FOCLÓIR: Doicheall – unwanted; faíreach – jeered; callán – tumult/clamour; eagrais antoisceacha – extremist organisations; gasra - group; leathchuma - excluded; séideadh na sop – fanning the flames; círéip - upheaval; faire na faille – awaiting an opportunity. LADTA - Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach agus Aiteach.
‘An bhfuil siad chun muid a lámhach?”
Sin ceist, de réir tuairiscí nuachta, a chuir cailín óg agus í ag breathnú amach ar agóid challánach ón ionad dídine ina raibh sí ag fanacht i mBaile Munna le gairid.
Macasamhail d’agóidí conspóideacha a reáchtáladh ag ionad dídine eile ar an bPort Thoir le tamall anuas a bhí ann.
Tá páirtithe antoisceacha ón eite dheis go mór chun cinn sa bhfeachtas seo agus tá sluaite á ngríosú acu. Deineadh faíreach faoi na dídeanaithe agus cuireadh in iúl go neamhbhalbh nach mbeadh rompu ach an doicheall. Bhí na sluaite a ghlac páirt iontach glórmhar (ag bagairt ‘get them out’) agus iontach feiceálach (stopadar an trácht).
Ach ní gach duine atá ar aon intinn leo.
“Bhí náire orm mar nach é seo taithí fhormhór na ndaoine a thagann anseo,” a dúirt Roxanna Nic Liam atá bainteach leis an ngasra pobail, East Wall Here for All.
“Bhí náire orm mar gur áit iontach é an Port Thoir. Tá na daoine cabhrach, cineálta agus tacaíonn siad le daoine nua. Tháinig mo mháthair agus a muintir anseo as Muineachán. Bhí na daoine thar a bheith cabhrach agus deas léi,” a dúirt sí.
“Chonaic mé na hagóidí agus bhí a fhios agam go raibh a lán daoine ón eite dheis ann nach ón gceantar iad ach, ag an am céanna, bhí daoine áitiúla ina measc freisin.”
“Bhí daoine ann a fheicim gach lá agus tá siad an-deas,” a dúirt sí.
“Bím ag labhairt leo agus d’fhás mé suas le cuid acu. Is gnáthdhaoine iad, sin an rud.”
Thosaigh Nic Liam agus daoine eile ón gceantar gasra ar WhatsApp le heolas cruinn a scaipeadh faoin ionad agus chun tacaíocht agus comhbhá a thairiscint do na dídeanaithe.
“Bhí cúpla duine i dteagmháil le MASI (Movement of Asylum Seekers in Ireland) agus bhí duine amháin cairdiúil le Lucky Khambule (a bhunaigh MASI) agus chuir Lucky go leor comhairle ar fáil.”
Moladh gur cheart cuairt a thabhairt ar an ionad chun labhairt leis na dídeanaithe ach nuair a deineadh amhlaidh bhí cuma “ana-bhunúsach” ar an áit agus ba léir go raibh cabhair bhreise ag teastáil.
“Ní raibh ann ach leapacha in oifig,” a dúirt Nic Liam.
“Ní raibh bróga cearta ag a lán acu. Tháinig siad ó thíortha teolaí agus níl taithí ag go leor acu ar an bhfuacht.”
“Chuireamar ceisteanna faoina raibh ag teastáil, an raibh breis cótaí nó breis bróga agus a leithéid ó dhaoine. Bhí mná ag iompar clainne freisin ach ní raibh aon rud ann do leanaí. Ní raibh cliabháin, ní raibh éadaí do leanaí, ní raibh aon rud ann dóibh.
Ní fios na huafáis ónar éalaigh na dídeanaithe seo agus tá cabhair bhreise ag teastáil ó chuid acu.
“Caithfear smaoineamh go bhfuil daoine ag teacht ó thíortha a bhfuil cogaíocht iontu,” a dúirt Nic Liam.
“Tá PTSD ar chuid acu. Cuireadh 400 duine le chéile as áiteanna ina bhfuil cúinsí uafásacha ann gan aon tacaíocht siceolaíochta curtha ar fáil dóibh. Níl aon struchtúr ann dóibh.”
Ní hamháin sin ach tá droch thionchar á imirt ag na léirsithe ar mheanma na ndídeanaithe.
“Tá eagla orthu,” dúirt Nic Liam.
“Bhí cruinniú againn an tseachtain seo caite agus dúradh linn go bhfuil daoine san ionad nár fhág an áit ón chéad lá a tháinig siad.”
Tá thart ar 45 duine páirteach sa ghrúpa East Wall Here for All anois agus tugtar cuairt ar an ionad trí nó ceithre huaire sa tseachtain. Socraíodh dul i muinín phobal an Phoirt Thoir chun airgead, éadaí agus earraí eile a bhailiú.
