Is beag polaiteoir lenár linn ar féidir a rá ina thaobh gur theip go hiomlán air, hólas bólas, sa tslánchruinne, béal na gclár, siar amach go dúid. Is féidir sin a rá mar gheall ar Mhikhail Gorbachev a bhfuil deora á sileadh faoi le seachtain anuas ar fud an iarthair. Ní teip a bhí ann de réir a naimhde siar ó Mhoscó, agus go háirithe sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe agus sna tíortha sin atá buailte suas leis an Rúis. Is de réir a shoilse agus a chuid idéal féin gur teip thubaisteach ba ea é, agus caithfear a rá, gur mar sin a fhéachtar air ina thír mhór féin chomh maith.
Drochthuar ar fad is ea nuair is mó an cion atá ort i dtíortha nach ionann a leas is leas do dhúiche féin. B’in mar a bhí ag Gorbachev, agus bíodh a theist sin ar mhórán bhreitheanna an phobail ó shin, gan trácht ar an 0.5% den vóta a fuair sé nuair a sheas sé d’uachtaránacht na Rúise sa bhliain 1996.
Leagaimis amach na teipeanna sin ceann ar cheann:
Theastaigh uaidh teorainn a chur le hairm núicléacha, agus cé go raibh sé lándáiríre faoi sin, is amhlaidh nach raibh daoine eile. Lean Reagan ar aghaidh lena Thionsnamh Straitéiseach Cosanta, nó ‘Cogaí na Reann’ mar a tugadh le teann sceimhle air. Tá níos mó arm núicléach réidh ullamh anois ná mar a bhí riamh ag scata stát ar muir agus ar tír agus faoi thalamh agus tuilleadh á bheartú.
Theastaigh uaidh deireadh a chur leis an gcogadh fuar. Ar chúis éigin, agus mé ag féachaint máguaird, tá an cogadh sin níos fuaire ná mar a bhí sé riamh agus is róbhaol go n-éireoidh sé te.
Theastaigh uaidh deireadh a chur le himpiriúlachas na Rúise, ach féach a bhfuil de chogaí feartha aici ó shin.
Theastaigh uaidh glasnost, is é sin ‘oscailteacht’ a chothú sa phlé poiblí agus saoirse na meán a chraobhú go fairsing. Ach is mairg a bheadh ina iriseoir sa Rúis inniu, go háirithe dá mbeadh intinn ded chuid féin agat. Is fíor go bhfuil sluamhachnamh go rábach abhus i measc iriseoirí chomh maith, ach ar éigean go bhfaighidh tú nimh id chupán caifé má bhreacann tú colún atá cáinteach ar an rialtas fós.
Theastaigh uaidh tionchár na Stát Aontaithe san Eoraip a laghdú, ach ar an gcomhaireamh is déanaí tá 60,000 de thrúpaí Poncánacha ar fud na hilchríche seo, breis agus a leath díobh sa Ghearmáin.
Theastaigh uaidh go nglacfadh Meiriceá le rialtas Cúba mar an rialtas dleathach, ach tá's againn an teannas idir an dá stát sin i gcónaí.
Theastaigh uaidh go mairfeadh an sóisialachas san Aontas Sóivéadach agus ina dhiaidh sin sa Rúis ach is é atá ina áit caipitleachas fiain amh gan srian ar son beagán olagarcach agus aicme cheannais.
Is dócha gur leor sin de theipeanna go nuige seo. Is é a fhad is a ghiorracht é, in ainneoin a chumais mar pholaiteoir teacht chun barra trí raingléis phlúchtach mhaorlathach an Aontais Shóivéadaigh go raibh sé saonta agus simplí i dtaobh na gcumhachtaí a bhí ina choinne.
Bhí sé ina shuí ar ghéag de chrann mór láidir an chórais chumannaigh agus is amhlaidh gur ghearr sé an ghéag sin gan fhios go dtitfeadh chun talaimh. Nó leis an meafar a chasadh, bhí sé ag marcaíocht ar muin tíogair agus níor thuig sé go ndéanfadh an tíogar é a alpadh.
Níorbh é Gorbi a chuir deireadh leis an gcumannachas ná leis an sóisialachas sa Rúis. B’é an púcbhobarún Yeltsin an bliústar amadáin, an pleota mathúin a dhein.
Is é an ceacht is mó nár fhoghlaim sé, ná gur sleamhain iad leacracha an Tí Bháin.