Ceann de na nithe nár tugadh aon aird air le linn na gcomórthaí agus na hósannanaí a lean bua fhoireann rugbaí an Oileáin an deireadh seachtaine seo caite ná an stair léanmhar bhocht a bhíodh ag an gcluiche céanna de ghnáth. Is ea, is sinn curadh chomórtas na sé náisiún anois, agus don tríú huair san aois seo déanadh smíste ar gach dream eile le háthas.
Ach tá craobh eile againn nár mhiste a lua ar eagla go n-éireoimis mustrach agus suasógach agus go gceapfaimis go bhfuilimid níos fearr ná cách a chéile. Is é sin le rá, go bhfuil níos mó spúnóga adhmaid againn sa chomórtas céanna ná foireann ar bith eile, nuair gurb é is brí le spúnóg adhmaid ná an masla a thugtar don fhoireann a thagann san áit dheireanach ag bun an tábla. Tá an tarraiceán againne lán díobh.
Tá cúis mhaith leis sin. Ní raibh sa rugar le traidisiún riamh ach cluiche don mhionlucht, cluiche uasmheánaicme, cluiche dochtúirí, dlíodóirí, aos airgid, lucht geall a chur ar an stocmhargadh, marsantóirí móra, daoine a raibh gairdíní ag scuabadh síos chun na habhann acu, nó a shantaigh a leithéid. Is ea, is ea, tá's agam, tochailtear aníos na heisceachtaí ar eagla na heagla! I gcathair Luimnigh, is fíor, d’imir cóip na sráide an cluiche nuair nach raibh teacht ar chamáin de cheal an adhmaid a bheith sa tine in aghaidh an fhuachta. Nuair a d’imir dugaire ón mbaile sin d’Éirinn cuireadh a phost (mo leithscéal, a ghairm) síos mar ‘feidhmeannach straitéiseach calafoirt’ ar chlár an chluiche.
Lean an smál sin an cluiche ar feadh i bhfad, agus ní mhaím go bhfuil sé curtha sa chré faoi bhun bhóthar Lansdúin go fóill. Ní cheapaim go bhfacthas riamh feirmeoir ag imirt ar son na hÉireann, murarbh é gur rainseoir nó neach traenála capall ráis a bhí ann. Sa chás doshamhailteach sin, is dócha gur ‘bainisteoir talmhaíochta is éiceolaíochta’ a thabharfaí air anois.
Bhí boladh an aicmeachais riamh ar an gcluiche agus bun maith leis, boladh a lean an aicmeachais céanna thoir ar an mórthír. Níor mhar sin sa Bhreatain Bheag áfach, mar is minic a d’imir mianadóirí aníos as an talamh é ar a lá saoire. D’oir sé dóibh toisc go raibh taithí acu ar an dorchadas agus gur oir an cleachtadh sin go seoigh don chlibirt, nó don scrum mar is fearr aithne air.
D’oir an cluiche, leis, do dhaoine a raibh cruth faoi leith ar an gcolainn acu. Ba mhór an chabhair meáchan agus téagar áirithe pé acu ó dhúchas, ó oiliúint nó ó stéaróidigh anabalacha a gheofaí sin. Cara liom gur theip air de dheasca plobair a bheith ina lánchúlaí sa pheil Ghaelach ach d’éirigh thar barr leis ag brú cúpla tonna roimhe sa chlibirt. Ach an oiread le feirmeoir nó dugaire ar éigean go bhfeicfimid rinceoir ballet agus geansaí an Oileáin air feasta.
Fairis sin, bhí áiteanna áirithe gur fhóin an stracadh agus an tarraingt agus an cic os íseal agus an seile sa phus agus an phóg ghabhail agus an greim as cluas dóibh seachas a chéile. Chloistí ‘Rug sé air’ agus ‘Bí suas a phrumpa’ ag cluichí i gCiarraí, liúanna a thug ‘Rug Bí’ dúinn.
Tá gach rud maite anois, áfach, agus táimid go léir measúil go brách. Tá leá imithe cuid mhór ar na clathacha a bhíodh idir spóirt, ach ná bítear ródheimhin den dóigh sin fós.
Comhartha é glóir-réim an rugbaí faoi láthair go bhfuilimid dulta bourgeoisithe gan náire faoi dheireadh. Is róbhaol gurb é ‘Island’s Call’ a bheidh mar amhrán náisiúnta feasta, agus cá bhfios cé a bheidh á mholadh mar uachtarán an chéad turas eile? Is mór idir na haimsirí.