Is ea, deireadh na bliana agus teacht na hathbhliana chugainn. Is ea, an cuntas síoraí. Is ea, na móideanna gan chomhlíonadh. Is ea, déantar an t-áireamh.
D'imigh John McGahern uainn agus d'fhill Máirtín Ó Cadhain. Duine acu a bhain le saol leamh neamheachtrúil na tuaithe, agus an duine eile a bhain le saol láneachtrúil na beatha inmheánaí. Agus n'fheadar aon duine againn cé acu duine den bheirt atá i gceist.
Mar bhain siad araon le taobh tíre nár tharla aon ghiob ann le 300 bliain, seachas daoine a bheith ag dul ar imirce, ag titim le faill, ag slogadh feamainne, ag súil le dua, ag caoineadh faoin drochshaol buan marthanach síoraí go deo na ndeor déanach gan stad gan staonadh, is ag feitheamh leis an gcraobh sin Éireann nach diocfaidh go deo. Iad dís beo ar an dóchas, fad is a bhí an ainnise á crú acu ar feadh ab fhiú é.
Créatúirí na Cré leabhar deireanach McGahern a foilsíodh i mbliana, Cré na Cille an t-úrscéal is mó tásc de chuid Uí Chadhain. Scéalta McGahern líofa san rud nach bhfuil ráite. Scéal Uí Chadhain ag cur thar bruach le raidhse rabairneach an ní nach gá é a rá. Mothar scamall an chontae is dearóile in Éirinn, más fíor do na staitisticí, os cionn McGahern, fallaing shíoraí na báistí idir Bearna agus Bodstocnahaillegéire ag titim ar an gCadhnach. Gan faic á rá ag carachtair McGahern nuair a d'fhéadfaí gan ach an tost a scagadh; mórán á rá ag mná agus ag neacha gan inscne Uí Chadhain, ach nárbh é an rud adúirt siad an rud adéarfadh siad dá mbeadh siad beo.
Caoineadh John agus fáiltíodh ar ais roimh Mháirtín. Bhain an bheirt acu le saol atá imithe le leathchéad bliain. Seachas póca beag nó dhó nár shroich léiriú solais Mheiriceá go fóill, léiríonn siad Éire atá níos mairbhe ná Art. Is é sin le rá, tá an saol a nochtann siad chomh hinteagmhála le taibhse gan scáil, le ceo in adhairc leáite, le púca puthphúdair, le tine ghealáin ar an ngealach.
An méid nach dtarlaíonn i scéalta McGahern is é ceol an ní é nach dtarlaíonn. Ga fann anseo, anáil bhog ansiúd, leathfhéachaint as cúlshúil cham i gcúinne goirt. Is minic a chuid gearrscéalta chomh caolchúiseach sin go ngabhann siad thar chaolchúis amach. Is minic sinn inár gcónaí ina fhearann liath agus áthas orainn gurb ann do Walt Disney. Is minic dúinn buíoch gur tháinig an teilifís, agus an dlúthdhiosca, agus an gáire leathan, agus an DVD, agus an t-oigheann micrithonnach.
Agus fós féin, bhí McGahern chomh lomfhírinneach, chomh nochtmhacánta, chomh seangdhíreach, chomh carraigealaíonta le neach ar bith dar shiúil an saol. Agus sin é is sceimhliúla mar gheall air. É chomh criothanchrua leis an oileánach féin, ach é a bheith beo ar bhoige phortach na litríochta Éireannaí.
Tháinig an Cadhnach ar ais, agus ba mhithid sin. Comóradh céad bliain ó aimsir a bhreithe is ea a bhí á chuimhneamh, agus tugadh a cheart dó ar an mórchóir.
Léachtaí iomaí á mheas, aistí iomadúla ar a shaothar, comórtais liteartha mar chuimhne air, cláir raidió fós á scaoileadh, scannán den scoth ar Cré na Cille déanta, atheagrán deifnídeach an leabhair ar tí a fhoilsithe, comhdhálacha agus scoileanna ar a scríbhinní, leaganacha drámatúla ar a chuid scéalta, agus plé leathan déanta air i measc na ndaoine ar cás leo é.
Ina choinne sin, neamhaird ar chuid de na leabhair is tábhachtaí dá chuid, Athnuachan agus Barbed Wire, go háirithe. Ach cad ab fhiú an focal deireanach a rá mar gheall ar scríbhneoir ar bith céad bliain tar éis dó teacht ar an saol, agus gan ach breis agus scór go leith a bheith imithe tar éis a imeachta? Scríbhneoir ar bith ar fiú tráithnín é, ní bheidh sé taosctha tar éis cúpla deichniúr. Ach oiread le Joyce, a mhaígh go gcoimeádfadh sé na saoithe i mbun a gcuid allais go ceann 100 bliain ina dhiaidh, níl an comóradh ar Mháirtín Ó Cadhain ach ina thús.
Nuair a thiocfaidh na hantrapeolaithe agus a gcuid miosúr sícimheitreacha i gceann na haimsire, is san trealamh lasmuigh a chuirfidh siad suim. I gcás na beirte acu, chífidh siad an pobal céanna, na créatúir dhearóile chéanna, an paidíkavanachas dúr céanna.
Is é nach bhfeicfidh siad an t-ionracas teanga is an cheardaíocht cháiréiseach stíle a dhein ard-draoithe na bhfocal, agus, dá réir sin, scríbhneoirí díobh.