Síolta dóchais i measc na mórdhúshlán

Breathnaíonn Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas, chun cinn ar na dúshláin atá roimh scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in 2026

Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ag tabhairt cuairte ar Ghaelscoil Inse Chór. Grianghraph: Alan Betson/The Irish Times
Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ag tabhairt cuairte ar Ghaelscoil Inse Chór. Grianghraph: Alan Betson/The Irish Times

Mar is nós linn uile an t-am seo den bhliain, breathnaíonn muid siar ar na dúshláin agus na castachtaí a bhí romhainn; ar na bealaí ar sáraíodh iad, nó go deimhin nár sáraíodh, agus má cheadaíonn muid beagán spás anála dúinn féin, foghlaimíonn muid ón taithí chun críche torthaí níos fearr sa todhchaí.

Cá seasann muid ar an aistear machnaimh sin in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge? Cá raibh ár dtriail sa bhliain 2025? An bhfuilimid fós ar sprioc, nó an dtuigeann muid go fóill cá bhfuil ár dtriail?

Foilsíodh agus forbraíodh cúpla mórpholasaí i réimse na Gaeilge agus an oideachais lán-Ghaeilge le bliain anuas; polasaithe a imreoidh tionchar fadtéarmach ar an nGaeilge sa chóras oideachais trí chéile, agus ar an oideachas lán-Ghaeilge go sainiúil. Is fúinne, an ghlúin seo, a chinntiú gur tionchar dearfach a bheidh ann óir níl aon amhras ach gur am cinniúnach don Ghaeilge agus don tumoideachas é, le deis ar leith ann, ach an deis a bheith aitheanta, comhaontaithe, tacaithe agus curtha chun cinn mar mhórthosaíocht an Stáit.

Mar eagraíocht abhcóideachta a bhfuil mar fhís aici go mbeidh teacht ag gach páiste ar naíonra, gaelscoil, gaelcholáiste, nó scoil Ghaeltachta, agus ag na caighdeáin is airde, fáiltíonn muid roimh an gcéim mhór stairiúil a baineadh amach le foilsiú an chéad pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is iontach an fhorbairt í seo a eascraíonn as an aitheantas go bhfuil laigí móra san infreastruchtúr tacaíochta san earnáil lán-Ghaeilge, ach go háirithe mar a bhaineann leis an bpróiseas le scoileanna a bhunú. An cheist atá ag dó na geirbe againn anois áfach agus muid ag déanamh anailíse ar ábhar an pholasaí ná, an dtéann sé i ngleic leis na dúshláin a nochtaíodh sa chomhairliúchán mór poiblí i mbealach uaillmhianach, cumhachtach, cuimsitheach agus cothrom? Ní mór dúinn a bheith foighneach áfach ag lorg freagra na ceiste seo óir tá mórchuid na ndúshlán a aithníodh curtha faoi chúram tascfhórsa lena réiteach.

Agus tréimhse bliana tugtha don tascfhórsa le moltaí a réiteach don Aire Oideachais, tá freagracht agus ionchais mhóra ann. An pointe tosaigh, agus an críochphointe agus sinn ag obair linn ar son na hearnála ar an tascfhórsa ná seasamh le bunchritéir, bunphrionsabail agus bunriachtanais forbartha an tumoideachais, is é sin go mbeidh páistí agus daoine óga tumtha sa teanga, go hacadúil agus go sóisialta, i dtimpeallacht Ghaelach le sainspiorad Gaeilge agus Gaelach, le freastal cuí déanta ar a gcuid riachtanas uile, trí mheán na Gaeilge.

Ní hacmhainn do na suíomhanna seo áfach freastal ar an éileamh atá ann – is iomaí ceantar nach bhfuil naíonra, bunscoil ná iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ann.

Tá tírdhreach an oideachais in Éirinn níos ilghnéithí ná mar a bhí riamh, agus fáiltítear roimh shaibhriú leanúnach an chórais trí fhreastal go huileghabhálach ar gach páiste. Is suíomhanna ionchuimsitheacha iad na naíonraí agus na scoileanna lán-Ghaeilge, a fháiltíonn roimh an deis eispéireas tumoideachais a chur ar fáil do gach uile pháiste, beag beann ar chúlra ná cumas. Ní hacmhainn do na suíomhanna seo áfach freastal ar an éileamh atá ann – is iomaí ceantar nach bhfuil naíonra, bunscoil ná iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ann. Is constaic í sin, agus séantar buntáistí an oideachais dhátheangaigh agus an tumoideachais ar na mílte páistí gach bliain, in ainneoin gurb í an mhionteanga atá i gceist ná ceann de dhá theanga oifigiúla an Stáit. Ardaítear na ceisteanna in athuair: Cá bhfuil ár dtriail? An bhfuil ceannscríbe comhaontaithe ann? Nó, an bhfuil an Stát ag taisteal ar an mbóthar céanna linn in aon chor?

