Lón anama don taiscéalaí saoil

‘Idir Chroí agus Anam’ is teideal do phodchraoladh nua atá seolta ag Tomaí Rua Ó Conghaile

Tomaí Rua Ó Conghaile. Ealaín le hAnna Nic Gafraidh.
Tomaí Rua Ó Conghaile. Ealaín le hAnna Nic Gafraidh.

Le fuirseadh na Nollag ag druidim linn go mear agus muid timpeallaithe le gleo na deargiomaíochta agus clampar an tomhaltachais, is mó seans muid a bheith ag caismirneach linn ná a bheith ag machnamh ar fholláine aigne agus ar chúrsaí spioradálta.

Is tráthúil mar sin gur seoladh sraith nua podchraoltaí ar na mallaibh a spreagann fiosrú domhain san éisteoir ar a shaol laistigh, agus fuadar shéasúr an cheiliúrtha ag teannadh linn sa saol lasmuigh.

Aithneoidh go leor i saol na Gaeilge Tomaí Rua Ó Conghaile. Gníomhaí teanga, aistritheoir, scríbhneoir, bunaitheoir na hirise cultúir NÓS, agus anois léiritheoir agus láithreoir ar shraith phodchraolta uathúil dar teideal Idir Chroí agus Anam.

Cuireann Ó Conghaile agallamh ar aoi amháin in aghaidh an chláir - Pádraigín Ní Uallacháin, an tAth Brian Ó Fearraigh, Siobhán de Paor, Antain Mac Lochlainn, Jenny Ní Ruiséil agus Michael Harding.

…bhí mé ag iarraidh cur leis an phlé inár dteanga féin sa tsúil go mbeadh sé cabhrach do dhaoine eile.

Turas taiscéalaíochta atá ann ina bpléitear réimse leathan téamaí, ina measc traidisiúin ghaoise, an spioradáltacht, mistéir na beatha, an Chríostaíocht, an Búdachas, athshealbhú teanga agus síocháin inmheánach.

D’fhiafraigh Tuarascáil de Ó Conghaile cad a spreag é leis an tsraith seo a dhéanamh.

“Tá mo chroí istigh san ábhar seo le fada,” a dúirt sé.

“Bhí mé i gcónaí fiosrach faoi cheisteanna móra na beatha ach géaraíodh ar an fhiosracht sin tar éis bhás mo mháthar breis agus deich mbliana ó shin.

“Tháinig míshuaimhneas intinne orm tamall ina dhiaidh sin, agus domhaincheistiú. Bhí fonn orm codanna díom féin, de m’eispéireas saoil, a fhiosrú ar bhealach níos doimhne agus suaimhneas croí a aimsiú arís.”

Míníonn Ó Conghaile gur chuir sé tús lena aistear leis an mhachnamh.

“Thosaigh mé ag léamh leabhair eolaíochta faoin tráma agus faoin sonas, agus chuir mé suim sa mhéid a bhí le rá ag creidimh iomadúla an Domhain faoi chuspóir an tsaoil agus faoi rúndiamhair an bháis,” a dúirt sé.

“D’fhreastail mé ar chúrsaí spioradálta agus bhuail mé le daoine eile a bhí ar an aistear céanna, rud a chuidigh go mór liom. Chuir an cuardach sin ar fad ar bhóthar na bplandaí leighis mé, sin agus cleachtaí seamanacha agus cneasú na sinsear, agus tá mé ar an bhóthar sin go fóill.

“Ach is beag den turas atá ar fáil do dhaoine trí mheán na Gaeilge, mar sin de, leis an phodchraoladh seo, bhí mé ag iarraidh cur leis an phlé inár dteanga féin sa tsúil go mbeadh sé cabhrach do dhaoine eile.”

Is liosta le háireamh an seisear ar chuir Ó Conghaile agallamh orthu, agus cuireann sé na haíonna ar a gcompord, rud a fhágann comhrá nádúrtha ina bpléitear na hábhair go cáiréiseach. Ach cén chaoi ar roghnaigh sé na haíonna agus na téamaí a phléadar?

Idir Chroí agus Anam. Cuireann Tomaí Rua Ó Conghaile agallamh ar aoi amháin in aghaidh an chláir - Pádraigín Ní Uallacháin, an tAth Brian Ó Fearraigh, Siobhán de Paor, Antain Mac Lochlainn, Jenny Ní Ruiséil agus Michael Harding. Ealaín le hAnna Nic Gafraidh.
Idir Chroí agus Anam. Cuireann Tomaí Rua Ó Conghaile agallamh ar aoi amháin in aghaidh an chláir - Pádraigín Ní Uallacháin, an tAth Brian Ó Fearraigh, Siobhán de Paor, Antain Mac Lochlainn, Jenny Ní Ruiséil agus Michael Harding. Ealaín le hAnna Nic Gafraidh.

“Tá taithí luachmhar le roinnt ag gach duine againn ach is dócha go raibh aíonna uaim a raibh peirspictíocht ar leith acu, nó seoda beaga gaoise a bheadh ina gcuidiú ag na héisteoirí,” a dúirt sé.

Toilteanas agus oscailteacht na n-aíonna chomh maith le ceistiú caidéiseach an láithreora snáth uama na sraithe seo.

“Tháinig na téamaí chun cinn go nádúrtha sa chomhrá, bunaithe ar aistear saoil na n-aíonna agus ar an aithne agus ar an chur amach a bhí agamsa orthu roimh ré.

