Léitear an Bunreacht

Níl ach an t-aon Bhunreacht údarásach againn – an Bunreacht i nGaeilge

Uachtarán na hÉireann – Michael D Higgins. grianghraf: cyril byrne/the irish times
Uachtarán na hÉireann – Michael D Higgins. grianghraf: cyril byrne/the irish times

Tá an tír idir dhá cheann na meá maidir le toghchán don uachtaránacht. Ní fios fós an mian le Mícheál D. seasamh arís, cé go bhfuil gach dealramh air gur mian.

Fág an éiginnteacht sin as an áireamh tá polaiteoirí eile tar éis léim isteach sa bhearna bhaoil ag tabhairt lántacaíochta dó, polaiteoirí a bhí breá toilteanach é a aithisiú an uair cheana.

Ina choinne sin thall, tá dreamanna agus daoine eile ann nár mhiste leo dul sa rás, cuid acu greannmhar go maith, ach neachanna lándáiríre ildánacha eile, leis.

Agus seo á bhreacadh agam, tá Sinn Féin ag beartú duine a tharraingt amach as a mealbhóig féin. Seift ghlic gan agó ar son poiblíochta ar a laghad, nó neachtar acu, d’fhonn teacht aniar aduaidh ar FF agus ar FG.

READ MORE

Is é nach dtuigtear ná má ainmníonn an tUachtarán é féin nach gá toghchán ar bith d'aon sórt a bheith ann. Is léir nach bhfuil an t-opus mór mionchúrsach a thaighdigh agus a scríobh Micheál Ó Cearúil Bunreacht na hÉireann: A study of the Irish text (with original contributions by Professor Máirtín Ó Murchú) (1999) léite ag an aos tráchtaireachta. Is ann a léiríonn sé thar amhras anonn nach ionann brí na leaganacha Gaeilge agus Béarla.

Tá eolas áirithe cheana go bhfuil éagsúlacht éigin idir an léamh a dhéantar ar an dá theanga in alt a 12.4.1 a bhaineann le haois iarrthóra d’oifig na hUachtaránachta. De réir na Gaeilge ní foláir do dhuine “cúig bliana tríochad slán” a bheith aige, san áit nach gá dó ach “reached his thirty-fifth year of age” sa Bhéarla. Is é sin, caithfidh neach na Gaeilge a bheith bliain níos críonna! Ní móide, áfach, go mbaineann ceist seo na haoise le Micheál D. Ó hUiginn.

Is é Airteagal 12.4.4 is díol spéise anseo, óir is é a bhaineann le hainmniúchán don phost. Is é atá sa Ghaeilge: “Tig le haon duine atá nó a bhí ina Uachtarán é féin a ainmniú d’oifig an Uachtaráin.” Tugtar faoi deara nach ndeir sé go bhfuil cead ag Uachtarán nó ag iar-Uachtarán é féin a ainmniú “mar iarrathóir”. Is “d’oifig an Uachtaráin é”.

Is é is brí leis sin, sa ghlan-Ghaeilge is simplí amuigh, má ainmníonn Micheál D. é féin nár ghá go mbeadh toghchán ar bith ann!

Is é a mhaíonn tráchtaireacht an Chearúiligh: “According to the Irish text, if a President nominates himself or herself, there would be no question of an election.” Chomh lom soiléir neamhchas díreach sin…

Sa Bhéarla deirtear “may become candidates on their own nomination”, rud nach bhfuil de réir an leagain a bhfuil an “forlámhas” aige, an téacs Gaeilge. Conas nach bhfuil seo ar eolas ag an aos cabaireachta, nó ní fhaca féin tagairt dó i mball ar bith? Abair spraoi agus praiseach ar fud na mias agus ceol ar feadh na fidle agus trí a bheith ina chéile!

Tá smut beag eile den airteagal céanna a d’fhéadfadh a bheith níos achrannaí fós: is é sin go dtig “le haon duine…a bhí ina Uachtarán é féin a ainmniú” don oifig. Is follas nach bhféadfadh Máire Mhic Giolla Íosa sin a dhéanamh, mar tá dhá théarma curtha isteach aici cheana, agus níl an tríú ceann ceadaithe.

Ach cuir i gcás gur theastaigh ó Mhary Robinson nuair atá an domhan eitilte agus slánaithe aici, cuir i gcás gur theastaigh uaithi filleadh ar an Áras ar feadh seacht mbliana eile i measc na bhfianna agus na gceapacha deasa bláth, agus gur ainmnigh sí í féin don oifig fara Michael D? Cé aige a mbeadh an tosach ansin?

Níl ann ach drochsmaoineamh i lár an bhrothaill istigh.