A Chara, - Comhghairdeas. Agus treise le hAlan Titley, bail ó Dhia air: b'shin alt den scoth leis - "Píosa den daonnacht" (Meitheamh 10) - nach raibh a chomh-mhaith i leathanaigh an Irish Times ó bhí an Ríordánach ann, beannacht Dé leis, ar bharr a mhaitheasa i gcló agaibh. - Is mise,
LIAM Ó LONARGÁIN, Páirc Dhún an Óir, Dún Laoghaire, Co Átha Cliath.