Is beag duine anois amuigh ansin nach bhfuil eolas éigin aige ar an haiku. Is beag file mór le rá agus dúil aige sa ghontacht nár bhain triall éigin aisti mar fhoirm nuair a bhí an líne shínte thar íor na spéire i bhfad uaidh. Auden sa Bhéarla, Borges agus Octavia Paz sa Spáinnis, agus is é Gabriel Rosenstock an máistir mór maidir le filíocht na Gaeilge de.
Dealraíonn go bhfuil sé ciontach san ghalar a leathadh i measc mórán eile. Is fearr leis an mboc seo filíocht a ghabhann ar aghaidh, agus scéal a leathnaíonn a sciatháin, agus abairtí a ghluaiseann de réir a chéile agus suas an cnoc agus timpeall an ghleanna agus thart faoin ndriosúr agus isteach sa phluais agus a shuíonn chun picnic agus a ghlacann an long mhall agus an traein oíche agus a bhfuil leisce air buille a bhualadh ná tuirlingt go sítheoilte gan mórán gleithearáin agus fothraim a bhreith leis. Ina choinne sin, bíonn draíocht sa ghontacht. An scian ghéar. An solas biorach: Séideán gaoithe/Cocha féir ag eitilt/Síóga ag rince.
A leithéid sin. Is fíor nach gcomhlíonann sé rialacha cruinne an haiku ach is fada dearmad déanta orthu siúd. Chaithfeadh duine a bheith ina scoláire - go deimhin - ina scoláire Seapáinise le go dtuigfeadh sé na difríochtaí suaithinseacha idir haiku agus haiga agus haiki agus hokku: Geansaí Chiarraí/Glas agus órga/Urlacan solais.
B'fhearr liom féin go mór go gcuimhneoimis ar fhoirm éigin eile dúinn féin. Tar éis an tsaoil oidhre ar an dán díreach is ea an haiku. Is iontu a chomhairítear na siollaí seachas buillí chasúir an amhráin. Is é an moladh a dhéanfainnse ná go dtabharfaimis an haca ar an bhfoirm Ghaeilge mar is é atá lánoiriúnach lenár gcuid mianta gonta féin a chur in iúl. Racht é idir glam na Nua-Shéalainne agus cluiche deas liathróide ag cailíní scoile: Corrán dorcha gealaí/Cluas lasmuigh/Céir laistigh.
Agus bíodh is go bhfuil siméadracht áirithe ag baint leis an gceann sin, ní hí a oireann i gcónaí nuair is mian leat teachtaireacht shóisialta a chur abhaile: I Luimneach féin/Ní hionann dul don chathair/Agus scian sa dhroim.
Nó i gcás an toghcháin dhéanaigh chuala neach a labhair filíocht i riath a shaoil ag rá: Vótaí úra/Teachtaí Dála nua/Seanscéal riamh.
Is léir go bhfuil an haca ag leathnú go fuíoch ar fud na tíre nuair is mian le daoine bladar na seachtainí fada a chur díobh go pras. Ach bhíodh a leithéid á chleachtadh, leis, ar an mBlascaod mór, bíodh gur beag an tuairisc a gheobhaidh tú orthu sna seodleabhair úd a bhreac is a dheachtaigh iad.
Tá an ceann seo le fáil sa leabhar úd Seanchas Tiarachta a bhfuil cóipeanna de thar a bheith gann de bharr síoréilimh: Barra taoide/Cúr na beatha/Raic gan teorainn.
Agus sa leabhar céanna n'fheadar aon duine go díreach cad ba bhrí le: Stoc na coinnle/Síol an orlaigh/Buaiceas saoil.
Cé go bhfuil antraipeolaithe agus árseolaithe ag obair air go tiubh ó shin. Agus ar eagla go gceapfadh aon duine gur i dtaoibh leis an Mumhain amháin a bhí na haca seo (níl aon iolra ag an bhfocal mar go gcuimsíonn gach ceann díobh an fhírinne shingilte agus aontacht ilfhillte an tsaoil) thángthas ar chinn i nGaeltacht na Mí ar léir orthu gur aniar as ceo na staire a tháinig: Grian íseal/Os cionn na Mí/Éigean Bhrú na Bóinne.
Níor thánag ar aon cheann ó shin maidir le héigean na Teamhrach, ach is deimhnitheach gurb ann dóibh.
Bheadh sé deacair dán díreach a chumadh i dteanga ar bith eile seachas ár dteanga bhinn féin, agus ar an gcuma chéanna is deacair haiku a cheapadh lasmuigh den tSeapáinis.
Fós féin tá cosúlacht éigin idir an haca agus na liricí a chum na manaigh sa tSean-Ghaeilge agus iad ag iarraidh an dúch a spáráil ar imeall na láimhscríbhinní:
An t-éan beag
A scaoil a ghob
San traidhbiúnal
Tachtadh é
Húiré, húiré!
Le málaí donna focal.
Ina choinne sin, ní foláir filleadh ar an bhfírínne laethúil agus ar nuachtáin an lae, agus ar cholúin a chaitheann beagán a rá i mórán focal murab ionnan agus an colún seo - agus an haca - a bhíonn ag iarraidh mórán á rá i mbeagán focal.
Nuacht an lae
Tuairisc stocmhargaidh
Saol gan dath.