Leabhar nua vaimpírí

Is é I Measc Vaimpírí (Cois Life, €8) an leabhar is nuaí le hOrna Ní Choileáin.

Dírithe ar léitheoirí idir deich mbliana agus 13 bliain d'aois atá I Measc Vaimpírí agus is é an tríú leabhar sa tsraith Ailfí agus an Vaimpír agus Vaimpír san Áiléar é.

Tá Ailfí agus Marius, a chara vaimpíre, sa Trasalváin an iarraidh seo agus tá Marius ag smaoineamh ar eitilt a mhúineadh dá chara nó iarraidh air triail a bhaint as cónra.

Ach is nithe iad siúd nach mbaineann go sonrach lena dturas go tír na vaimpírí sa chéad dul síos!

Le cois an scéil, tá leabharmharc ar gluais é freisin ar fáil leis an leabhar.