Stadas na Gaeilge

A chara, - Tá brón orm nach maith le Kevin Myers Gaeilge

A chara, - Tá brón orm nach maith le Kevin Myers Gaeilge. Cuireann sé brón orm freisin nach maith leis go mbeadh múinteoirí bunscoile ábalta Gaeilge a labhairt agus a mhúineadh agus nach maith leis go mbeadh seirbhísí ar fáil as Gaeilge ón Stát.

Ar feadh i bhfad ní raibh meas ag muintir na hÉireann ar an nGaeilge ná ar aon rud gaelach. Ceapadh gur bhain siad le bochtanas agus le haineolas. Cheap daoine freisin nach raibh cead suim a bheith agat i rudaí gaelacha agus i rudaí idirnáisiúnta ag an am céanna, ach ní chreideann mórán daoine seafóid mar sin níos mó.

Is maith liom Pádraig Ó Conaire, James Joyce agus Leo Tolstoy. Leanaim foireann iomána Loch Garman agus foirne sacair agus rugbaí na hÉireann. Labhraim Gaeilge agus Béarla. Tá mo shaol níos saibhre dá bharr.

Sa chás nach raibh múinteoirí scoile ag múineadh Gaeilge ná nach raibh seirbhísí ar fáil as Gaeilge stopfadh daoine ag labhairt na Gaeilge. Cinnte, ba cheart múineadh na Gaeilge a fheabhsú. Tá mé go láidir ar a shon sin. An bhfuil Kevin? Níl mórán seirbhísí ar fáil as Gaeilge faoi láthair agus sin é an fáth go bhfuil an Ghaeilge ar an imeall agus faoi bhrú. An dtuigeann daoine nach bhfuil teirpe cainte ar fáil as Gaeilge do go leor de pháistí na Gaeltachta?

READ MORE

Is le gach duine an Ghaeilge. Le comharthaí, cáipéisí, fógraí, foirmeacha agus seirbhísí eile as Gaeilge agus as Béarla tuigfear gur rud normálta é Gaeilge a labhairt chomh maith le Béarla. Beidh tuilleadh daoine fós ag labhairt agus ag scríobh agus ag léamh na Gaeilge.

Tuigeann Kevin é sin agus sin é an fáth nach maith leis Acht na dTeangacha Oifigiúla: ní maith leis Gaeilge. Ní thuigim cén fáth. Tá seisean níos boichte dá réir agus cuireann sin brón orm. - Is mise,

DÁITHÍ MAC CÁRTHAIGH, BL, An Leabharlann Dlí, Baile Átha Cliath 7.