Tá riail amháin ann maidir leis na deonacháin: “mura bhfuil tú féin toilteanach é a chaitheamh, ná cuir sa mhála é,” a dúirt sí.
“Chuireamar fógra ar gofundme.ie (seirbhís ar líne chun maoiniú a bhailiú) agus thuigeamar go tapa go bhfuil daoine ag iarraidh cabhair a thabhairt ar aon slí is féidir.”
Bréag-eolas
Is aniar aduaidh ar mhuintir an Phoirt Thoir a deirtear a tháinig an scéal go raibh an t-ionad le hoscailt sa cheantar. Mhínigh Nic Liam nár chabhraigh an easpa eolais agus go bhfuil leas á bhaint acu sin atá i mbun na n-agóidí as an bhfolús a cruthaíodh dá bharr.
“Lá amháin is oifig a bhí ann agus an chéad lá eile bhí beagnach 400 duine ann,” a dúirt sí.
“Nuair atá bréag-eolas á scaipeadh agus físeanna ó thíortha eile á dtaispeáint ag rá go bhfuil rudaí a tharla sa tSualainn nó sa Ghearmáin nó i Sasana chun tarlúint anseo, cuirtear eagla ar dhaoine.”
Ach más fíor go bhfuil míshuaimhneas ann faoina laghad eolais a cuireadh ar fáil roimh ré, tá leathchuma déanta ar go leor daoine sna ceantair seo le fada, agus tá dream ar leith bainteach leis na hagóidí atá ag faire na faille agus ag séideadh na sop faoi gach círéip.
“Tá an eite dheis réidh dó sin,” a dúirt Nic Liam.
“An rud a fuaireamar amach ná go bhfuil siad an-eagraithe. Nuair a thosaigh na hagóidí i mBaile Munna bhí siad ann ón chéad oíche. Bíonn siad ar an láthair le busanna agus le daoine. Bíonn na megaphones acu agus bíonn na hóráidí réidh.”
Baintear úsáid as cleas bolscaireachta ar a dtugann Nic Liam ‘the weaponisation of language’ agus tagraíonn sí do na focail Bhéarla ‘vetted’, ‘undocumented’ agus ‘sustainable’ mar shamplaí de sin.
“Sin iad na focail a úsáideann siad. Is slí é chun caitheamh anuas ar dhaoine gan aon mhíniú a thabhairt. Is saghas ‘deflecting’ atá ann,” a dúirt sí.
Is ag dul i ngéire atá fadhb na tithíochta i gcónaí agus maítear ag na hagóidí go dtugtar tosaíocht do dhídeanaithe tithe a fháil, rud nach fíor.
Creideann Nic Liam, gur cheart an fhearg atá ar dhaoine a dhíriú ar bhealaí eile.
“Tá sé de cheart ag éinne agóid a dhéanamh ach ní hiad na daoine atá san ionad sin a chum na polasaithe.”
“Tá daoine Éireannacha ann atá gan dídean agus gan tithíocht, tá a lán daoine ag fanacht ar theach, tá rudaí go dona - ach déan agóid in aghaidh an rialtais.
“Dá mbeadh siad lasmuigh den Dáil ar an Luan, ar an gCéadaoin agus ar an Aoine, ar feadh ceithre seachtaine mar a bhí siad anseo bheadh ar an rialtas éisteacht. Tá a lán bréag-eolas á scaipeadh faoi láthair. Tá sé ag tarlúint ar fud an domhain - tá an eite dheis sa Pholainn, sa Fhrainc, tá sé ag éirí dáinséarach do dhaoine – lucht LADTA agus a lán daoine eile. Tá eagla orthu mar go bhfuil ardán ag na daoine seo.”
Bhí teachtaireachtaí á scaipeadh faoin ngasra East Wall Here for All ar na meáin shóisialta ina dúradh nárbh den cheantar iad na baill.
“Tá gach duine sa ghrúpa ón gceantar nó tá siad ina gcónaí ann,” a dúirt Nic Liam.
Dúradh freisin gur áisíneacht atá sa ghasra atá ag fáil airgid ón Stát.
“Tá sé deacair dul i ngleic leis. Ní féidir réasúnú nó labhairt leo mar go ndeir siad gur bréag é gach rud a deir tú leo. Conas is féidir díospóireacht a dhéanamh leo? Deir siad nach bhfuil mná nó páistí san ionad i mBaile Munna, agus séanann siad gur cuireadh faitíos ar an gcailín óg sin mar nach bhfuil aon pháiste ag fanacht ann dar leo.”
“Conas is féidir a bheith chomh cruálach sin?”