Is gairid go gcloisfear go luath arís an sean-rá riamh, nach bhfuil aon bhaint ag an spórt le polaitíocht. Ba dheacair don téis sin teacht slán ó ruainnín beag fianaise féin, sa chás go dtugann aon duine aird ar a leithéid. Ná luaitear an cogadh, agus ná luaitear an cluiche sacair atá le teacht idir an stát seo (seachas Éire) agus Iosrael mar chuid de chomórtas Shraith na Náisiún UEFA go fóill le teacht.
Bímis deas neamhchonspóideach. Tá comórtais chraobh na hÉireann san iomáint agus sa pheil faoi lánseol faoi láthair agus contaetha áirithe curtha amach cheana féin. Tugtar faoi deara nach é Osraí atá díbeartha san iomáint ach Cill Chainnigh, agus nach mbeidh Cenél nEogain á fhéachaint le Brega ar ball. Tá Dál nAraide as sa pheil agus sna iomáint araon, agus is fada ó bhain Angaile rud ar bith.
Is é sin le rá, constráil pholaitiúil ba ea na contaetha go léir, cleas ag na rialtais Ghallda chun cóiriú riaracháin dóibh féin a leagan anuas ar ríochtaí na tíre. Cé go raibh scáil chuid de na ríochtaí sin ar na contaetha nua, iad mar a bheadh púcaí sna foraoiseacha ag tabhairt le fios go rabhadar ann tráth, go leor eile ní raibh iontu ach línte a tharraing giolla éigin ar léarscáil ar nós mar a tharraing an Bhreatain agus an Fhrainc tíortha ar léarscáil na hAfraice. Ní raibh gíománaigh an Rí Eoin sa bhliain 1210 chomh cáiréiseach is a bhí muintir na suirbhéireachta ordanáis san 19ú haois agus iad ag gabháil dá gcuid léarscáilíochta, agus is cinnte nár shiúladar na bánta, na boglaigh, na portaigh, na móintigh agus na ruataigh, ach gur ródhócha go raibh lámh éigin ag crith tar éis oíche ar an meá nuair a bhí teorainneacha Chiarraí á dtarraingt. Níos déanaí bhí baint ag Sir Henry Sidney agus Sir John Perrott le scribleáil chontaetha eile le cleite ar phár, agus bhí an mí-ádh ar Chill Mhantáin go raibh siad mar chuid de chontae Bhaile Átha Cliath go dtí gur dhealaigh Sir Arthur Chichester amach iad sa bhliain 1605. Smaoinigh ar a mbeadh de chraobhacha Éireann buaite acu sa chás nár oibríodh an siosúr orthu! Leor teidil na dtrí ‘Surs’ sin, móide an Rí, le léiriú gur polaitíocht agus státaireacht is bun le contaetha Chumann Lúthchleas Gael, gan dul níos sia leis.
Is é a amhlachas céanna ag an Eoraip (agus ilchríocha eile) é. Beidh Corn an Domhain ag dul i mbun ciceála áf Déardaoin seo chugainn, agus cé nach mbeimidne ann, beidh áiteanna eile ar stáit iad tráth ach an gradam sin caillte acu anois, Alba mar shampla amháin.
READ MORE
Beidh Iberia agus an Ghaill ann ceart go leor, ach má tá Curacao agus Cape Verde le bheith ann, cad ina thaobh nach mbeadh caoi chomh bog céanna ag ríocht Chorsaice, nó diúcacht Mantua, nó stáit an Phápa, nó Schwarzburg-Sondershausen féin?
Tá toise aicmeach ag gach spórt chomh maith, agus polaitíocht is bun leis sin. Ar éigean go mbeifeá i do mharcach mura mbeadh capall agat, nó sás chun a mharcaíochta, agus cosnaíonn na heich sin níos mó ná gluaisteán doghoidte. Is cinnte nach nglacfaidh tú páirt i gcluiche póló mura bhfuil fuil ghorm i do chuisleanna, nó neachtar acu, mura raibh do shinsir i mbun gadaíochta le dlí. Bíonn táillí cúpla míle euro ar bhallraíocht chlubanna gailf go minic, muran ar thaobh an tsléibhe don chúrsa agus an ghaoth á leathadh. Is féidir dornálaíocht a chleachtadh ar chúinne sráide, áfach, nó i gclós na scoile le duine níos laige ná tú.
Is róbhaol nach féidir an spórt a dheighilt ó státaireacht ghránna an tsaoil. Anois maidir leis an gcluiche sacair sin…












