'Theip ar na coiscíní' - baol na foghlama

Tá sa bhéaloideas amuigh ansin go leor samplaí de mhic léinn is de dhaltaí scoile ag tabhairt freagraí buile ar cheisteanna le…

Tá sa bhéaloideas amuigh ansin go leor samplaí de mhic léinn is de dhaltaí scoile ag tabhairt freagraí buile ar cheisteanna le dealramh, dar leis na scrúdaitheoirí.

Ráineodh nach mbeadh ciall ar bith le ceist ar bith ó oide ar bith ar dhalta ar bith i rang ar bith i mbliain ar bith in áit ar bith ar fhiafraí sa bith a chuirfeadh múinteoir ar bith, ach ceann de mhistéirí na cruinne an méid sin féin. Is sa bhotún go minic an ghaois.

“Cad is uisce crua ann?” Leac oighre.

“Cad é an gníomh is tábhachtaí a rinne na Rómhánaigh?” Laidin a fhoghlaim.

READ MORE

“Cár síníodh forógra na Poblachta?” Ag bun an leathanaigh.

Tá a n-amhlachas sa Ghaeilge, gan amhras, agus de bharr, nó níos deimhnithí fós, de dheasca na mblianta a chaitheas féin agus daoine eile a bhíodh mar chairde agam i mbun an bhaidhreoigh dheirg, thángamar ar sheoda gaoise agus tuisceana nach raibh a sárú le fáil ar fud an tsaoil bhréanaigh.

Ó, sea, an mac léinn a mhaígh nár thaitnigh a shaol ollscoile in aon chor leis, ach “bhain mé slut as an gcúrsa Gaeilge”. Sa chás áirithe seo, ní shílim gur sciorradh pinn ar fad a bhí ann.

Seans maith nach raibh mo dhuine “ar mhún na muice”, ach cá bhfios, b’fhéidir gur tháinig a chuid aineolais “as an ngorm” féin chuige.

Is sleamhain an rud é an teanga, agus d’éirigh go seoigh le James Joyce ina Thórramh Uí Fhionnagáin, mar a d’éirigh leis an gCadhanach in Barbed Wire gach leas a bhaint as slibiríeáilteacht na hurlabhra, nach dtiocfadh ann d’athrú cainte ar bith á ceal.

Is dócha go bhfuil sé “suas duit féin” do rogha rud a rá, ach go bhfuil sé “síos do dhaoine eile” ciall a bhaint as. Mura mbeadh sin, bheimis go léir “inár dtósta”.

Is é buntáiste na cainte ag an ngnáthdhuine, is é sin, againn go léir, go bhfuil “fáilte roimh chac”, mar a bhíodh ag céilithe ar fud na tíre.

Tháinig mac léinn chugam isteach lá agus í plástaráilte. Plástar ar a dhá gcois agus í ar dhá mhada croise. Dúirt liom go raibh ar rothar agus í ag dul le fána, ach “gur theip ar na coiscíní”.

B’é ba mheasa ná gur duine inlúith fiteáilte í agus nach bhféadfadh sí “dul ag bodshogar” níos mó.

Bhí dúchas aici, áfach, go mbeadh sí ar a shainléim sar i bhfad. Bhí an tuiscint seo riamh aici ó thosaigh sí ag fás anuas.

Níor mheasa a cás ná an té arbh éigean dó dul gan choinne go dtí an t-ospidéal mar go raibh pian ina chlaíomh. Thóg siad a aguisín amach.

Cara leis ab ea an té arbh é an caitheamh aimsire ab ansa leis ná “turasanna gíocsa”. Nuair a chuaigh dínn seo a chiallú, mhínigh sé gur thaitnigh “cheap tours” leis. (Caithfidh tú smaoineamh go dian ar an gceann seo! Ócé, cheap=cheep.)

Cé go bhfuil seo fíor, tá níos airde ná an sponc ar Shráid Uí Chonaill.

Bhí nós againn in UCC sliocht as leabhra dílse Gaeilge a thabhairt do na mic léinn, féachaint arbh fhéidir leo Béarla réasúnta nó Gaeilge leathréasúnta a chur orthu.

Bhí sé dona go leor gur iarr Eibhlín Dhubh Ní Chonaill ar Art Ó Laoghaire éirí suas uair amháin eile, ach nuair a d’aistrigh duine díobh “Mo ghrá go daingean tú” mar “My love is in Dingle” bhí a fhios againn go raibh Ciarraíoch inár láthair.

Ba dhaingne fós an abairt as An tOileánach – “Tháinig dhá cheann de naomhóga ón oileán”, mar “Two heads of young saints came to the island” – mar fhianaise gurb ábhar níos láidre ná an deoch a bhí á glacadh acu.

Ba shuimiúla fós gur mhúin Caoineadh Airt Uí Laoghaire dúinn go raibh tábhacht thar na bertie le capaill, mar ní raibh mórán gluaisteán sa tír ag an am.

Sa Bhlascaod Mór is cinnte go raibh Peig ina “bean an tuí”, áit a raibh tónta móra na farraige ag gabháil streille ar shaol an tua.

Is furasta míbhrí a bhaint as an rud adeir an leactóir leat. Ceapadh riamh gur chaith Raiftearaí file a shaol go bó bocht ag teastáil bóithre na Gaillimhe.

Ach ní raibh chomh hainnis sin, mar bhí bád agus luamh aige, mar conas eile a thriallfadh sé ar ais go Maigh Eo, mar adúirt sé féin: “Tar éis na Féil’ Bríde, ardóidh mé mo sheol.”

Agus bhí filí na Gaeilge fadshaolach, mar is léir, óir cé gur rugadh Seán Ó Tuama go greannmhar sa bhliain 1708 i Luimneach, d’éirigh leis féin agus Thomas Kinsella An Duanaire a chur amach traidhfil milseog bliain ó shin.

Is ea, insamhrata (beidh orm seo a mhíniú, = “in summary”), agus go forbhríste (“overall”), leis an gcruthaitheacht seo i réama, ní béal don Ghaeilge go ceann cúpla giniúint eile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar