Taibhreamh an turcaí

Bhí gogalach ar siúl ina thimpeall gan stad.

Thóg sé tamall ar a shúile dul i dtaithí ar an radharc. Grianghraf: iStock/Getty
Thóg sé tamall ar a shúile dul i dtaithí ar an radharc. Grianghraf: iStock/Getty

Bhí taibhreamh ag an turcaí. Ba é a dhícheall a chloigeann a chur isteach go néata faoina chleití agus suaimhneas a fháil. Bhí gogalach ar siúl ina thimpeall gan stad. Glugarnach agus gocarnach ón éanlaith eile ar gach taobh. Mar sin féin, d’éirigh leis clúid thirim a bhaint amach i gcúinne an dorchadais agus lig don suan dul lastuas de.

Thaibhrigh sé gur fágadh an doras ar oscailt agus gur shiúil sé amach. Nó ba chruinne gur thuisligh sé amach, óir ba bheag an chaoi a bhí aige ar shiúl a dhéanamh.

Bhí sé amuigh sa chlós. Shín sé amach a sciatháin, leathnaigh a chleití, lig dá eireaball ardú, agus dheargaigh an snúda ar a ghob le bíogadh an aeir. Chroith sé a chuid eití agus baineadh geit as. D’ardaigh a chosa oiread na fríde den talamh. Ní raibh a fhios aige go bhféadfadh sé seo a dhéanamh. Chroith sé arís iad, níos láidre an uair seo. D’éirigh beagán níos mó.

D’fhéach sé in airde agus chonaic sé iontais nár shamhlaigh sé riamh, éin bheaga, i bhfad níos lú ná é féin, agus iad ag snámh ar an aer. Mhothaigh sé fuinneamh iontach ag tuirlingt tríd ó bharr a chinn siar síos trína sprochaille go dtí spoir a dhá chois féin. Rith sé leis le mire, luasc sé a sciatháin le hiomláine a nirt agus d’éirigh glan den talamh gur ghluais in airde os cionn na gcrann agus os cionn na ngort, cóir na gaoithe leis á sheoladh i bhfad amach ar thuras nach bhfeadair sé cá raibh a chríoch.

Ghluais leis ar chaithréim spéire, cearnóga beaga na bpáirceanna thíos faoi, mothar na gcoillte mar mhalairt ar dhath lusra an tsléibhe, moing an mhóineir ina chneas aoibhinn ar dhromchla na talún, an saol go léir ag bláthú ar chuma dhiamhair. Agus shíl sé go gcaithfidh gur mar seo ba dhual dó a bheith, gur chuige seo a tugadh sciatháin dó, gurbh é seo ba bhrí le bheith id éan.

De réir a chéile tháinig tuirse air. Thuirling sé ar ghéag crainn a shíl sé a bheith oiriúnach. Is mar seo ba cheart dó a bheith ar fara, seachas i gclúid dhorcha ar nár shoilsigh an ghrian. Bhí sé ar a shuaimhneas mar seo, bhí aige idir shaoirse agus sos.

Is ansin a chonaic sé an foirgneamh tamall uaidh. Foirgneamh mór fada liath nach raibh ach fuinneoga beaga ann. Shíl sé gur airigh sé fuaimeanna. Gogalach agus glagarnach mar a bheadh óna mhuintir féin.

Chroith sé a sciatháin arís agus d’eitil go mall síos i dtreo an fhoirgnimh. Thuirling go slán ar leac fuinneoige, ceann de na fuinneoga beaga sin a bhí ina gcearnóga timpeall na mballaí.

Thóg sé tamall ar a shúile dul i dtaithí ar an radharc. Bhí sé dorcha go leor laistigh, ach bhí lampaí fanna thall is abhus ag soilsiú go leithscéalach. Is ansin a chonaic sé an t-uafás.

Seomra ollmhór breac le turcaithe, lena chineál féin. Go leor acu fíorbheag ag lapadaíl sa doircheacht, cuid eile gan chosa ar bith ag snámh ar a mbolg, roinnt a raibh na cleití scuabtha díobh, cosa eile ag púscadh le hothrais, thall sa chúinne sreang leictreach a raibh colainneacha chearc crochta air, cuid acu chomh maol le cloch. Duine thíos faoi a raibh a ghob in easnamh air, sprochaille mhílítheach a raibh salachar ar sileadh aisti, urlár caca fúthu go léir, agus cairn d’éin óga nach bhfaca solas an lae riamh a raibh a gcoirp sa chúinne. Meaisín thall ag gabháil seap! seap! seap! ag baint na gcloigne go tiubh.

Nuair a dhúisigh sé as a thaibhreamh chonaic sé gur san áit chéanna a bhí sé féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar