Ábhar spéise dom go bhfuil sé i gceist ag Westlife dul ar a gcamchuairt níos moille i mbliana. Tharraing siad clú as cuimse orthu féin ag deireadh na nóchaidí mar bhanna buachaillí a chuir cluain ar na mílte duine mar a rinne Boyzone rompu.
Is maith is cuimhin liom go raibh mé féin i mo bhall de bhanna buachaillí sna seascaidí fiú nuair nach raibh an téarma ‘banna buachaillí’ ann fós: Bhí mé sé bliana déag d’aois ag an am. Bhí beirt deartháireacha áitiúla Peadar agus Pól de Búrca ina mbaill de racghrúpa. Sheinn Peadar an dordghiotár agus sheinn Pól an giotár rithime. Bhí cara leo, Séamas, mar dhrumadóir acu. Nuair a d’fhiafraigh mé díobh cén t-ainm a thug siad orthu féin dúirt Peadar gur thug siad ‘The Lost Souls’ ar an ngrúpa – ainm a bhí cuí mar a chruthaigh, ní ba dhéanaí.
Tharla gur bhuail mé isteach chucu Satharn amháin agus iad i mbun cleachtaidh sa gharáiste in aice le teach Pheadair. Bhí Pól ag canadh amhráin le The Who ach, fiú leis an micreafón, b’iarracht an-leamh é. ‘An bhfuil an t-amhrán agat, Deco?’ arsa Peadar. Chlaon mé mo cheann. ‘Seo dhuit,’ ar seisean, ag síneadh chugam an micreafón. Thuig mé ar an bpointe go raibh seans agam, ní hamháin dul i bhfeidhm ar na leaids, ach b’fhéidir áit a aimsiú mar ‘phríomh-amhránaí’ leis na ‘Lost Souls’, stádas ar leith a rachadh i gcion go mór ar na cailíní áitiúla.
Ag an am sin chaith mé seanchaipín m’athar leis an speic scaoilte ag iarraidh athchruthú a dhéanamh ar chaipín iascaire John Lennon nó Donovan.
Ag an am sin chaith mé seanchaipín m’athar leis an speic scaoilte ag iarraidh athchruthú a dhéanamh ar chaipín iascaire John Lennon nó Donovan. Mar sin, bhrúigh mé siar an caipín ar mo cheann, rug mé ar an micreafón, sheas mé ar nós gabhlóg thiúnála, agus bhéic mé amach liricí ‘Substitute’ le The Who in ard mo chinn is mo ghutha. Lean na baill eile den ghrúpa mé agus bhí mé chomh tógtha sin leis an eispéireas nár thóg mé ceann do chaighdeán an cheoil in aon chor. Nuair a chríochnaigh mé ba léir go raibh na baill sásta le m’iarracht.
READ MORE
As sin amach glacadh liom mar phríomh-amhránaí. Chleachtaíomar go rialta sa gharáiste agus ba ghearr go raibh liricí na Kinks, na Stones, The Who agus mórán grúpaí eile de ghlanmheabhair agam. Ní nach ionadh b’ábhar maíte mo stádas nua dom mar amhránaí rac, agus níor cheil mé é agus mé ag cur cluain ar chailíní sa dioscó áitiúil.
Rud beag amháin a bhí ag dó na geirbe agam ná uainiú an ghrúpa. Rómhinic stopadh Peadar roimh dheireadh amhráin agus nuair a chuir mé an méid seo ar a shúile dó dúirt sé go raibh ‘a chuid féin den amhrán seinnte aige’ agus, mar tharcaisne i gceann na héagóra, go mba chóir dom díriú ar an gcanadh agus gan a bheith ag cáineadh a chuid ceoil.
Ansin dúirt Pól go raibh suim ag ‘boc mór’ sa ghrúpa. Bhí sceitimíní orainn nuair a ghlaoigh Justin Woods (ainm bréige) chuig a oifig muid chun cainte leis. Fear scothaosta ba ea Justin a raibh rian a choda air, é gléasta i gculaith den chéad scoth agus é ag caitheamh todóige fad a shuigh sé siar ina chathaoir uilleach, a lámha ar bhord snasta os a chomhair.
‘Tá sé i gceist agam,’ ar seisean, ‘grúpa bailéad agus racghrúpa a bhainistiú. Má éiríonn libh sa triail beidh mise sásta bhur n-uirlisí a cheannach agus sibh a chur chun cinn amach anseo. Beidh sibh ar bhur dtriail Dé Sathairn seo chugainn i Halla Francis Xavier.’
Tráthnóna Dé Sathairn bhíomar ar an stáitse agus, tar éis seiceáil fuaime, réidh chun dul i mbun ár ngnó. Sheas Woods i lár sraith suíochán sa halla folamh agus thug comhartha láimhe dúinn tosú. ‘Anois nó riamh’, a dúirt mé liom féin ag brú siar mo chaipín agus ag tógáil seasamh na gabhlóige tiúnála, mo chosa spréite agus an micreafón beagnach slogtha siar agam.
Bhuail Séamas na drumaí agus seo linn ar ‘Substitute’ le The Who. Scread mé amach na liricí in ard mo chinn is mo ghutha ‘Sub-stit-ute my Coke for gin..’ Mar ba ghnáth, chríochnaigh Peadar róluath agus nuair a d’fhéach mé ar aghaidh Woods bhí cuma chéasta air amhail is go raibh corcscriú á chasadh go mall suas a thóin. ‘An gcanfaimid amhrán eile’ a d’fhiafraigh Pól go dúilmhear. ‘Ná déan a bhuachaill, caithfidh mise brostú anois…’
Thuigeamar láithreach go raibh teipthe glan ar an triail agus ba ansin a tharla an cómhaslú. Dúirt mise go raibh an locht ar Pheadar as críochnú róluath ach tá sé ráite riamh ‘go n-aithníonn an fhuil a chéile’ agus ba ghearr gur thiontaigh na deartháireacha orm: ‘Tusa a rinne praiseach ghlan den triail, Deco. Bhí tú ar nós asail ag grágaíl agus í ar séasúr. Ba bheag nár thachtaigh tú tú féin leis an micreafón. Ní haon Mick Jagger thú agus ní feidir é sin a shéanadh.’
Mar bharr ar an donas ba ghearr go raibh an scéal amuigh sa halla áitiúil gur mhill Deco, ‘iar-phríomh-amhránaí’ The Lost Souls an triail lena ghrágaíl asail agus b’iomaí cailín a bhí sna tríthí agus mé ag teacht an doras isteach.
Ba mhinic a rinne mé iontas den méid a thitfeadh amach dá mbeinn i mo phríomh-amhránaí i ngrúpa bailéad Woods. D’éirigh thar barr le Ronnie Drew thar na blianta gan dabht, ach sin scéal eile!
Foclóir: an-leamh - very mediocre; speic - the peak (of cap); gabhlóg thiúnála -tuning fork; ábhar maíte - something to boast about; ag dó na geirbe agam - bothering me/concerning me; boc mór - bigshot; ag caitheamh todóige - smoking a cigar; ag grágaíl - bellowing.











