Aineolas agus neamhaithne

B’álainn é ar ghoirt shleamhaine fhliucha chlábaracha phuiteachaoibhne bhoga na hÉireann.

B’oscailt súl dá lán Comórtas Chorn Náisiúin na hAfraice (AFCON), a bhí le fáil le déanaí ar chanálacha inrochtana. Sadio Mane (C) ón tSeineagáil agus Nayef Aguerd (D) ón Mharacó le linn chluiche ceannais Corn Náisiún na hAfraice CAF 2025 idir an dá thír. Grianghraf:
B’oscailt súl dá lán Comórtas Chorn Náisiúin na hAfraice (AFCON), a bhí le fáil le déanaí ar chanálacha inrochtana. Sadio Mane (C) ón tSeineagáil agus Nayef Aguerd (D) ón Mharacó le linn chluiche ceannais Corn Náisiún na hAfraice CAF 2025 idir an dá thír. Grianghraf:

Níl aon amhras ná gurb é an sacar an cluiche is mó éileamh agus lucht leanúna ar fud an domhain mhóir fad a ritheann. Líontar na staideanna gach deireadh seachtaine ó Bahia Lapataia ó dheas go dtí Ny-Alesund ó thuaidh in ainneoin gur minic nach dtarlaíonn puinn go fiú i gcomparáid le cluiche sóisir iomána i gContae Liatroma. Is iad simplíocht na rialacha agus éascaíocht na mbunscileanna an dá chúis is mó a n-imrítear é chomh fairsing sin ar shráideanna cúnga, lánaí beaga, chlóis scoile, sheomraí suite agus chúinní páirce. Cuir leis sin airgead mór na zilliúnaithe agus ní hionadh éileamh thar fóir air suas is anuas le cluichí a gcaithfear trealamh faoi leith a cheannach faoina gcomhair.

Gabann na céadta, mura ngabhann na mílte féin, de lucht leanta abhus go dtí cathracha na Breataine gach seachtain chun féachana ar Learpholl nó ar ManU nó na Gunnadóirí, dream nach ndrannfadh lena bhfuil ar siúl i bPáirc Chnoc Uí Dhálaigh nó i gCrois an Tornóra féin.

Ina ainneoin sin ar fad is beag atá ar eolas go coitianta mar gheall ar dhálaí an chluiche ar mhachaire mór an domhain leathain. Is beag an chaint anois faoi Messi nó Ronaldo ó d’imíodar soir is siar araon.

Ní orainn an milleán, mar ní thaispeántar na cluichí móra ón iasacht amuigh ar an teilifís. Chuige sin, b’oscailt súl dá lán Comórtas Chorn Náisiúin na hAfraice (AFCON), a bhí le fáil le déanaí ar chanálacha inrochtana. Fág go raibh go leor cabaireachta mar gheall ar iontais chluiche na craoibhe nuair a d’imigh foireann na Seineagáile den pháirc tar éis dianbhreithe a thug speach phionóis don Mharóc sa nóiméad deireanach, is beag duine a thógfadh orthu é.

Ach b’fhéidir gur chuir caighdeán na caide iontas ar dhaoine a bhfuil imir bheag den chiníochas fós ina gcolainn. Stíl scuabach lán de gheáitsí gaisce coise is ea a chleacht an chuid is fearr de na foirne, agus má bhí dul amú ar Phelé a thuar go mbainfeadh foireann Afracach corn an domhain sar i bhfad, tá síneadh fada ag tuartha dá leithéid. Cuimhnítear, mar eolas duit, gur bhuaigh an Nigéir an comórtas sacair Oilimpeach sa bhliain 1996, agus Camarún in 2000 agus go raibh tíortha eile ón ilchríoch a tháinig sa dara agus sa tríú háit ó shin. Is iad atá ag teacht.

Ní chuireann sin puinn iontais orm. Óir d’imríos féin le foireann sacair sa Nigéir ar leibhéal íseal na talún tráth dá raibh. An chéad lá ar an ngort dom, ba ghairid gur thuigeas nárbh ionann peil anseo agus caid ansiúd. Tá daoine sa pheil dhúchais againne gurb é a mbuaic ar fad an liathróid a phiocadh ón spéir mar a bheifeá ag sciúchadh na gealaí anuas ó neamh. Ní mar sin don sacar. B’é an t-aon bhua a bhí agamsa ná an taicleáil shleamhnáin. An duine a bhí ag dul tharat a leagadh, a shluaistiú amach thar líne agus an liathróid ina theannta. B’álainn é ar ghoirt shleamhaine fhliucha chlábaracha phuiteachaoibhne bhoga na hÉireann.

Ach san Afraic, thabharfá an duine agus an liathróid leat, ach d’fhágfá stiall fhial feola de do chraiceann i do dhiaidh. B’in mar a tharla domsa. Cosa chugam, sleamhnú síos trasna, stráicí bána agus mo leis leis, leis. Gort níos crua ná tarramacadam na sráide sa bhaile.

Ba mheasa fós nuair a thagadh an liathróid im ghaobhar. Ní mhaím nuair a bhíodh sí agam, óir b’annaimhe fós sin. Óir ba mise an t-aon duine gealchraicneach ar an dá fhoireann d’éiríodh an liú fiata ón slua ‘Óíbó, Óíbó!, b’in mo chineálsa gealchraicneach san Iarúibis.

Ní shílim gur ghártha maíte ba ea iad, ach ar a laghad ní chaití aon phrátaí liom.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar