“Thaitin an tsaoirse cheoil agus leithne na rogha ceoil a bhí ar fáil liom. Cheap mé go raibh sé go hiontach go raibh a leithéid ar fáil i nGaeilge, thug sé íomhá nua-aimseartha don teanga - íomhá eicléictiúil.”
Gnéithe iad sin a dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life, a mhúscail a chuid suime sa stáisiún pobail Gaeilge breis agus 20 bliain ó shin agus é fós ina mhac léinn in Ollscoil Mhá Nuad.
Tá cáil ar Raidió na Life as an tacaíocht a thugann sé do chraoltóirí óga agus faoi mar a rinne formhór na foirne, thosaigh Ó Fiannachta, a raibh suim aige féin i gceol trom-mhiotalach, ag obair sa stáisiún mar chraoltóir deonach.
Ba mhaith linn rud éigin ‘eicléictiúil’ a thairiscint; rud nach ionann é agus an t-ábhar atá le cloisteáil ar na scórtha stáisiún popcheoil atá amuigh ansin.
“Chuaigh mé i dteagmháil leis an mbainisteoir, Fionnuala Mac Aodha, in 2001, agus chuir mé in iúl go raibh spéis agam clár miotail a chur i láthair,” a dúirt Ó Fiannachta, atá ag éirí as a phost ag deireadh na míosa seo chun dul ag obair mar Cheannasaí Gaeilge le Coimisiún na Meán.
READ MORE
“Chuir Fionnuala ag obair mé ar chlár cainte ar dtús - Fios Feasa - clár atá fós ar siúl ag an stáisiún. I ndiaidh tamaill, lig sí dom tosú ar mo chlár miotail. Rinne mé é sin ar feadh tréimhse. ‘Scrios agus Ár’ an t-ainm a bhí ar an gclár sin.”
Léiriú é a scéal ar chur chuige an stáisiúin: is stáisiún pobail é Raidió na Life, agus chun freastal ar an bpobal sin, déantar tréan-iarracht cur chuige oscailte a mhúnlú.
“An bundearcadh atá ag Raidió na Life ná a bheith fáilteach roimh chách,” a dúirt sé.
“Is spás oscailte é do chainteoirí dúchais, do dhaoine a tógadh le Gaeilge mar theanga baile i mBaile Átha Cliath, nó a d’fhreastail ar Ghaelscoil - daoine ar mian leo níos mó Gaeilge a úsáid ina saol.”
Ach ní gá go mbeadh Gaeilge fhoirfe ag duine le deis a fháil sa stáisiún.
“Má tá spéis agat sa Ghaeilge agus má tá tú ag iarraidh tabhairt faoi rud éigin spéisiúil a dhéanamh, beidh céad míle fáilte romhat, cuma cén cúlra atá agat.
“B’fhéidir go mbeadh roinnt daoine nach mbeadh sásta leis an gcaighdeán Gaeilge atá le cloisteáil ag roinnt láithreoirí ach má tá siad sásta iarracht a dhéanamh agus dea-thoil a léiriú i dtaobh na Gaeilge, ansin déanfaimid gach iarracht a bheith ag obair leo,” ar sé.

Pobal éisteachta
Is é an pobal éisteachta croí an stáisiúin agus mar a mhínigh Ó Fiannachta, is féidir an pobal sin a roinnt ina dhá chuid, dar leis.
“Is é sin pobal na Gaeilge féin i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus ansin tá an dara lucht éisteachta ann - daoine sa mhórphobal a bhfuil spéis acu i gceol nach gcloisfear in áiteanna eile.
“Nuair a deirim ‘an mórphobal’, daoine iad nach bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil muiníneach ina gcumas Gaeilge atá i gceist agam,” a dúirt sé.
“Rud a deir siad go minic ná go dtaitníonn sé leo éisteacht le Raidió na Life mar go bhfuil an Ghaeilge atá le cloisteáil ar an stáisiún níos intuigthe dóibh.”
Tá go leor athruithe tagtha ar Bhaile Átha Cliath le fiche bliain anuas, agus mar stáisiún pobail, tá an t-athrú sin le feiceáil sna cláir a chraoltar, rud a thagann go maith le mana an stáisiúin, ‘Cuisle na Cathrach’.
“Roimh mo ré-se, bhí cláir ar an stáisiún i bPortaingéilis, i nGailísis, i dteanga de chuid Ghána, agus bhí clár i nGearmáinis freisin,” a dúirt Ó Fiannachta.
“Tá i bhfad níos mó teangacha i mBaile Átha Cliath anois ná mar a bhí sna nóchaidí, nó fiú ag tús na mílaoise, ach is é an rud a bhaineann le Raidió na Life ná gur spás fáilteach é.
