Buataisí ar an sneachta

Nuair a dhéanfaidh trúpaí an Impire gabháltas ar an nGraonlainn beidh sé deacair ar cheannairí na hEorpa aon phioc a rá ina gcoinne.

Grianghraf: Joe Raedle/Getty Images
Grianghraf: Joe Raedle/Getty Images

Nuair a thuirling Cortés in Veracruz chun gabháltas a dhéanamh ar na hAstacaigh ní raibh aige ach tuairim is 100 mairnéalach, 500 saighdiúir, 10 gcinn de ghunnaí móra, fiche go leith crosbhogha, sé chapall déag, cúpla muscaed agus piostal, agus fós ghabh sé an phríomhchathair Tenochtitlan a bhí cúig huaire níos mó ná Maidrid. Tá an chuma air go bhfuil sé furasta go leor tíortha i Meiriceá a chloí.

Tá trúpaí an Trumpa níos fairsinge agus níos láidre ná arm beag silte Veiniséala go huimhir nach bhfuil áireamh air, ach fós is patrún é atá á leanúint ag tiarnaí na Stát Aontaithe riamh, agus ag impireachtaí na hEorpa roimhe sin. Is de shuimiúlacht nár cháin ceannairí na hEorpa an gabháltas is déanaí seo ag an impireacht is mó ar domhan, rud a thabharfadh le fios, dem dhóigh, nach bhfuil cnámh sin an choncais bainte den cholainn acu go fóill.

Is minic a dhearmadtar go raibh fiche tír de chuid na hEorpa lánpháirteach go toildeonach san ionsaí barbartha a stiúraigh na Stáit Aontaithe ar an Iaráic sa bhliain 2003 ar thóir na n-arm ollscriosta úd nach raibh riamh ann (agus a fhios acu) agus go raibh a gcuid buataisí ar an ngaineamh acu mar dhlúththaca uafáis.

Nuair a dhéanfaidh trúpaí an Impire gabháltas ar an nGraonlainn beidh sé deacair ar cheannairí na hEorpa aon phioc a rá ina gcoinne. Tar éis an tsaoil, dealraíonn nach raibh aon deacracht acu leis an ionsaí ar Veiniséala, ná ar fhuadach an uachtaráin ann. B’fhéidir gurbh é a bhí ag déanamh scime dóibh ná go bhfuil seoltaí baile na bpríomhairí agus na n-uachtarán agus na dtaoiseach ag an Teach Bán cheana. Cá bhfios cé a thiocfadh chugat agus na pitseámaí sin ort?

Tá an port á sheinnt le cúpla bliain anuas gur gá an bulaí a stop. Má ligtear leis an mbulaí tír amháin a shlogadh nach mbeidh aon stop ná críoch leis… Munich 1938, síocháin lenár linn, Chamberlain agus mar sin de. Más fíor sin, bíodh eagla orainn, eagla ár gcraicinn.

Tá ionsaí á dhéanamh ar an Eoraip ó thaobh na dtaobhanna. Na Slavaigh anoir ag creimeadh ar na críocha, na teifigh ainnise ina milliúin aneas ón Afraic trasna an ghaineamhlaigh agus loch an bháis, agus anois an fronta thiar oscailte ag ár gcairde a thug Vítneam, an Chambóid, an Iaráic, an Afganastáin, an tSomáil, an Liobáin agus iomad síoraí eile dúinn.

Nuair a ghabhfar an Ghraonlainn, tá an Íoslainn in aice láimhe, agus Oileáin Fharó ina diaidh. Táimidne chomh tábhachtach sin mar dhoras isteach san Eoraip nach fada go mbeidh na paratrúpaí gach ndíreach ag paraisiútáil isteach sa tSionainn (iad siúd nach bhfuil ann cheana) agus loingeas cogaidh chugainn ar an Trá Bhán.

Níl de réiteach ar seo, ach armáil, ollarmáil ó rinn go sáil, bun barr, siar go dúid na gimide isteach ag gach mac máthar agus iníon athar agus seanbodach agus glas-stócach agus maighdean mhánla i ngach aon tír agus paróiste. Caithfidh sceacha Éireann a bheith ina gcolgsheasamh le hairm tine agus faobhair agus móinte ar chrith le cleachtadh cáich mar ullmhú don chreach atá romhainn.

Idir an dá linn ní foláir don Ghraonlainn slua iompróirí aerárthaí agus scairdtrodairí, agus cá bhfios, fomhuireáin núicléacha a fháil go pras chun iad féin a chosaint. Beidh tionscal na n-arm breá sásta. Tá de dhualgas ar thíortha na hEorpa buataisí na mór-roinne a phlancadh go tiubh sa sneachta ann mar dhíspreagadh agus mar iombhagairt don lá atá le teacht.

É sin, seachas malairt céille, den tsaghas nach féidir a cheannach, a theacht do na gamail agus na hamadáin go léir, arb é an chuma atá air, atá mar sháraicme i gceannas an domhain.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar