B’fhada mé faoi dhraíocht ag léarscáileanna. Is mó uair an chloig a chuir mé amú ag féachaint orthu, ach níorbh am amú in aon chor é. Is minic gur fairsinge an t-eolas a bhaileofá ó bheith ag iniúchadh léarscáile seachas a bheith ag léamh cuntais scríte nó tuarascála a thiocfadh a bheith leamh go deo.
Tá daoine ann agus níl tuiscint dá laghad acu ar chúrsaí treo, ar thoir seachas ar thiar. Ní cúrsaí intleachta é sin, ach easpa fríde éigin nár bronnadh orthu. Is mór an gar dóibh é an satnav sa chairt, nó an fón póca ag siúl na slí. Ach ní léarscáil mar threoir atá i gceist agam, ach mar áis eolais, mhachnaimh nó samhlaíochta.
Gan amhras, is é an leas is mó a bhaintear as an léarscáil ná go díreach féachaint cá bhfuil tú ag dul mura bhfuil acmhainn treo agat ó dhúchas i do scairt istigh. Ní thaispeánann an satnav duit ach an t-eolas is loime, an bóthar díreach chun na sprice. Is samhalta é le bheith ag léamh leathanaigh cheoil gan éisteacht leis, nó achoimre ghairid próis ar dhán álainn, nó éispéireas mistéireach a chúngú isteach sa chaiticeasma. I gcás léarscáile, feiceann tú gach rud máguaird de gach leith, na bailte beaga ar féidir cuairt a thabhairt orthu (nó a sheachaint), a bhfuil laistiar de na sléibhte sin a bhfuil na scamaill os a gcionn, an tírdhreach go léir fad a ritheann a thugann scóip agus fairsinge duit seachas an líne aonair gan dath.
Eiseamláir is ea mapaí míorúilteacha Tim Robinson d’ealaín na léarscáilíochta. Léiriú iad ar a shaibhre is atá gach aon leadhb thalún, go fiú mura bhfuil ann, de dhealramh, ach criathrach agus ruaiteach. Conas nach bhféadfá tamallacha fada a chaitheamh os cionn léarscáile a bhfuil ainmneacha chomh diamhair le Loch Coisméig an tSionnaigh, Loch an Dá Eala, Carraig Dhá Mhiú, Gabhal na Muice, Snámh Bó agus na céadta eile ag princeam inti?
Ach is féidir le léarscáil ár dtuiscint ar an domhan a chur bunoscionn, leis. Is é sin, tóin thar ceann go litriúil féin. Is cuimhin liom léarscáil a dhear Astrálach éigin ina raibh an ilchríoch ghainmheach acu féin planctha i dtuaisceart an domhain agus an Áise agus an Eoraip dá réir ‘thíos faoi.’ Bhíodh a leithéid ag na Rómhánaigh le linn a réime, an orbis terrarium, ina raibh an chathair impiriúil ina cheartlár istigh, agus gach áit eile ar sileadh uaithi amach.
Is mór an spraoi iad aon léarscáil a léiríonn an stair. San Eoraip féin is gairid go mbuailfí isteach id aigne nach bhfuil an Albáin, ná an Bhulgáir, ná an Bhoisnia inniu san áit a mbíodh siad tráth, go raibh an Liotuáin i bhfad níos raimhre ná mar atá an gaimbín di anois (go deimhin bhí Cív inti uair amháin), go raibh tíortha ar nós Livonia, Ruthenia, Svábia lán neartmhar ach gur imigh le puth na staire gan trácht. Níl sna teorainneacha atá ann inniu ach construáil shealadach go dtí go dtagann an chéad chogadh eile.
Áis samhlaíochta is ea an léarscáil chomh maith. Ní ag trácht ar na cinn a cheap scríbhneoirí chun domhain dá gcuid féin a chur in iúl ar nós Tolkien nó Thomas Moore atáim, ach a mhúsclódh smaointe maidir le leagan eile den saol. Abraimis, conas mar a bheadh an Afraic inniu dá mba nár ghearr na cumhachtaí Eorpacha suas í ag Comhdháil Bheirlín sa bhliain 1884?
Níos suimiúla fós, conas mar a bheidh an domhan i gceann dhá chéad bliain eile má leanann le téamh an atmaisféir agus má mhéadaíonn ar airde na bhfarraigí? Tógtar amach do léarscáil bhán féin agus cruthaigh dreach na haimsire atá romhainn. É seo mar cheacht baile.