An bhagairt mar uirlis

Tá stair fhada ag an gcineál bagairte seo a thugann le fios mura ndéanann tú beart áirithe anois ar ala na huaire go leanfaidh iarmhairt níos measa

B’é a bhí i 'teoiric an domanó' ná ‘dá dtitfeadh’ Vítneam don chumannachas, go leanfadh na tíortha eile in oirdheisceart na hÁise ar an gcuma chéanna.  Griangraf: The New York Times
B’é a bhí i 'teoiric an domanó' ná ‘dá dtitfeadh’ Vítneam don chumannachas, go leanfadh na tíortha eile in oirdheisceart na hÁise ar an gcuma chéanna. Griangraf: The New York Times

I gceann de na ráitis rabhaidh sin a thug sé don domhan cúpla seachtain ó shin, dúirt Benjamin Netanyahu sa chás is nach gcloífí Hamas anois gur chugainne a bheidís ina dhiaidh sin. Is fíor go ndúirt sé nach raibh ach seachtain fágtha sula mbeadh airm núicléacha ag an Iaráin, ach dúirt sé sin cheana, cúig mbliana, deich mbliana, fiche bliain ó shin chomh maith.

Macalla é sin de na hairm ollscriostacha a bhí ag Saddam Hussein, ach nach raibh, agus an chontúirt go mbuailfeadh siad Sasana laistigh de chúpla uair an chloig, ach nach mbuailfeadh ach an oiread.

Tá stair fhada ag an gcineál bagairte seo a thugann le fios mura ndéanann tú beart áirithe anois ar ala na huaire go leanfaidh iarmhairt níos measa, níos gránna agus níos uafásaí. Tá baint aige le ‘teoiric an domanó’ a chraobhscaoil na Stáit Aontaithe nuair a theastaigh uathu scrios a dhéanamh ar Vítneam, cé nach ionann go baileach iad. Ba é a bhí sa teoiric sin ‘dá dtitfeadh’ tír amháin don chumannachas, sa chás sin Vítneam, go leanfadh na tíortha eile in oirdheisceart na hÁise ar an gcuma chéanna, cé nach ndúirt siad riamh cad a bhí chomh tarraingteach sin sa Chumannachas a thabharfadh orthu dul an bóthar sin.

De dheasca na teoirice sin maraíodh rud ar bith idir milliún agus trí mhilliún duine ar sibhialtaigh a bhformhór, gan trácht ar scrios na timpeallachta agus an dochar a déanadh do na tíortha eile máguaird. Cé nach bhfuair na Stáit Aontaithe mórán tacaíochta go díreach ag an am mhaígh polaiteoir ardghradam Gearmánach amháin gur thosnaigh a gcuid saoirse siúd ag an Delta Mekong i Vítneam.

Nuair a bhí Isis ag réabadh leo ag dícheannadh príosúnach, ag bánú bailte agus a gcairde ag leagadh séadchomharthaí beannaithe naofa bhíothas ann a cheap go ndéanfadh siad gabháltas ar an domhan go léir fad a ritheann. B’fhuar agus b’fhánach fianaise a chur os ard a thaispeánfadh nach n-éireodh leo oiread is aon tír amháin a smachtú, gan an domhan a bhac. Is beag an mhaith an fhianaise in aghaidh na sceimhle is féidir a chur ar dhaoine, agus arb é an cleas é d’fhonn tuilleadh armála agus tuilleadh cumhachta a chruinniú.

Ach is lánait nach n-oibríonn sé an tslí eile timpeall? Nuair a d’ionsaigh na Stáit Aontaithe Panama sa bhliain 1989 ba bheag an trácht a déanadh sna meáin go mbeadh Cósta Ríce ar an gcéad íospartach eile. Nó go leanfadh an Tuircméanastáin an Afganastáin in 2001. Nó ‘go dtitfeadh’ an Iordáin tar éis an ionsaithe ar an Iaráic in 2003.

Ach fós tá an Eoraip go léir faoi bhagairt ag an Rúis. Bímis macánta. Tá súile agus croibh na Rúise dírithe ar na tíortha in aice leo. Sin é is dual d’impireacht nó do mhaistín ar bith. Agus tá cluichí diablaíochta á n-imirt acu le cibirionsaithe agus eile. Ach níl aon fhianaise ann go bhfuil sé i gceist acu scuabadh trasna na hEorpa ina dtancanna T-90M ‘Proryv’. Béist leointe is ea an Rúis a smístfeadh fórsaí coinbhinsiúnta mhórthíortha na hEorpa í gan doic gan deacracht agus tá a fhios sin ag cách.

Tá an t-aer ramhar le tráchtairí de dhath áirithe agus le hiarGhinearáil mhíleata agus daoine a bhfuil suim leasmhar acu sa ghnó ag rá linn a bheith ullamh do chogadh, tuilleadh airgid gan chrích a chur isteach in airm ollscriostacha an bháis, agus gur sinne an chéad amas eile ag fomhórach faon na Rúise. Nach mór €400 billiún a chaith an Eoraip anuraidh ar airm ‘chosanta’, méadú 20faoin gcéad ón mbliain roimhe sin.

Tá duine éigin ag carnadh airgid isteach ina scipéad féin leis an mbagairt shíoraí seo, agus ní tusa ná mise é.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar