Bhí sé deacair dul ar chuairt go dtí formhór de chathracha breátha oirthear na hEorpa ar feadh nach mór leathchéad bliain. Bhí níos deacra do phobal na gcathracha sin taisteal chugainne le linn an chogaidh fhuair agus greim daingean ag rialtais chumannacha ar an gcuid ba mhó díobh. D’éirigh liom féin beagán gluaiseachta a dhéanamh trí roinnt de na críocha úd le linn na mblianta sin, agus is iad a bhí éagsúil, suimiúil agus bhí a ngealadhram spridiúil féin ag baint leo in ainneoin an smachta stáit.
Ní raibh Prág ar cheann de na bailte sin ar éirigh liom tamall a chaitheamh ann roimh réabhlóid 1990, ach nuair a thugas cuairt air go gairid ina dhiaidh sin, bhí smut de bhlas an tseansaoil fós air. Ní mar sin anois nuair atá na milliúin turasóirí ag triall ar gach bliain, mar atá ar sheoda eile na bhfearann thoir, ar nós Búdaipeist agus Krakow. Murab ionann agus sluaite agus slógaí fhear agus bhan Éireann a thuirling ar Phrág don chluiche peile Déardaoin seo caite, priocann cathracha dúil an duine ar shlite éagsúla. Ní fhéadfainn gan triall ar na háiteanna a raibh baint ag Dostoievski leo agus mé i gCathair Pheadair nó Leningrad, ach an oiread is nárbh fholáir dom carachtair Naguib Mahfouz a shamhlú agus mé ag caolú go faichilleach trí chúlshráideanna Chaireo.
Cathair Kafka ba ea Prág dom ar feadh i bhfad. Cé gur fíor gurb iad a chuid úrscéalta is gearrscéalta is mó cáil, tá saibhreas faoi leith ina chuid dialanna agus fabhailscéalta chomh maith. Chífeá go leor den tseanchathair dá leanfá lorg na dtithe ina raibh cónaí air iontu, mar ar nós muintir Joyce agus Seosamh Mac Grianna é féin, níor mhinic é in aon bhall amháin. Ba mhinic é gar don gheiteo Giúdach, cúngracht sráideanna a chuirfeadh dinglis fhuar trí chnámh do dhroma in ainneoin a bhfuil de chuimhneacháin agus de ghréibhlí turasóireachta á reic ann inniu. In ainneoin a bheatha féin, a bhí gruama go leor – d’fhulaing sé tinnis cinn, dúlagar, easuan, neascóidí, strus, iatacht agus eile – leag sé a bhéim ar ghalair eile an tsaoil. ‘Táimid ag maireachtaint in aois atá gafa ag deamhain anois, ionas gur gairid uainn an tráth nuair a chaithfear carthanacht agus cineáltas agus trócaire a dhéanamh faoi rún.’ Cé shéanfadh fírinne an ráitis sin agus a bhfuil de gheilt i gceannas na cruinne?
Déanadh dhá scannán le deich mbliana anuas mar gheall ar mharú Reynard Heydrich, Reichsprotektor na Boihéime agus Moravia nó búistéir Phráig mar a thugtaí air, duine de na Naitsithe ba mheasa de ghluaiseacht a sháraigh a chéile sa bhúistéireacht gan taise. B’é a bhí i gceannas ar ghabháltas na Gearmáine ar an gcathair i dtosach an chogaidh mhóir go dtí gur dhein buíon d’óglaigh na Seicia é a lámhach ar an tsráid ar an 27ú Bealtaine 1942 agus go bhfuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin dá dheasca. Is iad an dá scannán sin Anthropoid (2016) agus The Man in the Iron Heart (2017), agus is leor iad a fheiscint le misneach, dínit, diongbháilteacht agus le fulaingt na cathrach le linn na mblianta sin a bhualadh abhaile ort.
READ MORE
Ar Shráid Celetná sa tseanbhaile i bhfoisceacht dhroichead Chathail tá ceann de na músaeim is fearr a chuirfeadh sceimhle le do bheatha ort thar sceimhlí eile a thiocfadh i do threo. Is é sin Músaem an Chéasta ina bhfuil gach saghas gléis a mbaintí aimhleas astu chun an fhírinne á fháisceadh ó phríosúnaigh. Chuala gur chuaigh go leor de lucht leanta fhoireann sacar na Poblachta ann maidin Dé hAoine mar ghníomh comhbhá leis na daoine a d’fhulaing, óir is iad a thuig go binn cad is céasadh ann.













