A chara, - Déanaim comhghairdeachas ó chroí le Coiste Átha Cliath CLG as an ngeansaí spóirt nua atá eisithe acu.
Is ábhar bróid é go bhfuil an Coiste Contae ag filleadh ar a ndualgas bunreachtúil an Ghaeilge a chur chun cinn.
Nach iontach é go bhfuil tacaíocht á fáil arís ag an dTeanga Náisiúnta ón CLG nuair nach bhfuil ár rialtas féin sásta lánstádas Eorpach a bhaint amach dí. - Is mise,
MUIREANN NIC COITIR, Páirc Delbrook, Baile An tSaoir, Baile Átha Cliath 16.