“Ní bhreathnaímid ar theangacha iasachta mar bhagairt. Breathnaímid orthu mar rud a chuireann leis an stáisiún. Ní rud éilíteach nó eitnea-náisiúnach í an Ghaeilge.”
Tá cáil tuillte ag an stáisiún de bharr ardchaighdeán na craoltóireachta agus na seirbhíse a chuirtear ar fáil dá phobal éisteachta.
“Bhuaicphointe mór ná gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ a bhuachan ag Féile na Meán Ceilteach faoi thrí,” a dúirt Ó Fiannachta.
“Bhuamar é den chéad uair in 2013, agus b’shin an chéad uair riamh ar bhuaigh stáisiún raidió pobail an gradam sin. Rud ollmhór ab ea é sin dúinn. Ansin, bhuamar é arís in 2022 agus arís eile in 2024.”
Tháinig fás ar fhoireann an stáisiúin le blianta beaga anuas. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021, tháinig dualgas ar chomhlachtaí poiblí cuid dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge, rud a chuir borradh faoin stáisiún.
“Táimid tar éis leas a bhaint as an ioncam nua atá ginte againn ón bhfógraíocht atá ag teacht chugainn mar gheall ar an leasú ar Acht na dTeangacha agus tá deichniúr fostaithe anois,” a dúirt Ó Fiannachta.
Bhí timpeall 40 duine ag craoladh leis an stáisiún go deonach nuair a ceapadh Ó Fiannachta ina bhainisteoir stáisiúin, líon atá méadaithe ó shin go dtí thart ar 100 duine deonach.
Glacadh céim mhór ar aghaidh nuair a bhog an stáisiún ó fhoirgneamh Seoirseach ar Chearnóg Mhuirfean go Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach in 2018.
“Táim céad faoin gcéad cinnte go bhfuil na stiúideonna raidió is fearr againn atá ag aon stáisiún raidió pobail in Éirinn,” a dúirt Ó Fiannachta.
“Ceann de na rudaí is tábhachtaí faoi Raidió na Life ná an bhaint atá aige le pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirithe le ceoltóirí nua agus daoine óga a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus sa chraoltóireacht. Tá sé mar aidhm ag an stáisiún iad a mhealladh i dtreo na teanga, rud fuinniúil a dhéanamh de, agus an tallann atá acu a spreagadh.”
Cé go bhfuil deireadh ag teacht anois lena ré ag Raidió na Life, creideann Ó Fiannachta go bhfuil go leor féidearthachtaí fós i ndán don stáisiún.
“Bíodh sé sin ar an gcóras analógach ar FM, ar cheadúnas a rachadh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, nó fiú ina cheadúnas do Chúige Laighean nó don tír ar fad, ba bhreá liom an stáisiún a bheith ar fáil ar bhonn níos leithne,” a dúirt sé.
“Ba mhaith linn rud éigin ‘eicléictiúil’ a thairiscint; rud nach ionann é agus an t-ábhar atá le cloisteáil ar na scórtha stáisiún popcheoil atá amuigh ansin.
“Measaimid go bhfuil bearna ann do rud éigin difriúil, agus go mbeadh Raidió na Life in ann an folús sin a líonadh agus daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge ar leibhéal náisiúnta.”
Dúshlán eile a luann se ná cúrsaí áitribh.
“Mar gheall ar an méadú ar líon na mball foirne anois, agus an t-earcú a mbeimid ag súil leis amach anseo, seans go mbeidh ar Raidió na Life breathnú ar áitreabh nua dá chuid féin a aimsiú i mBaile Átha Cliath.
“Is ‘dea-fhadhb’ í, ach tá tuilleadh poitéinsil ansin le Raidió na Life a fhorbairt níos mó fós.
“Dúshlán é sin don té a thiocfaidh i mo dhiaidh a láimhseáil!”
Ag breathnú siar dó, is léir gur bhain Ó Fiannachta an-sult as a chuid ama le Raidió na Life.
“Braithim gur cuid díom é an stáisiún anois. Tá mé an-mhórtasach as an méid atá bainte amach ag an bhfoireann atá tar éis a bheith ag obair liom thar na blianta.
“Bhain mé an-sásamh as an obair. In amanna, bhí sí thar a bheith dúshlánach; in amanna eile, bhris sí mo chroí. Mar sin féin, táim thar a bheith bródúil as agus beidh cumha orm i ndiaidh na háite agus mé ag imeacht.”
FOCLÓIR: saoirse – freedom; eicléictiúil – eclectic; gnéithe – aspects; múscail – awaken; ceol trom-mhiotalach – heavy metal music; spéisiúil – interesting; éilíteach – elitist; áitreabh -premises