I gcomhthéacs an éilimh ar oideachas lán-Ghaeilge, tá suirbhé scaipthe ag an Roinn Oideachais agus Óige ar na bunscoileanna ar fad sa tír agus ar thuismitheoirí le páistí sna seirbhísí réamhscoile. Iarrtar ar an bpobal sa suirbhé an mbeidís sásta dá mbeadh an scoil reatha ina bhfuil a gcuid páistí ag feidhmiú mar scoil lán-Ghaeilge nó mar scoil Bhéarla. Ar an dromchla, cheapfá gur ceist fhiúntach í seo, ach faraor tá riosca ollmhór leis na hiarmhiartí neamhbheartaithe lena mbaineann. Tá an cheist róchasta ar leibhéal praiticiúil agus eile, agus cibé toradh a bheidh air, ní bheidh sé ag léiriú pictiúr cruinn den éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, mar a mheasann an Roinn. Ní mór a chinntiú nach mbainfí leas as na torthaí sin ach go n-aontóidh an tascfhórsa thuas luaite meicníocht cheart le héileamh a mheas. Mar chuid de sin, tá gá le hathbhreithniú cuí ar an bpróiseas bunaithe scoile, próiseas a fhágann oideachas lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste mar go bhfuil sé bunaithe ar dhéimeagrafaic amháin, seachas ar phleanáil straitéiseach a bhfuil éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge mar shainrogha oideachais i gcroílár na pleanála.

Le foilsiú an phlean gnímh 2 bhliain don Ghaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla le déanaí, leagtar amach moltaí coincréiteacha i dtreo labhairt, sealbhú agus meon dearfach a chothú i leith na Gaeilge. Beidh srian áfach le héifeacht na n-iarrachtaí seo i bhfianaise nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna sistéamacha atá sa chóras. Ceann díobh ná an laghdú atá san am teagaisc don Ghaeilge sa bhunscoil sa churaclam nua. Ní gá a bheith i do shaineolaí teanga le tuiscint go gciallaíonn am laghdaithe leis an teanga níos lú deiseanna an teanga a shealbhú, cuma cé na bearta nua atá ann.

An mórdúshlán eile ná córas na ndíolúintí, atá imithe as smacht. Agus os cionn 60,000 páiste cheana a bhfuil deireadh curtha lena dturas sealbhaithe teanga, is deacair a shamhlú go n-éireoidh le haon phlean gnímh an taoide a chasadh. An gníomh atá de dhíth ná córas malartach a thacaíonn le gach uile pháiste de réir a gcumais agus a chabhraíonn leo buntáistí an dátheangachais a ghnóthú. Tá an córas reatha ag déanamh creimeadh leanúnach ar stádas na Gaeilge i súile an phobail, ar mhuinín an phobail maidir le hionchuimsitheacht an chórais tumoideachais agus ar an éileamh ar naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge dá réir. Is ríshoiléir go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge agus meán-Bhéarla idirspleách. Cibé infheistíocht, nó easpa infheistíochta a dhéantar i gcaighdeán agus cáilíocht na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla, bíonn impleachtaí agus tionchar ann don chóras lán-Ghaeilge.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, cá bhfuil síolta an dóchais? Tá siad i nguthanna an phobail a chreideann gur seoid í an Ghaeilge is ceart a chosaint; tá siad sna naíonraí agus sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chuireann eispéireas álainn ar fáil do pháistí agus daoine óga; tá siad sa chóras polaitiúil atá níos tacúla ná riamh agus tá siad san Uachtarán nua, Catherine Connolly, a throid go paiseanta agus go díograiseach riamh do chearta an duine. Gura fada buan sibh.

Foclóir: castachtaí - intricacies ;spás anála - breathing space; ionchais - expectations; sealbhú - acquisition; toradh - result; síolta an dóchais - seeds of hope.