phacastáin. Shéan rialtas na hIndia é ar ndóigh. Agus an freagra a bhí ag an Trumpach ná iarracht a dhéanamh pionós taraifí a ghearradh ar an India. Dob é freagra na hIndia air sin, ní nach ionadh, ná díriú ar a gcaidreamh leis an tSín a fheabhsú.
Agus an méid sin ar siúl ar an ardán idirnáisiúnta, is fiú machnamh ar chúrsaí inmheánacha SAM, agus ar thacaíocht Trump agus orthu siúd atá ina choinne. Bíonn an páirtí Daonlathach dá cháineadh, cinnte, ach ní léir go bhfuil polasaithe dá gcuid féin acu a mheallfadh vótaí ar shiúl ón Uachtarán. I gcead do na Daonlathaithe, áfach, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil mórán luí ag lucht tacaíochta Trump le hanailís bhunreachtúil ná eacnamaíoch. Is fearr leo dearbhuithe tírghrá agus díoltas a bhaint amach ar naimhde, bídís fíor nó samhailteach.
Rud eile de, is deacair tost na gceannairí gnó sna Stáit a thuiscint. Ar ndóigh, tá príomhlucht tacaíochta Trump in Silicon Valley a thuigeann idé-eolaíocht liobrálach Ayn Rand agus a thacaíonn léi; iad dírithe ar ról an rialtais lárnaigh a laghdú i ngach réimse den saol. Cad faoi na príomhfheidhmeannaigh in earnáil an airgeadais, sa tionscal agus sa tráchtáil áfach? Ní móide go bhfuil siad aineolach ar an mbaol meántéarmach agus fadtéarmach a bhaineann le polasaithe Trump. Is fusa áfach a chreidiúint go bhfuil a n-aird dírithe ar fheidhmíocht láidir na stocmhargaí faoi láthair, cé gur rud sealadach é sin gan amhras. Ní hiondúil gur maith le hardbhainisteoirí comhlachtaí cur isteach ar scairshealbhóirí le fírinní míchompordacha. Agus sin díreach mar a fheidhmíonn córas SAM.
Foclóir: rialtas – government, administration; airgeadra - currency; suaitheadh - shock; córas idirnáisiúnta reatha – current international sytem; margaí bannaí – bond markets; taidhleoireacht – diplomacy; urghnách - extraordinary