Fíoruisce glan glé

Bhí Seán Ó Sé, a fuair bás an tseachtain seo caite, ar na hamhránaithe ab aitheanta sa tír.

Seán Ó Sé. Grianghraf: Maurice Gunning
Seán Ó Sé. Grianghraf: Maurice Gunning

An raibh amhránaí Gaeilge ar bith ar mhó a raibh aithne ag saol na hÉireann air le trí scór bliain anuas ná Seán Ó Sé?

Anois agus céad bliain den raidió dúchais in Éirinn á chomóradh beidh trácht cloiste arís ar Shéamus Clandillon, an chead cheannasaí a bhí ar 2RN, agus arbh amhránaí den scoth é chomh maith. Go deimhin, bhuaigh sé comórtas amhránaíochta an Oireachtais sa bhliain 1911, ach ní shílim go bhfuil an stíl a chleachtaigh sé i bhfaisean ag an Oireachtas céanna inniu. Óir, sheinneadh sé an pianó i dteannta a ghutha féin agus ní cheapaim go mbeadh bá ag moltóirí an lae inniu ar amhráin ar nós ‘Bacach Buí na Léige’ nó ‘Cnocáinín Aerach Chill Mhuire’.

Níos fearr nó níos measa ná sin bhí sé pósta le Maighréad Ní Annagáin ar soprán clasaiceach ba ea í, agus ar nós Shéamuis féin tharraingítí isteach í le hamhrán a rá nuair a bhí bearna sa sceideal, rud a tharla go hilmhinic. Bhíodh chomh coitianta ar an aer gur tugadh Máighréad Ní On Again uirthi le teann grinn, nó a mhalairt.

Luaim é seo, mar samhlaítear amhránaíocht na Gaeilge go coitianta inniu leis an stíl a dtugtar ‘sean-nós’ air. Níl sa sean-nós céanna, gan amhras, ach amhráin a deirtear gan tionlacan ghléas ceoil ar bith, óir ba thearc iad na pianónna agus cláirseacha i Muiceanach idir Dá Sháile, Scairbh an Chladaigh Bhuí nó Inis Trá Tholl féin. Bhí de bhuntáiste acu gur tháinig siad slán as an bpíob mhór ar a laghad, an gheonaíl muice sin ar dhóbair di mairbh Chúil Lodair a mhúscailt.

Seán O Sé agus Liam Clancy san Arcadia Ballroom in 1962. Grianghraf: Irish Examiner
Seán O Sé agus Liam Clancy san Arcadia Ballroom in 1962. Grianghraf: Irish Examiner

Is ionann le daoine ‘sean-nós’ inniu agus sluaite as Conamara, scaiftí aduaidh as Tír Chonaill, dornán éigin as na Déise, créatúir ó Chiarraí thiar agus cúpla gaiscíoch ó Mhúscraí. Is iontach, is aoibhinn, is draíochtúil agus is sárealaíonta an traidisiún seo a tháinig aníos as bailbhe na mblianta, ach ní bhainfeadh aon duine Corn Uí Riada inniu dá mbeadh de dhánaíocht acu ‘An Poc ar Buile’ a rá.

Ba é an t-amhrán sin a chomáin Seán Ó Sé os comhair an phobail, agus cantar fós é nuair atá gach amhrán eile taosctha tirim agus bun bhairille na n-amhrán á scríobadh. Tháinig Seán chun na scoile chugainn nuair a bhíomar sna déaga baotha. Bhuail sé a leagan bríomhar amach agus cead againne buachaillí a bheith páirteach ann. Ní gá a rá gurb é ‘an foc ar buile’ a bhí á liúrach againne le teann smeartáilteachta, fíorghreannmhar, há há, agus Seán ar a dhícheall dár gceartú.

Ní raibh san amhrán sin uaidh, dá spionnúla, ach an forscreamh. Óir, is ina dhiaidh sin a d’athmhúscail sé cuid d’amhráin mhóra na tíre i dteannta le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann. Thug sé speach úr d’amhráin le hEoghan Rua, dála ‘Ceo Draíochta’ agus ‘Im Aonar Seal’. Amhrán é ‘Táimse im Chodladh’ a dhúiseodh duine ar bith, agus a bhfuil friotal ann a bhfuil leisce ar dhaoine a rá inniu i gcomhluadar daoine measúla. Agus de bharr an fhoinn a chuir an Riadach le ‘Mná na hÉireann’, tá scaipthe ar fud an domhain anois, cé nach gcantar ach na véarsaí is neamhurchóidí ann.

Tá leagan Dhiarmuid na Bolgaí de ‘Caitlín Triail’ ar amhrán chomh dúshlánach is atá le rá, óir gabhann a chuid nótaí ó na hairde lastuas go dtí an bolg laistíos, ach cuireann Seán de é go buacach mar a dhein sé le gach ceann riamh ón earra b’ealaíonta amuigh go dtí an seanrabhcán is smolchaite ar thug sé beatha le gean dó chomh maith.

An guth glan glé dílis soiléir binnbhriathrach brothallach sin, b’íocshláinte meanman é do dhuine ar bith a raibh leathchluas le héisteacht aige.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar