Níl sé i gceist agam a thabhairt le fios go bhfuil tréad nach eol dúinn ag iníor ar fhaiche Áras an Uachtaráin. Tharlódh go mbeadh ach níor fhionn aon duine fós iad. Is fíor go bhfuil fianna Éireann ag máinneáil timpeall lasmuigh de ia an árais, ach níl aon fhianaise ann go ngabhann an tUachtarán amach lena chú is lena ghunna d’fhonn aon chloigeann díobh a lámhach. Bhíodh coin áille aige a mbíodh réim na tíre tráth dá raibh acu, ach níor maíodh riamh gur chuir sé suim sna ba.
Ach chuir, agus cuireann. Tá spéis mhaith mhór aige in aon bhó amháin a bhfuilid ag iarraidh a thabhairt chun an aonaigh. Tá an bhó seo le tabhairt chun an aonaigh gach lá solais, agus tá a luach ag dul in airde gach aon uair go n-osclaítear an margadh. Níl ach cúpla billiún ar an mbó faoi láthair, ach tharlódh go mbeadh na zilliúin uirthi ar ball, agus, sea, ar eagla an dearmaid, méid do-áirithe fós de dhaoine. Tá's agat, mná, fir, páistí agus daoine eile, rudaí mar sin nach mbaineann le hábhar na hargónta.
Murab ionann agus ba eile a bhfuil adharca troda orthu, níl mórán adharca ar bhó an Uachtaráin, mar is amhlaidh gur bó síochána í.
Is í an bhó bheannaithe í. Bó bheannaithe na neodrachta. Mar atá baistithe uirthi le seanbhlas. Nach blasta milis bog í bó bheannaithe na síochána seachas torc allta an fhoréigin ina ruathar go hallta gan smacht ar fud na coille domhanda?
Tá bó bheannaithe na neodrachta le tabhairt chun an aonaigh chun í a dhíol ar an bpraghas is airde. Nó ar an bpraghas is ísle. Nó ar phraghas ar bith. Nó saor in aisce.
Tá adharca ar an mbó bheannaithe seo na neodrachta a sheas go binn don tír riamh anall. Níor ghá di poc a bhualadh mar tuigeadh gur sheas sí di féin in aghaidh an toirc anoir, agus níor ghá di crúb a ardú le teann feirge mar ní raibh aon duine ag iarraidh í a chiceáil le tamall fada.
Is amhlaidh go bhfuil éileamh mór uirthi anois, áfach, agus slua cábóg ag iarraidh í a chur ar an tine, nó chun an tseamlais, nó go dtí monarcha na feola is na fola. Séantar sin, gan amhras.
Níl ann ach go bhfuiltear ag iarraidh í a mheas, a láimhseáil, a heireaball a mheá, adeir siad. Ba mhaith leo í a thabhairt amach ar an mbóthar d’fhonn í a ghrinneadh seachas í a ghearradh. Beagán aeir a thabhairt di ar eagla go rachadh sí stálaithe sa chúinne thiar den pháirc ina bhfuil sí breá sásta léi féin. Cá bhfios, dá ndíolfaí ar an aonach í, b’fhéidir go dtálfadh i bhfad níos mó bainne ar ball do dhuine éigin eile. Ní bheadh a fhios agat cé mhéid dabaí beaga ime a sholáthródh sí don domhan mór. Ní féidir leat é a bheith ina ghruth is ina mheadhg agat.
Níl inti ach seansteaig san áit a bhfuil sí faoi láthair, adeir siad. Dá mbeadh ina mhart ceart ramhraithe le bia saibhir na rainseoirí aniar is anoir ní bheadh léamh, scríobh ná insint bhéil ar an meas a bheadh uirthi, seachas an saol is a mháthair a bheith ag gáirí fúithi faoi láthair nuair nach bhfuil sí ábalta ar chosaint a dhéanamh uirthi féin.
Is é atá a dhíth, tarbh mór garbh le ‘bú úth’ a screadach in aghaidh bagartha a shamhlófaí a bhí i ngiorracht cúpla míle gort di. Mura bhfuil agat ach aon bhó amháin bí i lár an aonaigh léi, siní an cheist.
Tá ár mbó bheannaithe álainn slán in Áras an Uachtaráin, murab ionann agus ar mhachairí méithe fhóraim Dháil Éireann.