Bhí sé dorcha sa pholl. Mo dheartháir Muamba bhí sé thíos níos faide uaim sa tollán. Dá bhfaigheadh sé ceann de na clocha dubha, shíneadh sé aníos chugamsa í. Chuirinn ar aghaidh go dtí Lucanga í, tamall lastuas díom. Thugadh eisean don saoiste í. Dá mbeadh sé sásta léi, b’fhéidir go bhfaighimis cúpla franc. Nó b’fhéidir nach bhfaigheadh.
Ar éigean gur cuimhin liom an tráth nach raibh mé ag obair sa pholl seo. Ag scríobadh le mo chuid ingne rua. Uaireanta bhíodh sluasaid ag Muamba, dá mbeadh sé sa tollán níos moiche ar maidin ná duine ar bith eile. Sa chás sin bhíodh dóchas aige go dtiocfadh sé ar tuilleadh fós de na clocha dubha.
Gan amhras, dá bhfaigheadh sé ceann a raibh loinnir airgid uirthi agus beagán goirme tríthi, b’fhearr fós é, ach b’annamh a tharla sin. Níor thuigeamar cad chuige an fuadar go léir a bhain leo. Níorbh ór iad, agus níorbh fhéidir iad a ithe. Ach bhí éileamh ag na saoistí orthu, na saoistí a raibh fuipeanna acu. Na saoistí nach leagadh cos isteach sa láib ná sa chlábar ná sa phuiteach féin.
Dúradh go raibh baint éigin acu leis na teileafóin. Na cinn a bhíodh ar an gcluas ag na saoistí. Na cinn a mbítí ag scairteach isteach iontu. Nó na nithe a dtugtaí táibléid orthu. Bhíodh sin sna lámha acu chomh maith, saghas plátaí ach gan iad a bheith cruinn. Ní thuigim conas go mbeadh aon bhaint ag na clocha seo sa chré leis na teileafóin ná na táibléid. Ach dúradh go raibh.
READ MORE
Ba é Mosi, mo chara, a dúirt liom de chogar. ‘Ar airigh tú go mbeidh Santa ag teacht?’
Ní raibh tuairim faoin spéir agam cad nó cé a bhí i gceist aige. Mhínigh sé gur fear mór dearg a bhí ann a ghabhadh timpeall an domhain ag dáileadh bronntanas ar leanaí. Níor chuala riamh a leithéid! Ach d’fhiafraíos de cén saghas bronntanas a bhí i gceist.
‘Ó, tá’s agat, bréagáin, éadaí nua, rothair, traenacha leictreacha, firíní plaisteacha, dineasáir rubair, bábóga do na cailíní...’
Cé nár thuigeas cad a bhí i gceist aige, bhí bús sceitimíní air, é tógtha ar fad leis an smaoineamh. Agus b’fhíor dó.
Bhí iontas orainn nuair a séideadh an bonnán agus dúirt an saoiste linn scor den obair. Tháinig na buachaillí amach as na poill agus as na tolláin. Bhí súile Mhuamba dallta ag an solas nach raibh taithí aige air. Bhí mo lámha féin goirt ón scríobadh agus ba mhór an faoiseamh é stop chomh luath sin sa lá. Iarradh orainn seasamh san áit ina rabhamar mar bhí cuairteoir mór le rá chugainn.
Tháinig sé. Fear mór ramhar a raibh éadaí dearga air, féasóg fhada liath síos go dtína bhrollach air. B’ionadh liom nach raibh sé tachtaithe leis an teas, bhí a oiread sin d’éadaí troma air.
Labhair an saoiste linn in Liongáilis, Ciotúibis agus Svahaílis á rá go raibh an fear tábhachtach seo tagtha inár measc chun buíochas a ghabháil linn ar son na gclocha luachmhara ar fad a bhaineamar as bolg na talún agus a thug cumhacht agus tiomáint do na giuirléidí agus gréibhlí agus gairis go léir a raibh dúil ag páistí an domhain iontu agus a bheadh á ndáileadh aige orthu.
‘Ach an bhfuil aon bhronntanas aige dúinne?’ d’éigh Mosi amach go hard.
Labhair an saoiste leis an bhfear rua, bhí siosarnaíl éigin eatarthu, agus ansin, ‘Deir sé nach chugaibhse a glaodh é ach dóibh siúd a bhfuil acu cheana, ach féach, tá milseán aige don uile dhuine agaibh.’
Níor itheas milseán riamh roimhe sin, agus caithfidh mé a rá go raibh sé blasta. Ba mhaith an mhalairt é ar chloch chrua gan mhaith.