“Luaigh beagnach gach aoi sa tsraith go mothaíonn siad go bhfuil tart ar dhaoine faoi láthair i dtaca lena saol spioradálta agus gur mian le daoine an ghné inmheánach sin a fhiosrú agus a phlé.

“Is rud é sin a d’aithin mé féin agus atá ar na cúiseanna ar shocraigh mé ar an tsraith a dhéanamh.

“Téama eile a tháinig aníos go minic ná an tábhacht a bhaineann le ceangal leis an dúlra, go bhfuil suaimhneas le fáil ann agus go dtugann sé tuiscint dúinn ar ár nádúr féin. Tá ceacht ann sin is dóigh liom.”

Is geall le tonn tuile uaireanta an sruth gleo agus an clampar eolais atá timpeall orainn uilig. An dóigh le hÓ Conghaile go bhfuil gá níos mó leis an spioradáltacht i ré na teicneolaíochta agus na meán sóisialta?

“Tá an saol seo róghnóthach,” ar sé.

“Bíonn ár n-aird faoi ionsaí leanúnach ag na meáin shóisialta agus ag soilse geala na teicneolaíochta. Is cinnte nach mbíonn go leor deiseanna againn suí ar an suaimhneas linn féin, ceangal leis an anáil, éisteacht lenár gcroí. Is iomaí léamh ar an spioradáltacht ach domhsa baineann sé leis an bhraistint go bhfuil muid uilig nasctha le rud éigin atá níos mó ná muid féin.

“Is cuma cén focal a chuireann muid air sin - an ollchruinne, an dúlra, grá, dia - sílim go ndéanfadh sé ár leas mar speiceas, mar shochaí, dá mbeadh muid in ann ceangal leis sin níos minice.”

Ar tháinig aon athrú ar a thuiscint féin ar an spioradáltacht le linn na sraithe agus iad i mbun plé?

“Ní déarfainn gur tháinig athrú ar mo thuiscint ach gur neartaíodh é,” a dúirt sé.

“Tá taithí agus dearcadh ar leith ag gach duine ar labhair mé leo - agus blasanna éagsúla ar a leaganacha féin den spioradáltacht dá réir - ach is gné uilíoch den saol é a bhaineann linn go léir.

“Is mian linn ar fad a bheith sona. Tá an bás i ndán do chách. Bhí pointe i saol gach duine againn inar mhothaigh muid iontas mistéireach nó grá domhain nó brón coscrach. Tá an spioradáltacht de dhlúth agus d’inneach an chine dhaonna agus sílim gurbh fhiú dúinn níos mó comhráite a bheith againn faoi, sna háiteanna cearta agus sa chomhthéacs cuí.”

Is minic agus téamaí mar seo á bplé, go gcuirtear an cheist faoi dhrogall mhuintir na hÉireann aird a thabhairt ar chúrsaí spioradálta. An dóigh leis go mbíonn náire ar dhaoine maidir leis?

“Is cinnte go mbíonn míshocracht áirithe le brath nuair a tharraingítear anuas téamaí ar nós na spioradáltachta nó an chreidimh nó na mothúchán,” a dúirt sé.

“Baineann cuid de sin le nádúr na reiligiún eagraithe: ní bhíonn úinéireacht ag an duine ar a spioradáltacht féin, feidhmíonn sé taobh istigh de struchtúir dhochta agus, nuair atá a leithéid de chóras fréamhaithe sa tsochaí, braitheann daoine míchompordach labhairt faoin ábhar ar bhonn pearsanta.

“Rud eile de, tá stair na hÉireann lán le pian, brón agus caillteanas, ar roinnt cúiseanna. Tá na mothúcháin sin go fóill istigh ionainn, rud a fhágann gur dúshlán mór é breathnú isteach inár gcroí agus an chuid sin dínn féin a chíoradh agus a fhuascailt.

“An deacracht agus an míchompord a bhaineann le labhairt faoi chúrsaí spioradálta, is léiriú ann féin é sin ar an tábhacht atá leis.”

Mar a luaigh sé cheana, rinne Ó Conghaile cleachtais agus cultúir eile a fhiosrú agus é ar a aistear. An gcreideann sé gur féidir le cleachtais ó chultúir eile saibhriú a dhéanamh ar ár spioradáltacht féin?

“Tá éagsúlacht an domhain ar na nithe is galánta faoin saol seo: cultúir, teangacha, bia, tírdhreacha, aghaidheanna, miotaseolaíocht, agus chuirfinn an spioradáltacht leis an liosta sin chomh maith,” a dúirt sé.

“Is iomaí bealach le ceann scríbe a bhaint amach ach is ar an aistear céanna atá muid uilig. Mar a luaigh cúpla aoi liom le linn na sraithe, más ionann cuspóir do na cleachtais agus do na traidisiúin éagsúla - is é sin saol an duine a dhéanamh níos éasca, sonas a chothú, comhbhá a spreagadh - más ionann cuspóir dóibh, is féidir a bheith ag tarraingt orthu ar fad.

“Sílim gur folláin an dearcadh é sin.”

B’fhéidir nach fada ón gcneá an ceirín ar deireadh thiar thall.

Is féidir teacht ar Idir Chroí agus Anam anseo ar Spotify agus ar Apple Podcasts.

Foclóir: fuirseadh – scramble; deargiomaíocht – rat race; caismirneach – meandering; turas taiscéalaíochta – voyage of discovery; míshuaimhneas – restlessness; cleachtaí seamanacha – shamanic practices; tart – thirst

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor.