Bhíothas ag súil le torthaí daonáireamh Thuaisceart Éireann le tamall. Lucht chomhaireamh cloigeann amuigh lena gcuid giúirléidí ar bís lena phutóga a ransú is a mhiondealú. Fuair siad ábhar a gcuid méara a choinneáil ag tapaireacht ar chnaipí go ceann i bhfad.
B’é seo an lá nach raibh an bhunaíocht ó dheas ag coinne leis beag ná mór ná idir eatarthu. B’fhéidir gur gá a bpus a thógaint aníos as portaigh Roscomáin agus as cúlriascaigh Chill Orglain agus a aithint go mbeidh orthu dul i ngleic le háiteanna ar nós an tSrath Bhán agus Baile na Lorgan agus Caisleán Ruairí agus Dún Geanainn agus Léim an Mhadaidh agus Doire Cholm Cille agus Baile an Bhogaigh agus Béal Feirste féin feasta.
Níl aon amhras ná gur ghabh an intinn chríchdheighilteach greim ar an stát le leathchéad bliain anuas, nó b’fhéidir tuilleadh. Toisc gur tarraingíodh líne bhuile trasna na críche d’fhonn móramh Protastúnach a chinntiú ar son forlámhas Protastúnach i stát Protastúnach do shliocht na bplandoirí a lonnaigh abhus agus nár dhein aon iarracht ar chneasú le síol na mbundúchasach riamh, socraíodh go mbeadh dhá stát in Éirinn.
Chuaigh an líne thíreolaíoch sin i bhfastó in intinn daoine saonta. Is ea, b’Éireannach é Seamus Heaney mar b’fhile mór le rá é agus bhuaigh sé an duais Nobel dúinn. Reathaí den scoth í Ciara Nic Gaoithín agus tugann suáilceas teasa dúinn nuair a chuireann sí an bhratach thrídhathach uimpi ar son na hÉireann. Bhain Dana an chéad chomórtas Eurofíse, ach mo leithscéal, ná luaitear níos mó í, mar is Caitliceach neamhleithscéalach í. Bhuaigh Tír Eoghain craobh na hÉireann sa pheil anuraidh, ach ar eagla íogaireachta, is í craobh an oileáin anois í mar b’fhéidir go ngoinfeadh sin aontachtóirí.
Chuaigh an united ireland party, is é sin, Fine Gael, agus an páirtí polachtach, is é sin Fianna Fáil ag lorg an bhalsaim sna figiúir a nochtaigh go raibh beagán éigin a mhaígh gur Tuaisceartaigh Éireannacha nó Éireannaigh Thuaisceartacha iad de réir dílseachta. Léiríonn an teideal Tuaipliseach an Tútachas a bhaineann lena leithéid. Lipéad neamhstairiúil ó bhonn nach bhfuil aon bhrí leis ar aon phas idirnáisiúnta ná san aontú réitigh a rinneadh cúig mbliana fichead ó shin.
Is é atá iontu, a bhformhór, daoine ar cuma leo cén réiteach polaitiúil atá i réim fad is gur féidir leo a mbeatha a chaitheamh go síochánta. Bhí daoine mar sin riamh ann i lár na caismirte is measa. Agus tá aithne agam ar dhaoine i gCiarraí gurbh fhearr leo go dtabharfaí Ciarraígh orthu seachas aon rud eile dá dtabharfaí an rogha dóibh. B’fhearr nach gcuirfí an cheist sin sa daonáireamh ar eagla na geite.
Is é díol suime na bhfigiúr ná an tiomáint, nó an dul atá fúthu. Titim mhór orthu siúd a mhaíonn gur Briotanaigh iad agus sin a bhfuil. Méadú suaithinseach ar an bpobal a éilíonn náisiúntacht Éireannach dóibh féin. Ní bheidh aon athrú ar sin, ach athrú san aon treo céanna amháin. Is í seo an ghné is tábhachtaí atá le cur sa mheá.
Maidir leo siúd atá daingean diongbháilte dobhogtha dílis doghéilliúnach ina mBriotanacht, tógtar amach na háireamháin agus déantar na suimeanna. Níl iontu ach mionlucht bheag de phobal na tíre trí chéile, b’fhéidir chomh híseal le 5 faoin gcéad féin. Níor cheart go mbeadh aon eagla orthu go máirseáilfí le píbeanna agus le drumaí trína gcuid sráideanna agus go sáfaí an creideamh cóir siar ina mbráid pholaitiúil. Ní baol go gcaithfear leo mar a chaitheadar siúd le daoine eile.
Ach níor chóir nádúr uile an stáit nua a chur bunoscionn, droim ar ais, tóin thar ceann idir bhunreacht agus shiombail d’fhonn mionlucht bheag a mbeidh meas orthu ina gcáilíocht féin a shásamh bun barr.